Strainséirí i ndomhan strainséartha sinn

Tá muid gan chumhacht ach níl muid gan tábhacht

Círéib sa Ghréig – ‘ag pléascadh’. grianghraf: reuters/yiorgos karahalis

Círéib sa Ghréig – ‘ag pléascadh’. grianghraf: reuters/yiorgos karahalis

Wed, Jul 9, 2014, 01:10

Duine a bhíonn ag scríobh don iris Modern Slavery Journal is ea Wolfi Landstreicher agus é á cheistiú féin de shíor.

Strainséirí i ndomhan strainséartha is ea an uile dhuine againn, dar leis. Ní inniu ná inné a tharla an coimhthiú sin, an bhraistint sin nach rabhamar ag baile a thuilleadh sa saol seo.

Cad atá ag dó na geirbe ag Wolfi?

Go hachomair, níl smacht againn a thuilleadh ar an saol atá á chaitheamh againn, táimid scartha ón bhfuinneamh cruthaitheach sin a ligfeadh dúinn an saol seo a mhúnlú chun ár sástachta.

Tá Wolfi, mar sin, in aghaidh an tsaoil mar nach aon saol ceart é, dar leis. Tugann sé “tréigtheoir” air féin – tá níos mó tréigtheoirí uainn.

Tá nath deas sa Ghaeilge agus sinn ag tagairt do neach éigin nach bhfuil cosúil leis an gcuid eile againn: “Ní dár gcaoirigh é”; is é sin le rá, ní bhaineann sé leis an tréad a thuilleadh, má bhain riamh.

Ní haon chaora é Wolfi! Tá seisean agus daoine mar é i gcoimhlint leis an treibh, leis an tréad, leis féin agus lena chairde, fiú.

Ag an am céanna, tá sé ag scríobh; ciallaíonn sé sin go bhfuil dóchas éigin aige go bhfuil duine éigin, áit éigin amuigh ansin – ní gá go mbeadh sí ina hainrialaí ná ina réabhlóidí – a thacódh leis agus a aithneodh comharthaí na daoirse seo a ndéanann sé cur síos orthu.

Ní leat do shaol, a deir Wolfi. Rud is ea do shaol atá ag tarlú duit, mar a déarfá. Ní tusa atá á chruthú.

Beidh ort machnamh air sin ar feadh tamaill, féachaint an fíor é mar ráiteas. B’fhéidir gur smaoinigh tú cheana air seo, gur chroith tú do ghuaillí agus go ndúirt tú leat féin nach bhfuil aon leigheas air mar scéal. “Sin é an saol!”

Ní maith leis an ainrialaí ná leis an réabhlóidí an chaint sin. Ní maith leis an bhfile ach an oiread é! Sin é an saol, ab ea? Tá fís eile agamsa, an freagra air sin.

“Ní leat do shaol!” Is abairt scanrúil í sin. Nuair a bhí Gaeil faoi shúiste Gall d’fhéadfá a rá nár mháistrí ar a gcinniúint féin iad.

Ag na tiarnaí talún a bhí an t-airgead, an mhaoin, an chumhacht agus an Béarla breá, teanga na cumhachta. Iadsan a scríobh an stair. Ach táimid saor anois. Nó an bhfuil?

“Capitalism would have us believe that we only deserve to be here because of what we produce,” a deir A. P. Gumbs. Tá an ceart aici sa mhéid sin; tá méar leagtha aici ar an gcúis go mbraitheann go leor daoine ina strainséirí ina dtír féin. “Entfremdung” a thug an Marxach óg ar a leithéid.

Deir Wolfi go gcuirtear brú orainn chun an chuid is mó dár saol a íobairt ar mhaithe le hairgead a dhéanamh chun ár mbunriachtanais a shásamh. Ní haon saol ceart é sin, áfach. Saol seasc é sin, saol nach bhfuil puinn sásaimh ann ná oscailt ar bith ann dár mianta cruthaitheacha.

Chun an domhan atá ann a chothú agus a mhéadú, ofráiltear sinn go léir ar altóir na híobartha.

Teoiric spéisiúil, nach ea? Ar fhoghlaim tú an teoric sin riamh ar scoil? Níor fhoghlaim, ar ndóigh, mar is cuid den “saol” iad na scoileanna – cuid d’institiúidí uile an tsaoil agus iad á mbuanú féin i gcónaí. Ach tharla an ghéarchéim eacnamaíochta agus tá an “saol” seo á cheistiú ag níos mó daoine ná riamh.

Tá an caipitleachas á cheistiú. Na margaí. An éifeacht atá ag an gcóras tionsclaíoch ar dhaoine, ar an aeráid, ar an timpeallacht. Bhí tubaistí nádúrtha riamh ann. Tá tubaistí mínádúrtha anois againn anuas ar na tubaistí nádúrtha. Ach cathain a chuala tú léitheoir nuachta á rá “Tharla tubaiste mhínádúrtha inniu sa Rómáin”?

Ar fud an domhain tá na milliúin is na milliúin daoine agus a n-aghaidh á dtabhairt acu ar na cathracha, tuilleadh strainséirí a mbrú isteach i ndomhan strainséartha.

Tá na póilíní á dtraenáil anois mar shaighdiúirí mar tá a fhios ag na húdaráis go bhfuil míshásamh mór ar fud an domhain agus pléascfaidh an bolcán sula i bhfad. Tá sé ag pléascadh cheana thall is abhus. Tuairisceoidh na meáin go bhfuil “ainrialaithe” ar na sráideanna.

Ní ainrialaithe chuige iad. Is daoine iad. Is daoine iad atá ag iarraidh cur in aghaidh na daoirse. Goideadh an tsaoirse uathu. Goideadh a ndínit is a dteanga uathu. Tá siad á lorg ar ais.

Déarfaidh daoine áirithe, an chléir agus fórsaí coimeádacha eile inár measc, go bhfuil Wolfi agus a chairde craiceáilte. Deir Marx (Groucho): “Blessed are the cracked for they shall let in the light.”

Áiméan.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.