Tiarnas an domhain agus airgead measúil

Tá dearmad déanta gur seirbhís phoiblí atá sa bhaincéireacht

Fuair mé foirm le líonadh an lá cheana. Ceann de na foirmeacha sin a mbíonn ort finné iontaofa a bheith agat le deimhniú gur tusa tú féin.

Bhí na gnáthamhrasáin ann – Coimisinéir Mionn, Feidhmeannach Síochána, Dochtúir, Dlíodóir, Cuntasóir, Neach de chuid na Cléire, ball den Gharda, agus thiar in eireaball an liosta bhí
Oifigeach Bainc.

Is dócha gur oidhreacht í sin den uair nuair nach mbíodh ach dorn fánach de dhaoine a raibh léamh agus scríobh acu sa bhaile beag. Bhí siad go léir “measúil”.

Is lánait go mbeadh an “mheasúlacht” sin fós ag rith le baincéirí (agus b’fhéidir le cuid eile de na gairmeacha chomh maith), ach b’ait lena lán againn riamh é.

READ MORE

Féach leat siar ar do laethanta scoile féin, agus cuimhnigh ar na daoine ó rang sin na hardteistiméireachta a chuaigh le
baincéireacht.

Níorbh iad na daltaí ba ghéire éirim iad, is cinnte, ná ba mhó gus agus griongal; ba mhinic iad leamh, ciúin, anaithnidiúil, caoinbhéasach, sleamhainchúiseach agus i lár an tsrutha.

Chuaigh siad go mear le galf is le clubanna i bhfad sularbh eol do dhaoine eile a leithéid a bheith ann.

Ach thar aon rud eile, mar adeireadh Séamas Ó Grianna mar gheall ar Nábla nó faoi Róise éigin i dTír Chonaill, “d’aithneodh siad an difear idir pingin agus dhá phingin”.

Is é is iontaí ná go raibh alltacht ar dhaoine. Baineadh geit as Enda, d’éirigh a chroí ar Gilmore, bhain sé léim as Howlin, thóg sé Bruton óg ó thalamh, bhí uafás ar Angela, déistin agus bréantas agus masmas agus gráin ar phobal na tíre lasmuigh den bheagán sin a thuigeann meon lucht airgid.

Leipreacháin is ea na baincéirí a bhfuil potaí óir acu agus níl siad sásta a rá cá bhfuil siad i bhfolach acu. Go fiú is dá mbéarfaí orthu agus dá bhfáiscfí iad, bheadh cleas acu chun teacht slán.

Namhaid don saol poiblí is ea na bainc phríobháideacha, faolchúnna ar mhachairí méithe na polaitíochta i gcultacha moncaí le gunnaí ina bpócaí thíos. Bhí siad mar sin riamh, a bheag nó a mhór.

Dúirt Abraham Lincoln le linn an chogaidh chathardha sna Stáit Neamhaontaithe: “Tá dhá mhórnamhaid agam. Arm an Deiscirt os mo chomhair amach, agus arm na mbaincéirí ar mo chúla. Den dá cheann acu, is í an namhaid ar mo chúla an ceann is measa. Nuair atá saibhreas tíre i lámha an bheagáin is baol don Phoblacht.”

Chuaigh sé ar aghaidh á rá gurb iad corpráidí móra an chumhacht ba mhó sa tsaol agus gur cheart go mbeadh smacht an airgid i lámha an rialtais amháin; agus mar stiall de shlait dheiridh: “Sa chás sin (smacht an airgid i lámha an rialtais) bheadh deireadh le hairgead mar mháistir ar an daonnacht, agus tús le hairgead mar sheirbhís do na daoine.”

Ní shílim go raibh na focail sin sa scriopt ag Daniel Day Lewis sa scannán Lincoln, nó má bhí i dtosach, is dócha gur díbríodh iad.

Is é oighear diachrach an scéil é nach bhfuil aon scil faoi leith uait le dul le
baincéireacht.

Ní gréasaíocht í, ná
siúinéireacht, ná altramacht, ná meicneoireacht, ná
pluiméireacht.

Ní chothaíonn sí airgead mar a dhéanann lucht gnó, ní oileann daoine mar a
dhéanann múinteoirí. Ní leigheastar othair ar nós dochtúirí.

Ní líontar poill mar
fhiaclóirí. Déanann siad airgead a shuathadh mar a dhéanann fear gill na cártaí pócair a shuathadh oíche dhorcha ghealaí duibhe.

D'fhéadfadh duine ar bith leathmheabhrach ar bheagán litearthachta le táblaí
bunscoile buailte isteach ina chloigeann dul le
baincéireacht.

Is é cnó na laige sa
díospóireacht faoi láthair ná nach gcuirtear an cheist domhain go leor. Cén saghas fiosraithe ba cheart dúinn a bheith againn is ea an cheist mhór: Coiste Dála, Binse Fiosraithe, Coimisiún na Fírinne, an dlí féin?

Is den riachtanas go gcuirfí fiosrú éigin ar bun, ach ná ceapadh aon duine go rachfar go bun na dúide leis mar scéal. Tír bheag í stáitín Éireann agus aon chumann amháin iad na polaiteoirí, na dlíodóirí, na cuntasóirí, na rialóirí, na heacnamóirí, na galfadóirí.

Níltear chun bibíní na bunaíochta a shalú gan starrfhiacla a stoitheadh aníos le fearg. In ainneoin fhearg láthair na huaire, táimid gann ar phionsúir.

Is í an cheist níos domhaine fós nach gcuirtear ná gnó na baincéireachta féin. Seirbhís phoiblí atá sa bhaincéireacht sa chéad dul amach, ach níor chreid an Rialtas, ná na meáin, ná lucht gnó sa tseirbhís phoiblí, ná sa tSeirbhís Phoiblí.

Tá deachma an easpa chreidimh sin á fhulaingt againn ó shin.