Tobac tógtha ag an tSeirbhís Custaim

Cuardach déanta

D’urghabh oifigigh den tSeirbhís Custaim níos mó ná 7,000 toitín agus 77kg de thobac, le luach míondíola níos mó ná €38,000, i lárchathair thuaidh Bhaile Átha Cliath, inniu. Fuarthas na toitíní – de bhranda “Kingdom”, “Mayfair”, “Marlboro”, “Dorchester” agus “Golden Eagle” agus an tobac – de bhranda “Samson” agus “Eastenders” – nuair a rinneadh cuardach ar fhoirgneamh. Tá fiosrúcháin ag leanúint ar aghaidh. Má tá eolas ar bith ag an phobal nó ag gnólachtaí faoi smugláil toitíní nó tobaic, tig leo teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi dhiscréid ar a Saorfón Rúnda: 1800 295 295.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times