Seacht mbua an aistriúcháin

Béarla ar scéalta Uí Chonaire agus ollamh úr Gaeilge i Má Nuad


Ceann de na buanna is mó a bhaineann le leabhar a chur i gcló arís go gcuireann sé i gcuimhne don léitheoir an leabhar a léamh arís! Is minic a chuireann an t-athchló i gcuimhne duit gur seoid atá sa bhunleabhar féin, leabhar maith atá ligthe i ndearmad.

Níl fiacha ar iriseoir ar bith cur i gcuimhne do léitheoirí an nuachtáin seo cérbh é Pádraic Ó Conaire (1882-1928). Is beag duine le Gaeilge nach mbeidh gearrscéal nó úrscéal nó alt le Ó Conaire léite aige, scríbhneoir de na scríbhneoirí is tábhachtaí i nGaeilge.

Mar sin féin, cuireann an t-athchló i gcuimhne duit gur fada ó léigh tú píosa dá chuid agus go bhfuil an t-am agat an saothar a thógáil as an nua agus toiseacht arís.

Ní hamháin go mbeidh deis ag lucht na Gaeilge Ó Conaire a léamh arís an iarraidh seo ach beidh deis ag lucht an Bhéarla fosta. Seacht mBua an Éirí Amach/Seven Virtues of the Rising (Arlene House) is ainm don leabhar is nuaí ar Ó Conaire, athchló ar na scéalta iomráiteacha sin i nGaeilge agus leaganacha Béarla leo; an chéad uair go raibh na scéalta ar fad le fáil i mBéarla.

READ MORE

An t-aisteoir, Diarmuid de Faoite, atá i ndiaidh na scéalta a thiontú go Béarla. Is fear é a bhfuil cion ealaíontóra déanta aige ar son Uí Chonaire roimhe seo.

Lena chois sin, tá réamhrá breá Béarla leis an taighdeoir agus scríbhneoir, Brendan McGowan, san áireamh.

Sa bhliain 1918 a foilsíodh Seacht mBua an Éirí Amach i nGaeilge den chéad uair, cnuasach gearrscéalta a dhéanann cur síos ar an dóigh a ndeachaigh an t-éirí amach i bhfeidhm ar an phobal mhór.

An saothar ealaíne is fearr agus is luaithe i nGaeilge atá ann a chuaigh i ngleic leis an athrú polaitíochta, cultúir agus meoin, leis an tsíceolaíocht Éireannach, i ndiaidh na troda.

Maireann éifeacht na healaíne go dtí an lá atá inniu. Seans mór go mbeidh sé aisteach ag lucht na Gaeilge Béarla Uí Chonaire a léamh nó tá a chuid línte Gaeilge fite fuaite don aigne Ghaelach le fada fada. Mar sin féin, nach maith go bhfuil ábhar ón ré seo anois ar fáil i mBéarla le léargas beag a thabhairt ar shamhlaíocht Uí Chonaire agus ar an chultúr cheilte sin aige?

Is é a bhí géarchúiseach mar ealaíontóir: “Caint! Caint! Caint! Nach minic a dúirt mé é; nach minic a dúirt mé le m’fhile caol dubh féin é, agus é ag cur síos ar an obair a bhí fúthu a dhéanamh; nach minic a dúirt mé nach ndéanfaí aon ghníomh arís go deo in Éirinn ach caint! Caint! Caint!”

Ná bac leis an chaint!

Léigh! Léigh! Léigh!

Ollamh nua ar Mhá Nuad

Scoláire as Béal Feirste, an Dochtúir Fionntán de Brún (47), atá ceaptha ina Ollamh le Gaeilge i Má Nuad, ceann de na ranna Gaeilge is cáiliúla in Éirinn.

Is fada de Brún agus a mhuintir ag plé le cúrsaí Gaeilge. Bhí a thuismitheoirí Séamus agus Máire i measc na ndíograiseoirí a chuir borradh faoi Chumann Chluain Ard sna 1950í agus 1960í, ceann de na hionaid teanga is tábhachtaí sa chathair, an t-am sin agus ó shin. Bhí de Brún féin ar dhuine den ghlúin úr a tógadh le Gaeilge sa chathair.

Fuair sé bunscolaíocht ag na Bráithre Críostaí agus d’fhreastail ar Choláiste Mhaolmhaodhóg, meánscoil a raibh Eoin Mac Néill uirthi tráth agus áit a raibh Colm Beckett, saineolaí ar Aodh Mac Domhnaill (1802-67), ag teagasc na Gaeilge. Bhain sé céim amach sa Léann Cheilteach agus sa Fhraincis in 1992 in Ollscoil na Banríona, mar a mbíodh Ruairí Ó hUiginn, an té a bhfuil sé ag teacht i gcomharbacht air, á theagasc.

Chaith sé ceithre bliana ina léachtóir i gColáiste Bhéal Feirste agus ocht mbliana ina léachtóir i gColáiste Ollscoile Naomh Muire. Ceapadh ina léachtóir ar Ollscoil Uladh, i gCúil Raithin agus i mBéal Feirste, é in 2006, mar a raibh sé ina léachtóir sinsearach le Gaeilge ó shin.

Tá a bhean chéile Jacaí ina comhairleoir oideachais ag an Áisaonad Lán-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire ar Bhóthar na bhFál.

An litríocht an réimse léinn is ansa leis. Ba é a scríobh Seosamh Mac Grianna: an Mhéin Rúin (2002) agus tá go leor scríofa aige faoi stair na hAthbheochana, Belfast and the Irish Language (2006) ina measc.

Tá ailt leis sna hirisí acadúla ar ábhar ar nós filíocht an 19ú haois, stair an chaighdeáin, saothar an Phiarsaigh agus eile. Tá sé ag obair ar théama an athbheochanais i litríocht na Gaeilge le tamall anuas agus tá Cló Ollscoil Chorcaí le monograf Béarla leis a fhoilsiú ar an ábhar seo gan mhoill.

Is scríbhneoir cruthaitheach é a bhfuil cnuasach gearrscéalta i gcló aige, Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile (2005), agus tá úrscéal idir lámha aige.

Tá an-bhaint aige leis an Ghaeloideachas agus leis an oideachas aosach i mBéal Feirste; chaith sé 10 mbliana ina chathaoirleach ar Bhunscoil Bheann Mhadagáin agus tá sé ar fhoireann Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ó bunaíodh in 2000 í.