Sos beag ag an Rialtas

Bíodh saoire ag Airí ach tá míshuaimhneas thuaidh agus theas fós ann


Sos beag breá a bhí ag an Rialtas thar thréimhse na Féile Pádraig.

Ní hé amháin de bharr go raibh siad uile scaipthe ar fud na cruinne ar chostas an Stáit ag fógairt shuáilcí na hÉireann.

Ní hea. Sular leag éinne acu cos ar eitleán, bhí sraith dea-scéalta tagaithe as na figiúirí sin ar a mbunaítear meastúcháin ar dhul chun cinn rialtais.

Bhí titim ar an dífhostaíocht arís (don séú mí) agus bhí teacht isteach cánach i bhfad thar an méid a ceapadh a bheadh ann.

READ MORE

Ní amháin sin, ach den chéad uair le fada, aithníodh i dtorthaí pobalbhreithe nua go raibh feabhas éigin ag teacht ar chúrsaí.

Tháinig ardú ar líon tacaíochta Fhine Gael agus, níos suntasaí, ar thacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre.

Cibé faoi Fhine Gael, a mbíonn croí-thacaíocht láidir acu i gcónaí, caithfidh gur thug na figiúirí misneach nua don Lucht Oibre a bhí ag sleamhnú sna pobalbhreitheanna go dtí an pointe go raibh tráchtairí áirithe ag caint faoin bpáirtí san aimsir chaite.

Ní fios go cruinn an bhfuil cuid den bpobal leanúna a bhíodh ag an Lucht Oibre ag filleadh air.

Ach má tá agus má fheictear ardú arís sa chéad cheann eile, d’fhéadfadh sé seo a bheith ina chasadh tábhachtach don bpáirtí, ceann a raibh siad ag fanacht go foighideach leis le fada.

Faoiseamh ar leith a bhí ann do Joan Burton, ceannaire an pháirtí, a ceapadh chun stad a chur leis an sleamhnú agus nach raibh ag léiriú go raibh sí in ann don éacht sin.

Mil ar an mbronntanas seo do pháirtnéirí an chomhrialtais ab ea an titim ar chéatadán Shinn Féin, an namhaid nua atá ag bagairt ar na páirtithe go léir.

In ainneoin na scannal a caitheadh leo, bhíodh teacht aniar le feiceáil sna torthaí pobalbhreithe.

Sa gceann deireanach, áfach, chonacthas go raibh stad curtha le rith an pháirtí i dtreo na cumhachta.

Ach más le cos níos éadroime a shiúil ár n-airí ar bord eitleáin, ba luath a tháinig an réadúlacht ag cnagadh ar an doras. Ní raibh siad ar ais ach cúpla lá nuair a tugadh léiriú drámatúil dóibh nach raibh cnámh spairne na dtáillí uisce imithe.

Leoga, éinne a chonaic na mílte as gach cearn den tír ag plódú Shráid Uí Chonaill ó bhun go barr, ní bheadh aon dabht air go rachadh an t-ábhar seo i bhfeidhm ar thoradh an chéad toghcháin eile.

Tá bliain iomlán ag páirtithe an chomhrialtais leis na vótóirí a mhealladh ar ais agus beidh taisceadán airgid ar fáil chuige sin – go háirithe má dhíoltar Aer Lingus agus má bhaintear aisíocaíocht as Banc Aontais Éireann.

Má leantar leis an bhfeabhas ar chúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta, is féidir leis an dá pháirtí cás láidir a dhéanamh de gur chóir stiúir an Stáit a fhágáil faoi lámh iontaofa na mbádóirí a thug tríd an doineann muid.

Siar seicteach

“Tá léarscáil iomlán na hEorpa athraithe…ach de réir mar a thránn an tuile agus mar a thiteann an t-uisce, feicimid spuaiceanna gruama eaglaisí Fhear Manach agus Thír Eoghain ag gobadh amach as,” a dúirt Winston Churchill go magúil faoi dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Bhí sé ag iarraidh a léiriú nárbh fhéidir fiú leis an tubaiste ba mhó dár bhuail leis an domhan mór ariamh baint den aighneas beag áitiúil sa Tuaisceart.

Bhí díomá i gcónaí i ndán don té a cheap go dtéifeadh Comhaontú Aoine an Chéasta an pholaitíocht reoite a d’fhág an stair ag muintir an Tuiscirt.

Ach, cé a cheapfadh go bhfillfeadh an dá phríomhpháirtí aontachtacha ar mhargadh gan chur in aghaidh a chéile i gceithre cinn de na toghcheantair in olltoghchán Westminster?

Déarfadh tráchtairí áirithe nach raibh ann ach an “dea-pholaitíocht,” socrú oifigiúil éifeachtach ag daoine a chreideann san aontacht faoin gcaoi a gcaitheann dílseoirí a vótaí ar aon nós.

Ar leibhéal eile, is céim siar í go dtí meon na treibhe. Fágann sé briathra na gceannairí aontacha faoi Chaitlicigh a mhealladh chuig an taobh s’acusan mar a bheadh focail le gaoth ann.

I gcás amháin, tá díoltas milis á lorg ag Peter Robinson as an suíochán parlaiminte a chaill sé féin a bhaint ar ais ó Naomi Long, Páirtí an Alliance.

Is bean chóir mhisniúil í Long a fuair íde na muc is na madraí ó dhílseoirí mar gheall ar sheasamh a páirtí faoi chrochadh bhratach na haontachta i mBéal Feirste.

Sna trí áit eile a bhfuil iarrthóir aontaithe le cur suas, áfach, Béal Feirste Thuaidh, An tIúr/Ard Mhacha, agus Fear Manach/Tír Eoghain Theas, feictear é mar fhilleadh ar an tseanphort: coinnigh amach an náisiúnach.

Is féidir láithreach buntáistí an mhargaidh seo don DUP a fheiceáil ach d’fhéadfadh an UUP praghas ard a íoc air.

Luath nó mall, fiafrófar cén fáth nach mbeadh aon pháirtí aontachach amháin ann agus is é an DUP a bhainfeadh an comórtas sin.

Is de dhlúth agus d’inneach an daonlathais go gcuirtear rogha ar fáil agus éagsúlacht taobh istigh de na roghanna sin.

Séanann an margadh seo an rogha dhaonlathach ar an bpobal agus fágann sé glúin óg eile i bhfaopach an treibheachais.

Ag dul siar chuig an todhchaí atá siad.