Tuairisc ar sheirbhís nua nuachta

‘Seirbhís a mbeidh daoine bródúil aisti’

“Táimid an-bhuíoch an deis a fháil seirbhís nuachta ar líne a chur ar bun,” a dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir na seirbhíse nua nuachta ar líne, Tuairisc.ie le Bileog inné.

Iar-eagarthóir ar Foinse é Ó Gairbhí, eagarthóir reatha na hirise Comhar é agus is minic é ag scríobh don nuachtán seo.

An bhfuil sé ag súil le tabhairt faoin tionscnamh?

Déanann sé gáire: “Beidh obair mhór i gceist ach tá súil againn nuair atá deireadh déanta go mbeidh seirbhís ar líne ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go mbeidh siad ábalta brath uirthi agus a bheith bródúil aisti.”

READ MORE

Cad é an cruth a bheidh ar an fhiontar nua; an ionann luachanna agus cúraimí na hiriseoireachta i gcló agus na hiriseoireachta ar líne? “Creidimid go láidir i luachanna traidisiúnta na hiriseoireachta agus is é an príomhchúram a bheidh orainn ná tuairisceoireacht théagartha agus tráchtaireacht léargasach a chur ar fáil dár bpobal. Ach deis atá anseo chomh maith iriseoireacht scríofa na Gaeilge a chur i láthair an phobail ar bhealach nualaíoch agus spreagúil.

“Bunaithe ar an bhfocal scríofa a bheidh formhór d’ábhar Tuairisc.ie ach beidh ábhar físe agus fuaime againn chomh maith agus seirbhís ilardán agus idirghníomhach a bheidh ann.”

Ní beag an dúshlán é léitheoirí a spreagadh as an úr arís? Dúirt sé go raibh “bearna ann le tamall ó thaobh na hiriseoireachta scríofa agus is fúinne atá sé an bhearna sin a líonadh agus pobal léitheoirí dílis a mhealladh go dtí Tuairisc.ie. An tslí is fearr chun é sin a dhéanamh ná a chinntiú go mbeidh ábhar ar ardchaighdeán ar fáil ar an suíomh agus go mbeidh an t-ábhar sin éagsúil óna bhfuil ar fáil cheana féin ar shuíomhanna eile.

“Ní bheidh ar ár gcumas dul in iomaíocht go díreach le suíomhanna móra an Bhéarla mar nach mbeidh na hacmhainní céanna againn. Ach creidimid gur féidir linn freastal ar leith a dhéanamh ar phobal na teanga ó thuaidh, ó dheas agus thar lear ach a bheith seiftiúil agus samhlaíoch”.

Conradh ceithre bliana €1.2 milliún a fuair Tuairisc.ie ó Fhoras na Gaeilge leis an tseirbhís nua a chur ar fáil.

Beidh an comhlacht lonnaithe ar an Spidéal i gConamara agus rún acu míreanna nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta, tuairimíocht agus anailís a chur ar líne, ábhar a bheidh le fáil ar ardáin dhigiteacha éagsúla, idir ríomhairí agus fóin chliste. Tá an tseirbhís nua le bheith ar fáil faoi dheireadh an tsamhraidh.

PÓL Ó MUIRÍ