Tá (19) mí na meala thart - ar fad
Bíonn tréimhse ama ag tús téarma rialtais ina dtugtar maithiúnas don dream nua. D’fhéadfaí mí na meala a thabhairt air ach ní oireann an nath mar chur síos i nGaeilge ar an mbealach a oibríonn ‘honeymoon’ agus tú ag caint faoi rialtas nua i mBéarla.
Sa chéad dul síos, ní mí atá i gceist ach trí mhí de ghnáth – nó an chéad chéad lá. Ach i gcás an chomhrialtais seo, shín an tréimhse i bhfad ní b’fhaide ná sin; ó mhí an Mhárta 2011 go dtí thart ar 2.30pm, 5ú lá de mhí na Nollag, 2012.
Tá cúiseanna maithe go raibh mí na meala i bhfad Éirinn ní b’fhaide ag Fine Gael agus ag Páirtí an Lucht Oibre ná mar a bhí ag rialtas Fhianna Fáil agus na nGlasach rompu. Faoin am ar chinn Brian Cowen ar olltoghchán a reachtáil bhí slad as cuimse déanta ar an dá pháirtí rialtais mar gheall ar an gcliseadh iomlán a tharla leis na bainc, le cúrsaí eacnamaíochta agus le cúrsaí polaitíochta.
Bhí na hionchais chomh doirbh sin le teacht an IMF agus clár dian tarrthála ceithre bliana, nár cuireadh mórán brú ar an rialtas nua, rialtas a tháinig chun cumhachta leis an tromlach ba mhó i stair pholaitiúil na hÉireann.
Ach bhí fabht mór amháin ann ón tús, locht a coinníodh faoi smacht ar feadh achair fhada ach atá ag teacht chun solais anois. Go bunúsach, rinne Fine Gael agus an Lucht Oibre geallúintí nach rabhadar in ann a chomhlíonadh, geallúintí ar cúis aiféala anois iad ag an dá pháirtí.
Mar a tharlaíonn le gach rialtas bhí an comhrialtas thuas seal agus thíos seal. Ach, ar an iomlán, má léitear na tuairiscí a scríobhadh tar éis na chéad bhliana in oifig, bhí siad dearfach don chuid ba mhó.
Cinnte, bhí an Rialtas thíos seal. Cailleadh an reifreann ar fhiosrúchán parlaiminte; rinne Fine Gael go hainnis sa toghchán uachtaránachta agus san fhothoghchán i mBaile Átha Cliath Thiar agus níl ag éirí go rómhaith leis an Lucht Oibre i bpobalbhreitheanna le bliain anuas.
Ina ainneoin sin, is léir go raibh Enda Kenny ag déanamh go maith i ról an Taoisigh, ról a chomhlíon sé le fuinneamh, le hallas agus le meon dearfach.
Slat tomhais mhaith í reifreann ar mheas rialtais. D’éirigh leis an Rialtas dhá reifreann a bhaint i mbliana, cé go raibh Reifreann na Leanaí níos gaire ná mar a tuaradh roimh ré.
Agus céard é an beart? Bhuel, caithfidh siad na dualgaisí a bhaineann leis an gclár tarrthála a chomhlíonadh (faoi stiúir na dtrí eagraíocht idirnáisiúnta).
