Spórt agus sceimhle

Tabhair chun cuimhne na daoine nár fhill ar an mbaile


Tá deireadh seachtaine speisialta os comhair lucht na gcluichí Gaelacha. An Astráil ag imirt i gcluiche peile comhrialacha i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn.

Dé Domhnaigh, den chéad uair le breis agus 60 bliain, beidh sliotar á bhualadh de chamán i bPáirc Fenway, Bostún, nuair a thabharfaidh iománaithe na Gaillimhe aghaidh ar Bhaile Átha Cliath i gcluiche Super 11s.

Beidh os cionn 25,000 duine cruinnithe ag Fenway don ócáid, iad ag súil le ceiliúradh a dhéanamh ar a n-oidhreacht agus ar a spórt. Is anseo a imríonn na Boston Red Sox, agus tá sí ar an bpáirc daorchluiche is sine i Meiriceá. Imríodh cluichí uirthi chomh fada siar le 1912.

Ní hé seo an chéad uair iománaíocht bheith á himirt ar an bpáirc. I 1954, bhuail seaimpíní na bliana sin, Corcaigh, foireann imreoirí a roghnaíodh i Meiriceá i gcluiche dúshláin.

READ MORE

Domhan iomlán difriúil a bhí ann i 1954. Ós ag caint ar Fenway atá muid, b’shin í an bhliain a phós Marilyn Monroe Joe DiMaggio. Bhí Bill Haley ag rockáil around the clock, rith Roger Bannister míle taobh istigh de cheithre nóiméad, bhí Vítneam ag corraí, cogadh ar tí pléascadh ansin. Bhí an Cogadh Fuar ann.

Shamhlóinn nach raibh aon imní ar na daoine a bhí cruinnithe i bhFenway an lá sin i 1954, go raibh seans ann go mbeadh sceimhlitheoirí ag faire orthu. Bhí a fhios agat cén áit ar domhan ina raibh cogadh agus contúirt ann.

Mar a léiríodh ag an Stade de France agus i bPáras oíche Aoine seo caite, níl a fhios ag aon duine ar an domhan seo anois cén uair a thiocfaidh sé ar tairseach an dorais acu.

Beidh sé sin i gcúl an chinn ag gach duine a shuífidh ag Páirc Fenway, go háirithe mar gur i Meiriceá atá siad, tír ar dhírigh sceimhlitheoirí a n-aird uirthi cheana féin.

Beidh sé i gcuimhne na ndaoine a rachaidh go Páirc an Chrócaigh chomh maith, agus iad ag fáiltiú roimh mhuintir na hAstráile, tír eile a d’fhulaing le blianta beaga.

Doirteadh fuil i bPáirc an Chrócaigh in ionsaí freisin i 1920, nuair a scaoil fórsaí na Breataine leis an tslua mar dhíoltas ar mharú 14 saighdiúir dá gcuid. Bhí 10,000 duine ann an tráthnóna sin.

Tá sé i bhfad róshimplí a rá gur thriog an eachtra deireadh Chogadh na Saoirse in Éirinn, ach d’fhág sé a lorg, mar gur chuir sé dlús faoin tacaíocht a tugadh do rialtas poblachtánach.

Tá beagnach 100 bliain imithe anois, agus ní aithneodh duine ar bith a bhí i bPáirc an Chrócaigh i 1920 an tír sa lá atá inniu ann.

Rud amháin atá mar a chéile, téann muid ag cluichí inár sluaite.

Bhí mé ag cluiche ceannais craoibhe an FAI le déanaí. Mar a tharlaíonn go minic, bhí roinnt ag scaoileadh le pleascáin bheaga, agus gach uile uair a tharla sé, bhéic an slua agus coinnigh na himeoirí orthu ag imirt.

Chuala muid pléascadh cosúil leis seo sa Stade de France. Leanadh leis an imirt, aineolach faoin sliúchadh a bhí ag tarlú taobh amuigh. As seo amach, beidh sé ar intinn aon duine a théann ag cluiche go bhfuil siadsan i gcontúirt.

Más duine tú as tír a thugann tús áite don daonlathas, nó don chomhionnanas, is targaid tú. D’fhéadfadh sé go mbeadh duine ar bith againn ag an gcluiche sin, nó ag an gceolchoirm, nó ag spaisteoireacht na sráide i bPáras.

D’fhéadfadh an chéad ionsaí eile tarlú i Londain, Nua-Eabhrac, Stócólm, Bostún. Áit ar bith a mbeidh daoine cruinnithe.

Agus mé ag aimsiú mo shuíocháin ag Páirc Fenway Dé Domhnaigh seo chugainn, beidh mé ag súil go mbeidh cluiche maith os mo chomhair. Ní haon áibhéil é a rá go mbeidh mé ag tabhairt níos mó airde ar na daoine timpeall orm, ag faire amach don chontúirt.

Roimh an Aoine seo caite, dírithe ar rialacha na Super 11s a bhí mé. Ach beidh ábhar níos tromchúisí ar intinn agam anois.

Ní shamhlódh duine ar bith a bhí i bhFenway i 1954, go mbeadh a leithéid de bhaol ann. B'fhéidir gur sa Fhrainc a tharla an t-ionsaí seo, ach is ionsaí orainn ar fad a bhí ann. Bíodh is gur ag cluiche iomána, peile, sacair nó aon rud eile cosúil le hamharclann a bheidh tú ag dul, tabhair chun cuimhne na daoine nár fhill ar an mbaile. Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh