Spléachadh as an úr ar an tsúil eile

Tugann leabhar nua léargas ar fhorbairt TG4

Iarcheannasaí TG4, Cathal Goan, i mbun comhrá le Seán Tadhg Ó Gairbhí, iriseoir. grianghraf: dave meehan/the irish times

Iarcheannasaí TG4, Cathal Goan, i mbun comhrá le Seán Tadhg Ó Gairbhí, iriseoir. grianghraf: dave meehan/the irish times

 

Bliain is fiche atá TG4 ar an tsaol. Déanann leabhar nua, Súil Eile (Cois Life, €20) leis an iriseoir, Seán Tadhg Ó Gairbhí (39), anailís ar bhunú an stáisiúin agus ar ar tharla dó ó shin.

Saothar mór fiúntach 400 leathanach atá ann. Obair mhór ach obair a mheas Ó Gairbhí gur chóir tabhairt faoi: “Tá tábhacht mhór ag baint le TG4 agus tábhacht lena scéal a insint dá réir.

“Cheapas gur deis a bhí ann saghas áirithe leabhair a scríobh i nGaoluinn, mescra den iriseoireacht agus den stair chomhaimseartha, an scéalaíocht agus an anailís. Tá leabhair neamhfhicsin mar sin tearc go maith sa Ghaoluinn.

“Dá mbeadh stair na teanga fós a mhúineadh don Ardteist, bheadh TG4 go mór sa treis. Deir leascheannasaí TG4 Pádhraic Ó Ciardha gurbh é bunú Theilifís na Gaeilge an gníomh fónta ba mhó ar son na teanga ó bunaíodh an Stát agus ní bheadh sé i bhfad ón gceart.”

Is fada Ó Gairbhí féin ag plé leis an iriseoireacht scríofa Ghaeilge agus tá dornán gradam náisiúnta iriseoireachta buaite aige. (Leoga, is duine den bheagán é atá le haimsiú san earnáil ghortach sin go fóill.)

Thosaigh sé a dh’obair leis an nuachtán Foinse sa bhliain 2000, rinneadh eagarthóir de in 2003 agus lean den chúram sin go dtí 2009. Chaith sé tamall i mbun na saor-iriseoireachta agus bhí ábhar go minic aige ar cholúin an nuachtáin seo le linn an ama sin.

Tá sé anois ina eagarthóir ar an tsuíomh nuachta, tuairisc.ie, foilseachán ar líne atá lonnaithe thiar i gConamara sa cheantar chéanna le ceannáras TG4. Mura leor sin, is é eagarthóir Comhar é chomh maith.

Ní hiontas mar sin nach nach cur síos lom ar stair an stáisiúin atá anseo ach scéal beo an stáisiúin, na cinnlínte agus an scéal taobh thiar de na cinnlínte sin.

Níor chuir gach aon duine fáilte roimh an stáisiún agus ní bréag a rá go raibh achrann ann nuair a bunaíodh é.

Ceann de na buanna atá ag an leabhar – i measc mórán buanna – go gcuireann Ó Gairbhí i gcuimhne duit a fhíochmhaire agus a bhí cuid den cháineadh sin.

Deir Ó Gairbhí go gcuirfeadh sé “masmas ar dhuine an tuairimíocht sin ar fad a léamh in aon gheábh amháin. Ligeadar siúd a bhí i gcoinne bhunú TnaG orthu féin go raibh rudaí eile seachas an teanga féin ag déanamh tinnis dóibh, ach bhí an ceart ag John Waters a dúirt san Irish Times gur chogadh in aghaidh na Gaeilge a bhí ar bun acu agus cogadh gránna salach a bhí ann.

“Tugadh “fanatics”, “freaks”, “fantasists”, “fundamentalists”, “extremists” agus “nutters” ar lucht na Gaeilge. Chuir an dream a bhí i gcoinne TnaG iad féin i láthair mar fháithe aonair a raibh sé de mhisneach acu an fhírinne a chraobhscaoileadh, ach an seanphort leamh céanna a bhí acu ar fad. “The culturally collapsed” a thug Michael D Higgins orthu. Cur síos beacht uamach!”

In ainneoin na n-iaróg ar fad, creideann Ó Gairbhí gur tháinig athrú ar mheon an phobail i leith na teanga de bharr TG4: “Nuair a bhíosa ag fás aníos i Ráth Caola in iarthar Luimnigh sna 1980í, dá mbeadh aighneas éigint ann agus sin amuigh ag súgradh, déarfaí leat mar mhasla imeacht abhaile duit féin agus Gaoluinn a labhairt! Dá mbuailfinn leis na daoine céanna anois bheinn bodhraithe acu le ceisteanna faoi TG4.

“Tá cláracha breátha déanta ag TG4 agus mhúinfidís ceacht craoltóireachta do mhórán, ach thairis aon ní eile tá gaisce margaíochta déanta acu ar son na teanga. Thug scríbhneoir amháin an “lucozade phenomenon” air – d’éirigh le TG4 athbhrandáil a dhéanamh ar earra a shamhlaítí le daoine breoite amháin mar earra do dhaoine a bhí sláintiúil aclaí.”

An leanfaidh daoine de bheith ag ól Lucozade agus an oiread sin roghanna ann sa ré dhigiteach?

Deir sé nach bhfuil “aon amhras ach gur údar imní na figiúirí féachana agus tá an méid san ráite ag an ardstiúrthóir nua Alan Esslemont. An baol is mó atá ann don stáisiún ná go dtitfeadh na figiúirí a thuilleadh agus go mbeadh TG4 caillte ansan i measc na gcéadta stáisiún satailíte a bhfuil níos lú ná sciar aon faoin gcéad den lucht féachana acu – “an digital jungle” mar a thugann Esslemont féin air. An cheist mhór ná cad a ghéillfear chun fanacht ar bharr uisce?”

Ceist eile atá ann ná an teannas sin idir stáisiún Gaeilge agus stáisiún Gaeltachta. Ar éirigh le TG4 an cheist sin a fhuascailt?

“N’fheadar. Bíonn teannas i gcónaí ann idir an dá rud. Is cuma faoi pé dualgas reachtúil nó eile atá ar TG4 freastal ar chách, is í an fhírinne lom ná beadh ann don ‘tSúil Eile’ mura mbeadh ann don ‘teanga eile’, agus tá an teanga eile sin i mbaol.

“Ba chóir tús áite a thabhairt i gcónaí do phobal na Gaoluinne. Nuair a deineadh an t-athrú ó TnaG go dtí TG4, tugadh an sceideal ‘meascaithe’ isteach chun an croísceideal Gaoluinne a thabhairt slán agus d’éirigh go seoigh leis an bplean sin, ach ráineodh anois gurbh é an croísceideal a thabharfadh an stáisiún slán, agus a chinnteodh go bhfanfadh sé ábhartha.”