Tuarascáil: Cúis na teanga le cur chun cinn trí dhífhostaíocht

Wed, Jul 17, 2013, 07:42

Tá 18 oibrí teanga – ar a laghad – lena gcuid postanna a chailleadh faoi mhúnla úr maoinithe Fhoras na Gaeilge. D’fhógair an foras agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas an tseachtain seo caite go raibh córas nua maoinithe le cur i
bhfeidhm leis na heagrais dheonacha.

Beidh 6 “cheanneagraíocht” freagrach as Gaeloideachas; oideachas in earnáil an Bhéarla; forbairt phobail; deiseanna leis an Ghaeilge a úsáid; ardú feasachta agus forbairt deiseanna do dhaoine óga leis an teanga a úsáid.

Leanfaidh Foras na Gaeilge le maoiniú na n-eagras mar atá siad go dtí Iúil 2014. Is faoi na ceanneagraíochtaí amháin a bheidh sé an obair a chur i gcrích ina sainréimsí ina dhiaidh sin agus tá
cainteanna ar siúl idir an foras agus grúpaí faoin mhúnla faoi láthair.

D’eisigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ráiteas inné a bhí duairc go maith faoin phróiseas céanna: “... cén todhchaí a d’fhéadfadh a bheith ann d’eagraíocht nach roghnaítear mar cheanneagraíocht? Iarrfar léirithe spéise ó dhreamanna chun feidhmiú mar cheanneagraíocht, ach ní fios go fóill cén cineál tacaíochta a d’fhéadfadh an cheanneagraíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí eile, nó cén struchtúr don chineál seo tacaíochta a bheadh
inghlactha ag Foras na Gaeilge.”

Thug Gael Linn le fios gur bheag baint a bhí ag an earnáil dheonach leis an socrú nua agus gur dheacair a fheiceáil cad é mar a réiteofaí na heagrais ar fad – 16 faoin socrú nua – leis an chur chuige nua.

Thug preasráiteas caithréimeach an fhorais le fios go raibh “deireadh anois leis an éiginnteacht maidir leis an todhchaí, éiginnteacht a bhí ag cothú míshuaimhnis, imní agus
deacrachtaí” ó bhí 2008 ann. Faraor, níor luaithe an ráiteas eisithe go raibh
ceannasaí an fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, ar Raidió na Gaeltachta ag rá go bhfaigheadh 18 duine san earnáil
dheonach bata agus bóthar faoin scéim úr.

Cibé rud a bhí sa ráiteas, thug caint Mhic an Fhailigh droim láimhe leis an nóisean go raibh deireadh le
míshuaimhneas, imní agus deacrachtaí. Caillfear 18 post de réir a mheastúcháin féin. Beidh tionchar aige sin ar na daoine iad féin, ar fhorbairt na teanga agus ar neamhspleáchas na hoibre.

Chuirfeá ceist ort féin gan amhras cad é mar a chuirtear an Ghaeilge chun cinn sa phobal agus níos lú daoine ag plé léi?

Níl an t-uafás daoine i mbun oibre cheana féin (81 duine de réir an fhorais/tuairim is 60 de réir bharúil neamhoifigiúil na hearnála deonaí); is minic iad ag cur seirbhísí ar fáil de bharr nach bhfuil siad ar fáil ón Stát (nó ó na stáit!) agus caillfear a dtaithí agus a dteagmháil leis an phobal.

Lena chois sin, beidh plé ar siúl idir na heagrais iad féin agus idir na heagrais agus an foras le teacht ar struchtúr nua. Sin bliain eile cainte, éiginnteachta agus gearán agus cá bhfios cad é an chuma a bheidh ar chúrsaí teanga faoin am sin?

Tá dhá ghrúpa nua “uile-Éireann” le bunú fosta – “Fóram Comhpháirtíochta” le “comhoibriú agus comhphleanáil” a dhéanamh idir na ceanneagraíochtaí agus an foras agus “Fóram Forbartha Teanga” a bheidh “comhdhéanta de ghrúpaí agus eagrais phobail” atá maoinithe ag an fhoras.

Ní deacair a fheiceáil go bhfuil leibhéal eile maorlathais cruthaithe leis na fóraim; is beag ciall atá leo. Cad chuige a mbeadh gá le fóram comhpháirtíochta idir na ceanneagraíochtaí agus an foras nuair atá siad ag plé le chéile cheana féin? An bhfuil cruinniú roimh an chruinniú de dhíth? Ná níl buntáiste ar bith le fáil as “fóram forbartha teanga” nuair is iad na
ceanneagraíochtaí a bheidh ag plé leis an ghné sin cibé ar bith.

Dá olcas ráiteas an fhorais, ámh, ba mheasa arís an ceann a d’eisigh Sinn Féin thar ceann a n-aire cultúir i dTionól Thuaisceart Éireann, Carál Ní Chuilín. Preasráiteas dátheangach a bhí ann agus bhí dhá theachtaireacht le fáil sa dá theanga oifigiúla. Thug an ráiteas Gaeilge le fios “Fáiltíonn Sinn Féin roimh
cinneadh (sic) Foras (sic) na Gaeilge” agus an ceann Béarla “Sinn Féin welcomes funding for Irish language groups”.

D’fhógair an ráiteas Gaeilge gur “céim dearfach (sic)” a bhí i gceist leis an
athstruchtúrú – abair sin leis na daoine atá le bheith dífhostaithe go dearfach – agus cháin siad “na ciorraithe (sic) le maoiniú Foras (sic) na Gaeilge uaidh (sic) an rialtas ó Dheas”. Ach tá an ciorrú seo i ndiaidh tarlú agus Sinn Féin mar chuid den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas atá freagrach as an ghearradh siar!

Bhí líne chaointeach sa ráiteas Béarla inar dúradh: “Caral Ní Chuilinn (sic), Sinn Féin minister for arts, culture and leisure in the North, has not cut funding to Foras na Gaeilge and was instrumental in negotiating the best outcome for core-funded organisations.”

Oibrithe teanga dífhostaithe. Tuilleadh maorlathais agus cainte gan bhrí. Bliain eile achrainn – ar a laghad – agus forbairt na teanga curtha ó mhaith go ceann bliana eile – ar a laghad. Is maith nach raibh an t-outcome ba mheasa ann, mar sin!

Agus, taobh thiar den bhladhmann ar fad, tá an Ghaeilge sa Ghaeltacht ag saothrú an bháis agus, a luaithe agus a bheidh sí imithe, beidh deireadh leis an chur i gcéill ar fad.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.