Stuaic agus stailc

Téann daoine ar stailc lena míshástacht a chur in iúl don phobal mhór


Tá dhá rud ar féidir leat a rá mar gheall ar stailc go dearfa.

An chéad cheann go mbíonn an ceart ag lucht stailce i gcónaí.

Agus nach mbeidh tacaíocht an phobail ag na hoibrithe a dhiúltaíonn dul ag obair.

Ní ghabhann aon duine ar stailc gan chúis mhaith mhór. Ní mian le haon duine pá lae a chailliúint, nó pá seachtaine, nó go ndúnfaí an glas amach óna chuid oibre é, nó go gcuirfí na madraí allta air.

READ MORE

Nach lánait nach dtéann na bossanaí ar stailc riamh nó choíche?

Fiafraíonn neach na teilifíse nó an raidió: ‘Ach nach bhfuil a fhios agat nach bhfuil an pobal taobh thiar díobh sa stailc seo?’, nó ‘Ach beidh an stailc seo ag cur as do mhórán daoine, an ghnáthmhuintir, cad deir tú leis sin?’

Is é freagra gonta air, ‘A éagain, nach bhfuil a fhios agat gurb é sin an fáth a bhfuilimid ar stailc? Chun cur isteach ar dhaoine. Cad ab áil leat de stailc nach ndéanfadh difear do dhuine ar bith?’

Is ann do stailc chun duine éigin, nó daoine éigin a chiapadh is a chrá. Bheadh fuar ar fad aici mura mbuailfeadh buille. Samhlaigh an nuacht dá léifí: ‘Chuaigh lucht oibre an chórais líon-isteach-an-bhearna ar stailc inniu, ach ná bíodh aon bhuairt ort, beidh líon-isteach-an-bhearna ag dul ar aghaidh go díreach mar a bhí.’

Is ea, leis. Ní bhainfí mórán tornapaí le beart chomh huiscealach sin. Osclaítear créachtaí le stailc ar bith, gointear daoine, go leor acu neamhurchóideach, tagann na doirne agus na nathaireacha nimhe amach le chéile, sáitear bior i mbaill a mbeadh Vlad Tepes mórálach astu.

Dhá bhior atá san fhorc nimhe atáthar ag sá sna meánmhúinteoirí faoi láthair. Baineann ceann acu leis na múinteoirí féin; agus an ceann eile leis an bhfuath atá ag breallsúin, agus ag gamail agus ar eagla an dearmaid ag amadáin chríochnaithe, agus ag leathstróinsí gan cheist, agus i gcónaí riamh ag ainbhiosáin don tseirbhís phoiblí.

Ní hí bailbhe Uí Laoire a bhíonn orthu ag lascadh is ag pleancadh is ag aithisiú gach n-aon atá ag obair don Stát – is é sin don phobal – amhail is dá mba shúmairí fola iad, vaimpírí ag deol ar allas an oibrí a bhfuil tiarna príobháideach dá chuid féin aige.

Is é a ghlanmhalairt timpeall ar fad é. Ní hé nach mbeadh ann don tseirbhís phoiblí gan an tseirbhís phríobháideach a bheith á tacú; ní bheadh ann don tseirbhís phríobháideach de cheal na seirbhíse poiblí a bheith mar ionad oiliúna, mar gharda cosanta, mar earnáil shlándála agus mar aingeal coimhdeachta gach orlach den tslí di.

Ní gan chúis a bhfuil ‘business class’ ar na heitleáin do lucht seaimpéin a shlogadh agus barraicíní a chigilt le púdar; ní leomhfadh eitleán ar bith ‘public service class’ a thabhairt ar an gcuid eile a bhíonn brúite le chéile thiar ar nós scadáin i mbosca.

Bíonn binb bhreise ann do na múinteoirí, áfach. Is deacair a rá cad is brí leis seo, seachas, b’fhéidir go raibh gach duine ar scoil tráth dá raibh, agus níl aon mhistéir faoi leith ag baint le scileanna an mhúinteora suas is anuas le, habair, an fiaclóir atá os do chionn le pionsúr, nó an dlíodóir a labhrann teanga nach dtuigfeadh Aesop.

An fíoch seo ar mhúinteoirí, tá ag romhar go doimhin. Ba cheart na breiseanna bliantúla, na ‘hincrimintí’ a bhaint díobh, airgead na sinsear a dháileadh ar na sóisir, iad ar fad a bhriseadh as a bpost!

Uaireanta, caithfear réasún a bhualadh isteach in intinn na ndúr le stailc.