Scaradh na gcompánach


Is léiriú é foláireamh an Tánaiste Joan Burton faoi atoghadh Fhine Gael mar rialtas ina n-aonar ar an bpráinn a mhothaítear sa Lucht Oibre lena gcuid sóisialachais a athfhógairt. Tá cúis mhaith aici a bheith buartha.

Is é Páirtí an Lucht Oibre is measa a thiocfaidh as an gcomhrialtas seo agus is léir go bhfuil FG ag smaoineamh cheana féin ar rogha eile pháirtnéara.

Breathnóidh an Rialtas ar an mbliain 2015 mar thréimhse ina dtáinig casadh suntasach chun feabhais ar an mbóthar ar ais ón tubaiste eacnamaíoch. Is féidir le páirtithe an fhreasúra aird a dhíriú ar an íobairt ard shóisialta atá déanta ag an bpobal. Ach is fánach dóibh a bheith ag easaontú leis na figiúirí a d’eisigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) Dé hAoine a léirigh fás breis is sé faoin gcéad ar an eacnamaíocht.

Ceol le cluasa Michael Noonan, an tAire Airgeadais, a bhí ann cé go raibh foláireamh ann freisin nár chóir glacadh leis mar chuireadh chun gearradh flaithiúlach ar cháin a dhéanamh – comhairle nár léir ar gheallúintí Enda Kenny ag an deireadh seachtaine.

READ MORE

Is Rialtas é seo atá ag fanacht le fada le haitheantas éigin ón bpobal as a bhfuil déanta acu. Is féidir leo anois toghchán a throid leis an bhfianaise lom go bhfuil na figiúirí fáis, fostaíochta agus cánach an-sláintiúil.

Léiríonn an phobalbhreith is déanaí go bhfuil níos mó daoine sásta an t-aitheantas sin a thabhairt. Tá tacaíocht Fhine Gael anois ag 32 faoin gcead agus Páirtí an Lucht Oibre ar 9 faoin gcéad. Bliain ó shin bhí Fine Gael ar 21 faoin gcéad agus an Lucht Oibre ar 6 faoin gcéad.

Dá mba ar fhigiúirí eacnamaíochta amháin a thoghfaí rialtas, d’fhéadfadh an dá pháirtí rialtais a bheith measartha dóchasach.

Braitheann a lán áfach ar an mbealach ina bhfeiceann daoine na polasaithe ‘éifeachtacha’ seo ag dul i bhfeidhm ar a saol féin.

I rith na bliana, bhí trí fhadhb mhóra sna sála ag an gcomhrialtas agus ní léir go bhfuil siad ag fáil an cheann is fearr orthu – na seirbhísí sláinte, easpa tithíochta nó dídine agus cúrsaí uisce.

Cé gur ceapadh Leo Varadkar ina Aire Sláinte 18 mí ó shin, is beag seachtain i 2015 nár thug léi sampla eile de na seanfhadhbanna.

Tá sé tugtha le fios aige freisin go bhfuil geallúint mhór Fhine Gael chun Árachas Sláinte Do Chách a sholáthar míréadúil agus curtha ar an mhéar fhada.

I gcúrsaí tithíochta, níor éirigh leis an Aire Alan Kelly cíosanna a cheangal leis an mboilsciú ach d’éirigh leis srian éigin a chur le harduithe cíosa go ceann dhá bhliain.

Thosaigh 2015 le léirsiú mór náisiúnta in aghaidh táillí uisce agus is mar sin a thosóidh 2016. I mí Eanáir tá an feachtas frith-tháillí meáite ar a chur i gcuimhne don Rialtas go mbeidh sé seo ina ábhar mór i rith an toghcháin.

Níor íoc ach beagáinín thar 50 faoin gcéad den bpobal billí Uisce Éireann i 2015.

Is faoin Aire Phil Hogan, FG, a cuireadh Uisce Éireann ar bun. Ach ar an drochuair do Pháirtí an Lucht Oibre, is aire dá gcuidne, Alan Kelly, a chuir chun cinn é go díograiseach agus a thug aghaidh phoiblí dó.

Tá dochar ollmhór déanta don bpáirtí ag an raic seo i gceantracha bochta ina mbíodh tacaíocht acu. Is astu sin atá cuid mhór den bhfeachtas in aghaidh táillí ag teacht.

Beidh sé mar aidhm ag Burton an tacaíocht atá imithe chuig Neamhspleáigh agus chuig Sinn Féin a fháil ar ais. Is í sin an chúis go gcluintear anois uaithi caint ar ardú ar an mbunphá náisiúnta, athruithe ar an USC agus leideanna go bhfuil cúrsaí pinsin ina n-ábhar imní di.

Idir an dá linn, tá Fine Gael ag iarraidh freastal ar an dá thrá: lucht rachmais agus lucht oibre.

Beidh sos coicíse ag ár dTeachtaí Dála agus é tuillte acu. Ach ní ar an Nollaig a bheidh cuid mhór acu ag smaoineamh ach ar an mbaol nach mbeidh aon phost acu faoin gCáisc. Anois sin ábhar buartha a chuirfeadh éinne ó lúcháir na féile.

SEÁN Ó hÉALAÍ