Tiúineanna nua ag Tristan na nAmhrán Mór

Beidh Eagarthóir nua Liteartha Comhar, Tristan Rosenstock, i mbun cainte Dé hAoine. “Bláthú: Scríbhneoireacht Amhrán na Gaeilge” an t-ábhar a bheas faoi chaibidil aige le beirt d’aos dána, Marcus Mac Conghail agus MC Muipéad.

Beidh siad ag caint ar cheird na scríbhneoireachta amhrán agus tá alt acu beirt ar an ábhar céanna ar eagrán na míosa seo de Comhar, eagrán mór na n-amhrán.

Le cois na beirte, tá Iarla Ó Lionáird, amhránaí, faoi agallamh ag Rosenstock agus iad ag caint ar ré ina mbíodh an t-ómós céanna ag dul don amhrán agus don dán araon.

Scríobhann fear Imram, Liam Carson, litir oscailte chuig Bob Dylan, á rá leis go bhfuil scata filí agus scríbhneoirí amhrán Gaeilge faoina anáil.Tugann an t-eagrán reatha le fios gur faoi bhláth atá scríbhneoireacht amhrán na Gaeilge agus tá míreanna le cumadóirí a bhfuil amhráin pop, rap, rac, agus amhráin tíre á gcumadh acu. Mura leor sin, tugann John Spillane, ceoltóir, ceacht sa chumadóireacht don léitheoir agus, deirtear, má leanann an léitheoir na seacht gceacht go mbeidh amhrán dá gcuid féin acu. (Ní fada go mbeidh Amhrán an Iriseora Uaignigh cumtha agam!)

READ MORE

Tá Comhar ar fáil sna siopaí agus ar líne agus is mar chuid d’Fhéile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath a bheidh ócáid na hAoine ar siúl in Éigse Éireann, 11 Cearnóg Pharnell, BÁC 1, ag 7pm.

Eolas: www.ilfdublin.com

póm

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times