Straitéis Thamhlachta 2

Is faoi Shinn Féin a choinneáil ó chumhacht a bheidh an chéad toghchán eile dáiríre


Fágann an cur is cúiteamh is deireanaí faoin saol iar-thoghcháin go bhfuil cuid againn ag smaoineamh ar Alan Dukes. Beidh daoine ag cuimhneamh go háirithe ar an mbeagán buíochais a tugadh do Dukes, nuair a bhí sé i gceannas ar Fhine Gael, as an rud ar ar tugadh “straitéis Thamhlachta”.

Is dócha nach n-aithníonn an t-aos óg an teideal ná a raibh taobh thiar de ach ba athrú suntasach é ar ghnáth-iompar na polaitíochta in Éirinn ag deireadh na 1980í. Leoga, ní dócha go bhfacthas gníomh chomh huasal leis roimhe nó ina dhiaidh.

Go dtí sin, bhíodh an dá phríomhpháirtí – Fianna Fáil agus Fine Gael – in adharca a chéile go binbeach agus nimh san fhuil eatarthu. Cluiche crua salach a bhíodh ann chun aon bhuntáiste a bhreith ar an dream eile. Riail amháin a bhí sa gcluiche: faigh an dream eile as oifig ar ais nó ar éigean. Leagan amach an chogaidh chathardha agus searbhas an chogaidh chéanna a bhí fós i réim.

Is í sin an chúis gur baineadh geit as daoine nuair a d’fhógair Dukes an polasaí a bheadh ag Fine Gael sa bhfreasúra in óráid a thug sé uaidh i dTamhlacht.

READ MORE

Rialtas mionlaigh a bhí ag Fianna Fáil ag an am agus bhí géarchéim mhór airgeadais ag bagairt ar thodhchaí na tíre. Bheadh ar an rialtas ciorruithe ollmhóra a dhéanamh agus polasaithe a chur i bhfeidhm a thuillfeadh gráin an phobail dó.

Ní raibh aon rogha eile ann. D’fhágfadh sé an rialtas mionlaigh sa mbearna bhaoil, beo ó sheachtain go seachtain agus i gceannas ar éigean ar chosmhuintir chantalach mhíshocair.

Séard a shocraigh Dukes ar mhaithe le leas na tíre nach gcuirfeadh Fine Gael in aghaidh athruithe riachtanacha eacnamaíocha an rialtais, cuid acu a leag sé féin amach mar aire sular fhág sé cumhacht. Le bheith cruinn, fad is a chonaic Fine Gael an rialtas ag láimhseáil na heacnamaíochta ar bhealach a mheas siadsan a bheith ciallmhar agus réasúnta, ní chuirfeadh siad ina aghaidh.

Ba dochreidte an éacht pholaitiúil í a léirigh idir mhisneach agus thírghrá.

Bhí Dukes ag déileáil le Cathal Ó hEochaidh mar Thaoiseach, fear nach raibh clú na flaithiúlachta polaitiúla air agus duine a raibh an dearg-ghráin ag a lán i bhFine Gael dó.

Bhí an chontúirt ann go spreagfadh polasaí a bhí chomh fada ó pholasaí traidisiúnta Fhine Gael fíréin an pháirtí chun a cheannaireacht a cheistiú.

Ach is le comhoibriú Dukes a d’éirigh le Fianna Fáil cúrsaí eacnamaíocha an Stáit a thabhairt ar ais ón aill. Cuireadh dianpholasaithe i bhfeidhm agus níor chúlaigh Cathal Ó hEochaidh ón treo a bhí leagtha síos agus comhaontaithe.

Ní bhfuair Fine Gael agus Dukes riamh an t-aitheantas a bhí tuillte acu an t-am sin. Sa toghchán ina dhiaidh, níor léirigh an pobal gur thuig sé an beart a bhí déanta ag Dukes – roinnt bheag suíochán breise a fuair Fine Gael.

Go bhfios dúinn, ní dhearna Fianna Fáil aon rud dá leithéid mar chúiteamh lena sean-namhaid. B’fhéidir nach bhfuair siad an deis, nó b’fhéidir gur shíl siad nach mbeadh Fine Gael riamh sa riocht ina mbíodh siadsan.

Ach, má fhágtar Fine Gael gan leathbhádóir tar éis an toghcháin agus má dhiúltaíonn Fianna Fáil fós dul isteach i gcomhrialtas leo, b’fhéidir go dtiocfadh an deis sin.

Is duine é Micheál Ó Máirtín a mbeadh ardmheas aige ar ghníomh Dukes. Feiceann sé air féin freisin mar dhuine ardmhorálta, prionsabálta, agus mar thírghráthóir a bheadh sásta íobairt a dhéanamh ar son leas an Stáit.

Cuimhnigh go raibh sé, mar Aire Sláinte, sásta cur suas le cáineadh géar agus le gráin a lán daoine nuair a chuir sé cosc ar chaitheamh tobac.

Ní duine é a ghlacfadh le háit na leithphingine in aon chomhrialtas, go háirithe faoi Thaoiseach de chuid Fhine Gael. B’ionann sin agus a aithint gurb é Fine Gael an príomhpháirtí nádúrtha rialtais feasta. Tá tuairimí éagsúla ag baill eile den bpáirtí a bhfuil ocras cumhachta orthu ar nós Michael McGrath. Go dtí seo, áfach, tá an Máirtíneach ag seasamh lena thuairim gurbh fhearr fanacht amach as margadh le Fine Gael.

Ach dá bhféadfadh sé tacú le rialtas mionlaigh de chuid Fhine Gael, bheadh tionchar aige ar chúrsaí, cumhacht chúlseomra agus stádas gan fhreagracht.

Chomh maith leis sin, bheadh ionad Fhianna Fáil mar phríomhpháirtí an fhreasúra coinnithe aige ó Shinn Féin, dar leis – an dlaoi mhullaigh.

Mar ná bíodh breall ar éinne. Le linn an fheachtais, beidh an-bhéim ar an eacnamaíocht, ar chúrsaí sláinte agus uisce – ach is faoi Shinn Féin a choinneáil ó chumhacht agus stop a chur lena ndul chun cinn a bheidh an chéad toghchán eile dáiríre.

Seans maith go bhfeiceann an Máirtíneach buntáistí móra le straitéis Thamhlachta nua ní amháin ar mhaithe le leas an Stáit ach ar mhaithe le leas Fhianna Fáil é féin.

Mura músclaítear tuilleadh taibhsí ó ré na ngunnaí, áfach, d’fhéadfadh Sinn Féin pleananna Fhine Gael agus Fianna Fáil a chur ó mhaith le vóta an-láidir. Is ar scáth a chéile atá polaitíocht an Tuaiscirt agus an Deiscirt ag mairstean faoi láthair agus níl a fhios an dtig le Sinn Féin an dá thrá a fhreastal a thuilleadh.

B’fhiú don gceannaireacht, b’fhéidir, smaoineamh ar chumhacht an chúlseomra freisin.