Sraith nua faoi chúrsaí leabhar le tosú ar TG4

Is fada scríbheoirí na Gaeilge ag iarraidh ar TG4 clár leabhar a chraoladh. Tá an mhian sin le sásamh anois nó tá sraith nua faoi chúrsaí litríochta agus léirmheastóireachta, Léirmheas Leabhar, le tosú ar TG4 oíche Chéadaoine ag 7.30pm.

Is í an Dr. Róisín Ní Ghairbhí a bheidh ag cur na sraithe i láthair. Tá obair mhór déanta aici féin i ngort na litríochta agus is fada í ag léachtóireacht faoi ghnéithe den litríocht nua. Is é is cuspóir leis an tsraith béim a chur ar shaothar nuafhoilsithe agus ar léirmheasanna i seánraí éagsúla do léitheoirí fásta agus léitheoirí óga.

Beidh, An Tearmann, úrscéal le Alex Hijmans; An tIriseoir, úrscéal le Michelle Nic Pháidín agus Scéalta Nuachta, cnuasach alt le Deaglán de Bréadún faoi chaibidil agus beidh léirmheasanna ar Dónall Dána agus ar Danny Seaimpín an Domhain sa chéad chlár.

An scríbhneoir, Myra Zepf; ceannasaí Ghaelchultúr, Éamonn Ó Dónaill agus an t-iriseoir Máirín Ní Ghadhra a bheidh i gcuideachta Ní Ghairbhí leis na leabhair sin a phlé.

READ MORE

Tabharfaidh an clár eolas fosta ar fhéilte litríochta agus leabhar. Is é rún TG4, tríd an tsuíomh idirlín, eolas nua agus reatha faoi ábhar úr léitheoireachta agus nascanna le foilsitheoirí Gaeilge a chur ar fáil.

Uair sa mhí a bheidh Léirmheas Leabhar ar siúl agus tá an tsraith urraithe ag Foras na Gaeilge. Eolas: www.tg4.ie/ga/clair/leirmheas-leabhar