Tá greim ag boscraí orm nach féidir liom scaoileadh

ní féidir liom éalú ar tharraingt na teilifíse

Is mise Louise agus is andúileach boscra mé. Cé go bhfuil sé deacair orm sin a admháil, tá sé in am do dhuine éigin labhairt amach faoin fhadhb fhorleathan atá ag scriosadh mo shaoil faoi láthair agus greim daingean na mboscraí orm: Breaking Bad; Sherlock; Prison Break; Homeland; Mad Men; Lost

Ní raibh mé i gcónaí mar seo. Bhí saol sóisialta agam tráth, bhí cairde agam, suim agam sa nuacht agus i gcúrsaí aclaíochta. Ach nuair a bhlais mé mo chéad bhoscra d’athraigh gach rud. Mealladh isteach i ndomhan dorcha na drámaíochta mé.

Beidh siad ann nach dtuigfidh mo chás, a cheapfaidh “cad é mar is féidir leat an oiread sin ama a chur amú mar gheall ar shraitheanna drámaíochta?”

Is beag nach dtuigim féin é. Sheachain mé boscraí leis na blianta mar go raibh imní orm faoin tionchar a bheadh acu ar mo shaol. Chonaic mé cairde eile ag dul sa treo sin, a réasún caillte acu, agus ní raibh mé ag iarraidh dul sa tseans.

READ MORE

Tharla sé gur thug cara liom sraith iomlán drámaíochta dom. Dúirt sí go mbainfinn an-taitneamh as an tsraith. Bhí níos mó ná 60 eagrán ar an tiomántán crua ach cheap mé go mbeinn in ann éirí astu am ar bith dá mba mhian liom.

Mar a tharlaíonn le handúiligh áfach, ní raibh mé in ann stopadh, bhí mé gafa ón tús. Ba rí-tharraingteach é an domhan úr drámatúil a cuireadh os mo chomhair.

Cosúil le Sebastian sa scannán The Neverending Story, chuaigh mé i bhfolach i seomra dorcha agus léim mé isteach i saol na scéalaíochta. Bhí mé meallta ag na carachtair chasta, na scéalta cliste, na línte glice agus na radharcanna corraitheacha.

Agus nuair a bhí eagrán amháin críochnaithe, ní raibh orm ach cnaipe a bhrú le léim isteach sa scéal arís. Bhí mé i gcónaí ag lorg an chéad steille eile, gan stad gan sásamh. Cad chuige a stopfainn nuair a bhí sé chomh draíochtúil agus é uilig ag barr mo mhéire?

Ag pointe amháin, d’amharc mé siar ar na trí seachtaine a bhí caillte agam. Gach lá i ndiaidh na hoibre, bhrostóinn abhaile, ag diúltú cuirí fá choinne deochanna, ag déanamh neamhairde de mo chara tí agus den ghuthán. Shleamhnóinn isteach sa seomra leapa chun greim a fháil ar an ríomhaire agus d’amharcfainn ar an scáileán beag go maidin. Ní fhaca duine ar bith mé ach amháin dá mbeinn ag tuisliú amach ón seomra, súile leathdhúnta, ag lorg uisce agus forlíonadh vitimín D.

Cheap mé go raibh cairde úra faighte agam agus mé chomh tógtha leis na carachtair uilig. Bhí mé ar bís ag deireadh gach eagráin le fáil amach cad a tharlódh sa chéad cheann eile amhail is gurbh fhíordhaoine iad.

Bhí bearna ollmhór i mo shaol ag deireadh na sraithe agus is ansin a thuig mé nár chairde cearta iad na carachtair ar chor ar bith. Níorbh ann dóibh agus an chóisir thart – ná nuair a thosaigh na taomanna croite agus mé liom féin.

Cosúil le túsdhruga, ba gheata é mo chéad bhoscra go sraitheanna eile. I ndiaidh dom ceann amháin a chríochnú, bheadh andúileach eile ag inse dom faoi shraith úr iontach go gcaithfinn a thriail. Thuig mé go mbeinn i gcónaí ag lorg an chéad steille eile agus nach bhfaighinn sásamh go deo.

An rud is measa faoi na sraitheanna dorcha ná nár stop na scéalta i ndiaidh dom an ríomhaire a chur as, lean siad ar aghaidh i mo bhrionglóidí. Ní raibh smacht agam ar na scéalta úra. Níor luigh siad le ciall ach spreag siad an tsamhlaíocht.

Dá mbeadh uafás san eagrán a bhí feicthe agam roimh dhul a chodladh, is amhlaidh is measa a bheadh mo chuid brionglóidí – agus mé féin i lár an phlota cuid mhaith den am.

Bheinn ag múscailt i lár na hoíche i dtaom scaoill, dubheagla orm go ndearna mé rud millteanach. Sna bomaití siúd i ndiaidh dom múscailt ó thromluí scanrúil bheinn ag cur ina luí orm féin nach ndearna mé tada contráilte, nach raibh na péas sa tóir ormsa, nár dhúnmharfóir mise! Is léir go raibh m’intinn faoi sheilbh na mboscraí ag an phointe sin – ní raibh an dara rogha agam ach éirí astu.

Tá mé m’fhógairt féin inniu mar andúileach boscra. Chonaic tú féin na handúiligh seo, daoine nach dtagann amach sna hoícheanta, daoine a mbíonn aghaidh bhán thraochta orthu i rith an lae. Caithfidh muid iad a shábháil ó na boscraí agus uathu féin; na handúiligh a tharraingt ó dhorchadas na drámaíochta chun maireachtáil san fhíorshaol arís.

Má sheasaimid le chéile creidim gur féidir linn an t-olcas a bhriseadh.