Sraith nua teilifíse le tosú ar BBC anocht

Comhrá agus ceol a chur i láthair an phobail sa sraith nua teilifíse de I Lár an Aonaigh

Tosóidh sraith nua teilifíse de I Lár an Aonaigh ar BBC Two Tuaisceart Éireann anocht ag 10pm. Beidh na tuairisceoirí – Lynette Fay, Dáithí Ó Muirí agus Conall Ó Máirtín – i gcuideachta na láithreoirí sa stiúideo – Máire Bhreathnach agus Tomaí Ó Conghaile – le comhrá agus ceol a chur i láthair an phobail.

Sé seachtaine a mhairfidh an tsraith seo agus beidh réimse aíonna i láthair, ina measc Mairéad Ní Mhaonaigh, amhránaí; Sibéal Davitt, damhsóir agus cóiréagrafaí; Linda Bhreathnach, aisteoir agus stiúrthóir scannán; Máire Zepf, údar; John Spillane, amhránaí agus Alex Hijmans, scríbhneoir.

Beidh ceol de gach aon saghas ann – ceol traidisiúnta, na gormacha agus anamcheol – agus grúpaí difriúla i mbun seisiúin: ceol traidisiúnta ó Ard Mhacha le Bothán; na gormacha le Blackbird and Crow; ceol tíre indie le Jealous of the Birds; snagcheol agus anamcheol le Ríoghnach Connolly agus Honeyfeet agus ceol úr le The Riptide Movement. Beidh rianta breise taifeadta leis na grúpaí seo uilig ar fáil le breathnú ar líne ar bbc.co.uk/gaeilge nó ar leathanach Facebook BBC Gaeilge.

Le cois an cheoil agus na cainte, dúirt léiritheoir na sraithe, Michael Fanning, go mbeadh an tsraith ag scrúdú imeachtaí eile a mbeadh spéis ag an phobal mhór iontu, ina measc “amharc siar ar thubaiste Chernobyl a tharla 30 bliain ó shin, go dtí Cailleacha Feasa Oileán Mhic Aoidh agus stair an dífhibrileora”.