Sléacht sa tSeanchill

Gnáth-Shatharn a bhí ann i mBéal Feirste agus bhí Bóthar na Seanchille plódaithe; na céadta amuigh, daoine ag siopadóireacht, ag bualadh le cairde. Lá breá fómhair a bhí ann, cothrom an lae seo scór bliain ó shin. Bhí an-tóir ag daoine ar an siopa éisc, Frizell’s.

I bhfaiteadh na súl mharaigh an tIRA naonúr acu agus ghortaigh beagnach trí scór. Sibhialtaigh Phrotastúnacha ab ea iad go léir. Tubaiste ab ea é a náirigh an tIRA, a tharraing a thuilleadh uafáis mar dhíoltas agus a ceapadh a bheith ina chreill bháis do phróiseas na síochána.

Ag sé nóiméad tar éis a haon a shiúil beirt fhear isteach i Frizell’s, iad ag cur i gcéill gurbh fhir sheachadtha éisc iad. Thairg siad beart thar an gcuntar agus phléasc an buama sa bheart ar an toirt. Thit an seanfhoirgneamh ina smionagar. B’éigean do dhaoine cartadh tríd an mbrablach, brící agus dramhaíl chun a theacht orthu sin a gortaíodh nó a maraíodh. Bhí páistí agus mná i measc na marbh. Maraíodh duine de na buamadóirí agus gortaíodh an fear eile.

Bhí oíche amháin caite ag Gillian (49) agus George Williamson (63) a fear céile ina dteach nua i Lios na gCearrbhach ach d’fhill siad ar Bhóthar na Seanchille chun cuirtíní a cheannach. Maraíodh ar an toirt iad. Seacht mbliana d’aois a bhí Michelle Baird; ba bhreá léi na cipíní portán as siopa Frizell. Maraíodh í féin agus a tuismitheoirí, Evelyn Baird (27) agus Michael Morrison (27). Bhí Leanne Murray (13) sa siopa béal dorais lena máthair ach rith sí isteach sa siopa éisc chun cuachmaí a cheannach; b’éigean a corp a chartadh as an smionagar. Fuair Wilma McKee (38) bás lá arna mhárach. Bhí fear an tsiopa John Desmond Frizell (63) agus a iníon Sharon McBride (29) i measc na marbh chomh maith. Thug fear céile Sharon, Alan McBride, a n-iníon amach ar an rothar mar go raibh an lá go maith; murach sin bheidís uilig ann. Tá obair mhór déanta aigesean ó shin ar son íobartach agus athmhuintearais. Tá searmanais chuimhneacháin á reachtáil ar Bhóthar na Seanchille inniu ag seirbhís eaglasta agus ar an láthair mar a raibh an siopa, sólás do ghaolta na marbh, do dhaoine a gortaíodh agus do dhaoine a rinne obair tharrthála.

READ MORE

Aontaíonn gach éinne nach ndéanfaidh siad dearmad go deo ar na radharcanna a chonaic siad ná ar an sceoin agus an suaitheadh. B’fhacthas dá lán acu gur mhasla i gceann na héagóra é an cuimhneachán in Ard Eoin Dé Domhnaigh ar Thomas Begley, an buamadóir a maraíodh. Ní leigheasfadh leithscéalta a bpian. Ba é Seán Kelly an dara buamadóir.

Gearradh naoi dtéarma príosúin saoil air i ngeall ar an ionsaí. Dúirt seisean in Ard Eoin go raibh aiféala air faoin sléacht, gur bhotún ab ea é, ionsaí de chuid an IRA a d’imigh in aimhréidh. Ní ar shibhialtaigh a bhí an an t-ionsaí dírithe, ar sé.

Ionsaí ar cheannairí an UDA ar Bhóthar na Seanchille a bhí in ainm is a bheith ann; bhíodh siadsan, Johnny Adair ina measc ag teacht le chéile anairde staighre ón siopa. Ní raibh siad ann ar 23ú Deireadh Fómhair agus i bhfianaise chomh plódaithe is a bhí an tsráid, is doiligh a shamhlú conas a thiocfadh “sibhialtaigh” slán fiú dá mbeadh am le foláireamh a thabhairt. Chuir an eachtra tús le seachtain uafásach. Idir sin agus an oíche Shathairn dár gcionn nuair a d’ionsaigh an UDA/UFF tábhairne an Rising Sun i nGlastiall, Co Dhoire, mharaigh paraimíleataigh dhílseacha trí dhuine dhéag. B’in trí dhuine is fiche in aon seachtain amháin. Bhíothas den bharúil roimhe go raibh dul chun cinn á dhéanamh i bpróiseas na síochána; thit ualach dobróin agus scéine ar an bpobal. Comhartha sóirt ar an éadóchas ab ea na híomhánna de John Hume ag gol ar shochraid.

Ba mhór an t-iontas é gur tharla dul chun cinn roimh Nollaig a d’éascaigh an bealach do Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998. De ghrá an réitigh d’fhág “débhrí chruthaitheach” an chomhaontaithe ceisteanna gan freagairt. Ina measc, freagarthacht nó milleán. Bhí sé sin sothuigthe nuair is margadh é idir dhá dhream a bhfuil a n-aidhmeanna polaitiúla ag teacht salach ar a chéile go hiomlán.

Is é an pháirc chatha nua é, síor-argóint agus saighdeadh mar gheall ar shainmhíniú ar íobartach nó rangú ar íobartaigh, líomhaintí faoi sceimhle agus faoi fhórsaí an stáit.

Ní hiontas gur dhúirt Richard Haass, cathaoirleach Meiriceánach na gcainteanna, go raibh na fadhbanna faoi bhratacha agus paráidí níos sofhuascailte ná oidhreacht na dTrioblóidí.