Seán Ciarraí agus cúrsaí síochána

Bronnadh duais síochána ar Sheán Ciarraí ach conas a thuill sé é?

Bhí mé leath ag éisteacht leis an raidió an tseachtain cheana idir a bheith ag iarraidh puisbhia a thabhairt don chat agus féachaint ar ith an t-asal cuid na gcomharsan nuair a shíl mé gur airigh mé scéala a chéas im lándúiseacht mé.

Is maith go raibh na calóga arbhair ite faoi seo óir léim an mhias ar an mbord as féin nuair a fógraíodh gur bronnadh Dámhachtain Idirnáisiúnta Síochána Thiobraid Árann ar Sheán fada Ciarraí na Stát Aontaithe.

Ní fíor ar fad gur iarr sé ar a rúnaí a fháil amach an raibh an Tupperwari seo níos gaire don Afganastáin nó don Chambóid.

Ach bhí iontas air nuair a tugadh léarscáil dó mar shíl sé nach raibh ach dhá stát ar oileán beag na hÉireann.

READ MORE

Is dócha gur cheart dúinn a bheith buíoch nár bronnadh ar Vlad Putin é, nó ar Abu Bakr al-Baghdadi, óir tá stair amhrastúil go maith ag leanúint na nduaiseanna síochána seo.

Nuair a chuimhníonn tú gur tugadh an Duais Nobel Síochána do Yes Sir Yourafart agus d’Aonrí Kissenger, gan ach beirt as liosta fada náireach a lua, b’fhéidir nár cheart do thóin an ghaidhrín a bheith i mbaol ciceála nuair a fógraíodh an Ciarraigheach.

Tar éis an tsaoil, nó tar éis an tsaoil eile i gcás a lán, ‘chonaic sé seirbhís’ in Vítneam.

Ní foláir nó chonaic sé níos mó ná sin, ach mo léan, my lai géar, is mór an seans go bhfaca sé corpáin chomh maith sa chogadh gránna sin.

Och, my lai géar arís, níor chogadh a bhí san ionsaí a dhein Ciarraí agus a chairde ar Vítneam, ach oibríocht phóilíniúil, cosaint ar chóstaí Chalifornia ar eagla go dtiocfadh naomhóga an Viet Cong ina dtreo gona gcuaráin agus hataí ríse.

Cabhair mhór é scrios Vítneam le duais síochána ar bith a bhaint.

Is í an íoróin nach bhfeictear amuigh an t-oighear is géire istigh.

Fógraíodh duais mhór seo síochána Thiobraid Árann cothrom an lae 100 bliain ó shin nuair a crochadh Roger Casement. Tá’s againn cérbh é.

An cosantóir aonair ba mhó dar sheas ar son cearta an duine lena ghuth uaigneach singilte féin riamh, b’fhéidir. Bhí sé go mór i gcoinne lámha a theascadh de dhaoine sa chás is nach sroichfeadh siad an quóta rubair a d’fhógair an Rí úd Leo a raibh na Réamannaigh an-thugtha dó.

An Bheilg bhocht! An Bheilg shaibhir ag marcaíocht ar mharú agus ar sclábhaíocht na milliún.

Thuig Casement nach raibh saoirse na hÉireann ar deighilt ó shaoirse gach pobail eile a shantaigh saoirse.

An-simplí go léir.

Is é a thuig sé go raibh gach Hinde is gach Yakuti is gach Iboka is gach Mbuti is gach Babona is gach Zande is gach Lupu is gach Tetela is gach Songo agus gach eile siar amach go deireadh an aistir chomh luachmhar ina mbeatha le gach mionEorpach agus mórÉireannach agus go fiú le gach duine as Tiobraid Árann.

Nílim lánshealbhaithe air go gcreideann Seán fada Ciarraí an méid sin.

Go deimhin i rith na seachtaine uafásaí barbaraí céanna sin inar gearradh scornach bhinn bheannaithe an Athar Hamel in Rouen, mharaigh aerfhórsa Sheáin Chiarraí agus na Beairice Ó Buama ar a laghad cheithre scór fear, ban is páistí i mbaile beag Tokhar sa tSiria.

Níor airigh tú sin, ar airigh?

Cén fáth nár chuala, dar leat?

Taighdigh leat má tá an bolg chuige agat.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar