Uisce faoi tháille

Déantar dearmad de go bhfuil daoine ag íoc as uisce cheana féin


Shílfeá tar éis a bhfuil cloiste faoi tháillí uisce sa Stát seo le tamall nach raibh éinne sa Stát ag íoc as uisce go dtí seo.

Is é fírinne an scéil é ná go bhfuil – tá gnónna ag íoc agus tá a lán tithe príobháideacha faoin dtuaith ag íoc as freisin.

Nuair atá caint ar siúl faoi uisce saor in aisce mar cheart daonna, ní chloisfidh tú aon ghrúpa nó páirtí ag caint fúthu sin nó ag cosaint a gceart.

I gcás na dtithe príobháideacha bheidís fós ag dul ag an tobar dá mbeidís ag fanacht leis na húdaráis áitiúla nó le páirtithe polaitiúla, cuma iad a bheith ar son nó in aghaidh táillí uisce.

READ MORE

Bhí ar na pobail féin an soláthar uisce a eagrú, comharchumainn agus grúpscéimeanna uisce a bhunú agus dul ó theach go teach chun an coincheap a dhíol agus airgead a bhailiú. Obair gan bhuíochas a bhí i gceist go minic ach d’éirigh leo.

Fuair na grúpaí deontais i gcabhair ón Rialtas ach ní raibh éinne ach iad féin sásta tabhairt faoin obair.

Nuair a cuireadh rialacha nua comhshaoil agus caighdeáin i bhfeidhm bhí orthu tabhairt faoi thuilleadh airgid a bhailiú chun na córais a uasdhátú le caighdeán an uisce a chinntiú. Tá an-chreidiúint ag dul dóibh siúd a bhí sa ghrúpscéim ón tús agus a rinne an bhunobair agus an bhun-infheistíocht.

Íocann gach éinne ar an scéim táillí bliantúla don teach agus más feilméar tú íocann tú táille bhreise don fheilm.

Tá na táillí sin ardaithe go mór le blianta beaga anuas. Nuair atá tú ag caint faoi €300 do theach agus feirm, ní miontáillí atá i gceist.

Anuas air sin, aon teach úr a théann ar an gcóras bíonn othu thart ar €1,800 de tháille ceangailte a íoc.

Tharla an t-ardú diaidh ar ndiaidh agus chuaigh daoine i dtaithí air cé nach bhfáiltíonn éinne roimh bhillí.

Ba cheart na táillí sna cathracha agus sna bailte móra a bheith tosnaithe blianta ó shin, iad íseal agus in-íoctha agus ní bheadh an clampar céanna fúthu.

Géilleadh don fheachtas frith-tháillí cheana ag tús na 1990í ach, nuair a bhí an Tíogar Ceilteach in ard a réime, ba cheart iad a bheith tosnaithe.

An deacracht don Rialtas seo ná go bhfuil siad anois ag tosnú le billí sách ard in am a bhfuil daoine buailte ag an déine.

An cur chuige agus an t-am atá lochtach seachas an coincheap. Ní mór don Rialtas aghaidh a thabhairt air seo anois agus gan géilleadh mar gheall ar imní toghcháin.

Pé faoiseamh cánach nó leasa shóisialaigh atá ar fáil i leith na dtáillí nua caithfear iad a bheith ar fáil do lucht na ngrúpscéimeanna freisin nó leathnóidh an scoilt idir tuath agus cathair.

Bhí an scoilt sin iontach soiléir an tseachtain seo caite sna fothoghcháin, Paul Murphy ag áiteamh gan táillí a íoc agus Michael Fitzmaurice a bhfuil baint aige féin le grúpscéim ag rá nár cheart íoc as uisce truaillithe – ach gan é a bheith ag tabhairt an eiteachais do tháillí.

Priacal páirtí

Níl aon cheann de na páirtithe róshásta leis na torthaí fothoghcháin.

Táthar uilig anois ag faire chun tosaigh ar olltoghchán atá á thuar d’Fhómhar 2015. Síltear go mbeadh sé ina bhuntáiste do Shinn Féin dá bhfágfaí é go dtí Earrach 2016, díreach roimh cheiliúradh an Éirí Amach, rud nach dteastódh ón Taoiseach.

Bhí na meáin agus ag na páirtithe féin ag tuar gur ag Fianna Fáil agus Sinn Féin a bheadh an dá shuíochán agus cé gurb iad araon a bhí ar bharr an chuntais, bhuail neamhspleáigh iad.

Glacadh leis nach raibh seans ar bith ag Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath. Ach bhíodar muiníneach go n-éireodh le Ivan Connaughton i Ros Comáin/Liatroim, rud a chruthódh go raibh téarnamh ag tarlú.

Tá díospóireacht tosnaithe acu faoin toradh. Má táimid i bhfoisceacht bliana d’olltoghchán, bheadh sé dúshlánach ag páirtí ar bith a bheith ag athrú ceannaire. Mar sin féin, is léir go bhfuil ceisteanna á n-ardú faoi Mhicheál Martin.

Cé go bhfuil siad diomúch nár éirigh le Cathal King níl aon cheist faoi athrú ceannaire i Sinn Féin. Mhéadaíodar líon na vótaí sa dá thoghlach ach ní chinnteoidh sin suíocháin bhreise dóibh san olltoghchán.

Le Paul Murphy anois ina Theachta i mBaile Átha Cliath Thiar/Theas beidh vóta na heite fíorchlé á roinnt acu leis.

Cé nach dóigh go mbeidh dhá shuíochán ag an Lucht Oibre ansin arís, beidh sé deacair ag Sinn Féin le 30 faoin gcéad den vóta an dara ceann a fháil.

Ní raibh éinne ag súil go mbuafadh na páirtithe Rialtais suíochán i gceachtar toghlach ach bhí fíor-dhrochlá acu. Tabharfar seans do cheannaire nua an Lucht Oibre í fein a chruthú. Caithfidh, áfach, go bhfuil míshuaimhneas i bhFine Gael le Enda Kenny, ní díreach faoi na torthaí toghcháin ach leis an chaoi ar láimhseáil sé an fothoghchán Seanaid.

Beidh an bhliain amach romhainn suimiúil.