Sraitheanna nua faisnéise ar TG4 agus an BBC

An Misean sa tSín is ainm do shraith nua faisnéise a chraolfar ar TG4 ag 7.30pm anocht. Scrúdaíonn na ceithre chlár 40 bliain d’obair ag na misin Éireannacha sa tSín idir 1920 agus na 1950í.

Chuaigh na céadta Éireannach, idir shagairt agus mhná rialta, chun cónaithe sa tír agus iad ag obair i réimsí difriúla. Blianta corracha a bhí sna blianta sin sa tSín. Bhí tuairim is 150 misinéir Éireannach ag obair sa tSín in 1920 agus 250 faoi 1950.

Amharcfaidh na cláir ar thréimhsí éagsúla den obair seachtain ar sheachtain – Tús, Tubaiste, Cogadh agus Díbirt.

Beidh scannáin agus grianghrafanna nach bhfacthas riamh le feiceáil agus is é cuspóir lucht déanta na sraithe léargas as an nua a thabhairt ar an cheangal céad bliain idir Éirinn agus an tSín.

READ MORE

Focal scoir

Agus tá sraith nua pléchláir, An Focal Scoir, le craoladh ar BBC Two NI anocht ag 10pm.

Beidh plé agus anailís ann ar roinnt scéalta agus topaicí leathanréimseacha atá tábhachtach don lucht féachana sa Tuaisceart sa lá atá inniu ann.

Máire Bhreathnach a chuirfidh an tsraith i láthair agus beidh sise agus a cuid aíonna ag caint ar shláinte meabhrach, an cearrbhachas agus deonú organ.

Dúirt Antaine Ó Donnaile, léiritheoir na sraithe, go raibh siad le plé a dhéanamh “ar cheisteanna reatha a bhfuil brí agus ábharthacht ag baint leo don phobal, is cuma cé acu Gaeilge, Béarla nó teanga ar bith eile atá acu”.