Stair na teanga sa Tuaisceart

Cuntas ar ghluiaseacht na Gaeilge

Thug stiúrthóir an Iontaobhais ULTACH, Aodán Mac Póilin, caint in Oifig na dTaifead Poiblí i mBéal Feirste ag am lóin inniu ar luathstair ghluaiseacht na Gaeilge sa Tuaisceart. Rinne sé cur síos gairid ar an iarracht a rinne Protastúnaigh Bhéal Feirste leis an Ghaeilge a athbheoú go luath sa 19ú haois tríd Chuideachta Ghaeilge Uladh a bhunú i 1830. Labhair sé fosta ar oidhreacht an traidisiúin sin, go háirithe mar a léiríodh é nuair a bunaíodh Craobh Bhéal Feirste de Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1895.

Bhí meascán daoine páirteach sa chraobh seo, ina measc, an Canónach Crozier, biocáire de chuid Eaglais na hÉireann, a bhí ina chainteoir líofa Gaeilge agus a bhí gníomhach san fheachtas ar son na Gaeilge sna scoileanna náisiúnta, a dúirt Mac Póilin. Bhí an fear céanna ina shéiplíneach ag Ardlóiste na bhFear Buí in Éirinn sa bhliain 1912, bliain Chonradh agus Chúnant Sollúnta Uladh, agus ina Ard-Easpag Ard Mhacha lena chois sin.

Thug Mac Póilin cuntas ar bheocht na gluaiseachta i mblianta luatha an chéid, tráth a raibh “the largest and best equipped headquarters of the Gaelic League anywhere” ag an Chraobh Rua i lár Bhéal Feirste agus suas le 500 duine ag freastal ar ranganna in iarthar na cathrach. Is le linn na tréimhse seo a bunaíodh Cumann Gaelach Ollscoil na Ríona, ceapadh léachtóir le Gaeilge san ollscoil, cainteoir dúchais ó Chonamara a bhí ina mhinistir de chuid Eaglais na hÉireann, agus ceapadh ollamh le Gaeilge sa Choláiste Oiliúna Caitliceach, an tAthair Gearóid Ó Nualláin, uncail le Myles na gCopaleen, a dúirt sé.

Rinne sé anailís fosta ar an bhorradh a tháinig faoin athbheochan i gCúige Uladh agus ar an “athrú suntasach” a tháinig ar ghluaiseacht na Gaeilge sa dóigh is gur próifíl Chaitliceach náisiúnaíoch a bhí aici go luath sa 20ú haois. Chuir sé síos ar an tionchar a bhí aige sin ar dhearcadh na n-aontachtach ar an teanga agus ar na himpleachtaí a bhí aige sin ar an dóigh ar phléigh rialtas Thuaisceart Éireann leis an teanga ó na 1920idí ar aghaidh.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times