Toghchán ar ceant

Ní bheidh deireadh go luath leis an raic i bPáirtí an Lucht Oibre


Sa tréimhse tar éis don tóin titim as an eacnamaíocht, bhí an pobal ag fiafraí cén fáth nár aithin na saineolaithe an chontúirt?

Sháraigh sé cumas creidiúna daoine go bhféadfadh tubaiste chomh mór leis sin tarlú ar chor ar bith.

Ach go dtarlódh sé gan éinne oilte chun foláireamh a thabhairt?

Ar ndóigh, mar a fuaireamar amach, bhí siad ann a rinne iarracht comhairle chríonna a chur orainn—tráchtairí ar nós Morgan Kelly agus David McWilliams.

READ MORE

Ar an drochuair, níor chualthas iad thar ghleo na cóisire a bhí ar siúl agus nuair a cuireadh a dtuairimí faoi bhráid an rialtais ag an am, rinneadh díspeagadh orthu.

Tamall gearr ó shin, thug an Chomhairle Fhioscach Chomhairleach le fios gurbh ábhar buartha é an méadú ar chaiteachas don mbliain a bhí fógartha sa gcáinaisnéis.

Bhí sé le tuiscint as an anailís a rinne an CFC go raibh an Rialtas ag caitheamh airgid nach raibh acu go cinnte.

Sa deireadh thiar, cá bhfios cad é atá ag tarraingt orainn amach anseo – go háirithe ó thaobh na cánach corparáidí de agus is aisti sin a bhí an tAire Airgeadais Michael Noonan ag tarraingt na bpingneacha breise.

Ar ndóigh, níl aon bhall den CFC ag seasamh i dtoghchán i gceann cúpla mí. Ach bhí teachtaireacht curtha acu gur aithin siad an cluiche. Ní dócha go raibh iontas orthu nuair a tugadh an chluas bhodhar dóibh.

Tá guth nó dhó curtha leis an imní seo ó shin agus is guthanna údarásacha iontaofa iad.

Go simplí tá siad ag moladh gan a bheith ag brath ar fhás eacnamaíoch aon oíche, ar theacht isteach nach mbeidh ann, b’fhéidir, amach anseo.

Ní hé go bhfuil tubaiste láithreach ag bagairt orainn. Ach tá filleadh an mheoin thraidisiúnta gur féidir toghchán a cheannach ag lasadh na soilse dearga.

An iarraidh seo, ar a laghad, tá duine éigin ag faire. Ná bíodh sé le rá nár dúradh linn. Mar i ndeireadh na dála, is cor beirte é seo. Má éiríonn leis an gcleas, tá muidne, nó cuid mhór den bpobal, páirteach sa mhífhreagracht.

Róluath atá sé chun a mheas chomh maith agus a d’éirigh leis an gcáinaisnéis mar bhreab. Inseoidh tús na bliana nua nuair a thiocfaidh cuid mhaith de na hathruithe i bhfeidhm.

Pob albhreith

Ach de réir na pobalbhreithe is déanaí, bhain Fine Gael borradh éigin as ag 30 faoin gcéad.

Ach fágadh Páirtí an Lucht Oibre in áit na leithphingne mara raibh sé.

Ní fheadar cad is féidir leis an Lucht Oibre a dhéanamh chun cailliúint mhór a sheachaint san olltoghchán. Is léir anois nár chuir an t-athrú ceannaireachta aon tacaíocht bhreise leis an bpáirtí.

Is léir nach bhfuil Joan Burton ag dul i bhfeidhm. Bhí cur i láthair i bhfad níos fearr ag Eamon Gilmore sa Dáil.

Feictear do go leor tráchtairí gurb éagóir í go bhfaigheadh an Lucht Oibre an chuid is mó den milleán faoi chinntí ar chiorruithe agus faoi chealadh seirbhísí – cinntí a rinne siad i gcomhpháirt le Fine Gael a thagann slán as.

Ach bhíonn lucht vótála an Lucht Oibre ag brath ar sheirbhísí stáit agus ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh i bhfad níos mó ná lucht leanúna Fhine Gael.

Cé gur féidir leis an Lucht Oibre a mhaíomh go bhfuil bun-íocaíochtaí leasa shóisialaigh cosanta acu in aghaidh thoil Fhine Gael, bhí a lucht vótála ag súil le tuilleadh.

Tuigeann daoine nach aon chúiteamh é an dornán euro breise a gheobhaidh siad as an gcáinaisnéis i gcomparáid leis an méid atá á íoc acu i gcánacha nua a tugadh isteach ceann i ndiaidh a chéile.

Raic

Ní haon chuidiú é an raic is déanaí faoi dhoiciméad anailíse inmheánach de chuid an pháirtí a sceitheadh leis na meáin agus a léirigh go gcaillfeadh siad 20 suíochán sa toghchán. Ainmníodh an tAire Cumarsáide Alex White, an t-aire sóisearach Seán Sherlock agus Michael McCarthy TD sa doiciméad mar thriúr a chaillfeadh a suíocháin.

Ba í tuairim na coitiantachta sa bpáirtí parlaiminteach gurbh é an tAire Alan Kelly a sceith an t-eolas chun a bhealach chuig an cheannaireacht a réiteach dó féin.

Shéan an tAire Kelly na líomhaintí seo go láidir ar Morning Ireland Dé Luain.

Dúirt sé nach raibh a fhios aige fiú go raibh a leithéid d’anailís ann.

Ní dócha go maolóidh sé seo an t-amhras atá ar bhaill an pháirtí faoin eachtra seo.

Tá drochbhlas fágtha i mbéal a chuid chomhleacaithe nach rachaidh chun a leasa amach anseo.

Ní hé gur réaltán de chuid an Rialtais seo é. Sna réimsí móra atá faoina chúram – tithíocht, smacht ar chíos, daoine gan dídean, agus táillí uisce – níl na cuspóirí a d’fhógair sé bainte amach aige.

Fear mór buaileam sciath é Kelly agus beidh air an sciath a choinneáil an-ghar dó feasta.

Ag caint faoin sceitheadh scéil, dúirt an tAire Caiteachais, Brendan Howlin, fear staidéarach de ghnáth: “Is neascóid í seo a ba chóir a lansú.”

Léiríonn an ráiteas feargach sin an nimh atá anois sa bhfuil i measc a chomhleacaithe agus b’olc an mhaise don Aire Kelly a bheag a dhéanamh de.

Níl deireadh leis an raic seo.