Tuairisc.ie ag earcú foirne dá seoladh

Iriseoirí de dhíth ar fhoilseachán ar líne

Seolfar an suíomh idirlín nuachta Tuairisc.ie ag tús mhí Dheireadh Fómhair agus tá lucht na seirbhíse nua ag earcú foirne faoi láthair.

Ba é Tuairisc.ie a bhuaigh an comórtas a reachtáil Foras na Gaeilge níba luaithe i mbliana chun ‘nuachtán’ Gaeilge ar líne a sholáthar go ceann ceithre bliana.

D’fhógair Tuairisc.ie inné ar an suíomh sealadach atá acu ag www.tuairisc.ie go raibh folúntais ann leis an tseirbhís nua d’iriseoir agus d’iriseoir faoi oiliúint.

Dúirt eagarthóir Tuairisc.ie, Seán Tadhg Ó Gairbhí, le Bileog inné go raibh an chroífhoireann sásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir leis na hullmhúcháin do sheoladh na seirbhíse: “Táimid ag obair ó dhubh go dubh faoi láthair chun a chinntiú go mbeidh Tuairisc.ie chomh slachtmhar is a d’fhéadfadh sé a bheith nuair a thiocfaidh sé ar an saol faoi cheann sé seachtaine nó mar sin.

READ MORE

“Táimid an-bhuíoch gur tugadh an deis seo a dúinn agus táimid ag súil go mór leis agus sinn ag obair ar ghnéithe éagsúla den suíomh faoi láthair.”

Freastlóidh Tuairisc.ie ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn agus thar lear, a dúirt sé: “Táimid ag iarraidh seribhís nua-aimseartha agus spreagúil a chur ar fáil dár bpobal ach, ag an am céanna, tá fúinn bunphrionsabail na dea-iriseoireachta a thabhairt linn chun an ardáin nua seo.”

Tá caint le fada go bhfuil seirbhís nuachta i nGaeilge ar líne le forbairt ag Nuacht RTÉ/TG4 agus TG4, ach dúirt eagarthóir Tuairisc.ie nár ghá go mbeadh an dá shuíomh róchosúil lena chéile: “Ní bheidh againn ach acmhainní teoranta i gcomparáid le RTÉ agus dá bharr sin beidh orainn a bheith samhlaíoch agus seiftiúil le cinntiú go mbeidh ár seirbhís éagsúil le haon rud eile atá ar fáil. Caithfimid cúis mhaith a thabhairt dár bpobal cuairt a thabhairt orainn.”

Is i mBearna a bheidh oifig Tuairisc.ie lonnaithe mar gurb í sin an t-aon cheantar i nGaeltacht Chonamara a bhfuil fáil ann ar sheirbhís leathanbhanda ar ardluas: “Bhíomar ag féachaint ar oifigí éagsúla le tamall anuas agus ag plé le hÚdarás na Gaeltachta a thug gach cabhair dúinn, ach mar gheall gur tionscnamh ilmheáin ar líne atá i gceist teastaíonn córas leathanbhanda ar ardluas.”

Dúirt an t-eagarthóir go mbeadh tuilleadh eolais faoi Tuairisc.ie á scaipeadh sna seachtainí amach romhainn ar na meáin shóisialta agus in áiteanna eile.

PÓL Ó MUIRÍ

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times