Tacaíonn Paul Muldoon leis an iris, An tUltach

Léirigh an file Paul Muldoon a thacaíocht don iris, An tUltach, agus é ar cuairt in Ard Mhacha an tseachtain seo caite.

Foilsíodh a chéad iarrachtaí filíochta ar an iris. Bhronn lucht na hirise póstaer den eagrán ina raibh an saothar agus mhol Muldoon d’Fhoras na Gaeilge maoiniú a chur ar fáil don mhíosachán.

Cuireadh a chuid dánta i gcló san iris sa bhliain 1969 agus é ina dhalta scoile in Ard Mhacha.

Mhol sé an obair a rinne an iris ó shin: “This is a magazine that plays a vigorous and vital role in helping Ireland understand itself.”

READ MORE

Duirt Réamonn Ó Ciaráin, ball coiste de chuid na hirise, go raibh áthas air bualadh le Muldoon agus deis a fháil labhairt leis faoin obair a bhí ar siúl acu.

D'agair Ó Ciaráin ar Fhoras na Gaeilge airgead a chur ar fáil don iris agus d'irisí eile ar nós, AnTimire.

Bhí an iris tábhachtach "in éabhlóid liteartha na Gaeilge i gCúige Uladh le chóir a bheith 100 bliain agus leis an tacaíocht cheart ón Rialtas is féidir leis An tUltach a bheith ina lóchrann geal do thodhchaí na litríochta i gcanúint Chúige Uladh do na glúnta atá le teacht. Ní hacmhainn dár dteanga náisiúnta dhúchais an saibhreas atá le fáil ar An tUltach gach mí a chailliúint".