Scéalta rúnda na meán faoi scrúdú

Breandán Delap, iriseoir agus eagarthóir

Breandán Delap, iriseoir agus eagarthóir

Wed, Mar 19, 2014, 01:10

Is breá le hiriseoirí comhluadar a chéile. Is breá leo bheith ag malartú scéalta faoi chomhcheilg nó scannal nó faoi na cleasanna a bhíonn acu chun teacht ar scéal.

Sa leabhar, Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life) , in eagar ag Breandán Delap, cuireann 16 iriseoir síos ar a dtaithí i réimsí éagsúla de cheird na hiriseoireachta agus roinneann siad linn cuid dá scéalta.

Tá cuid acu fostaithe go lánaimseartha sna meáin Ghaeilge agus cuid eile sna meáin Bhéarla, ach iad ar fáil go minic chun agallamh a dhéanamh nó alt a scríobh i nGaeilge. Bíonn deacrachtaí ar leith áfach ag iriseoirí Gaeilge nach mbíonn ag a gcomhghleacaithe sna meáin Bhéarla.

Saineolaithe le cumas maith Gaeilge a aimsiú chun agallamh a dhéanamh an phríomhdheacracht a luann Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Breandán Delap, Clár-Eagarthóir le Nuacht RTE/TG4. “Tá an ganntanas cainteoirí maithe agus a laghad Gaeilge atá acu siúd atá sa saol poiblí in Éirinn ar cheann de na hábhair chlamhsáin is mó atá ag chuile iriseoir atá ag plé le cúrsaí reatha sna meáin chraolta Gaeilge,’’ a deir Ní Thuairisg.

Luann sí seifteanna éagsúla a bhíonn acu in RnaG chun an beagán atá ann a aimsiú : “Titeann muid ar chuile ainm Gaeilge sna nuachtáin mar a thitfeadh faoileáin ar phíosa de ronnach.’’

Agus ainneoin an méid cainte a dhéantar faoi bhorradh faoin ghaeloideachas “is mó Gaeilge atá ag an seandream ná mar atá ag an aos óg’’ dar léi.

Aontaíonn Delap léi gurb é an ganntanas saineolaithe le Gaeilge is cúis leis na daoine céanna bheith le cluinstin nó le feiceáil ar chláracha cúrsaí reatha gach lá.

Measann sé go bhfuil na cainteoirí Gaeilge ann ach dul ar a dtóir. Ach deir sé gurb iomaí iriseoir Gaeilge nach mian leis nó nach ligeann an fhalsacht dó dul ag cuardach cainteoirí oilte ar ábhair éagsúla nár chualathas cheana.

Luann Delap agus Ní Thuairisg araon a dheacra agus atá sé cruacheisteanna a chur ar pholaiteoir a bhfuil Gaeilge bhriotach aige.

Ardaíonn Delap roinnt ceisteanna eile, ina measc ar cheart do na meáin Ghaeilge díriú ar scéalta faoi eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta nó faoi bheartas an Stáit i leith na Gaeilge?

Agus é ag tabhairt comhairle d’ábhar iriseoirí deir Seán Tadhg Ó Gairbhí, iareagarthóir an nuachtain Foinse “ná tabhair aon aird orthu siúd a deir nach bhfuil suim ag pobal na Gaeilge i scéalta faoin Ghaeilge’’.

Tugann údair eile faoi chomhairle a chur ar an ábhar iriseora. “Seacht Suáilce an Iriseora” is teideal d’alt Phádraig Uí Chiardha, Leas-Cheannasaí TG4 agus tá fiosracht ar bharr a liosta.

Díríonn Antain Mac Lochlainn ar shlite chun friotal Gaeilge a aimsiú le cur síos ar choincheapa a thagann chugainn ó shaol mór an Bhéarla .

Tá cuntas beoga ag Rónán Mac Con Iomaire, Leas-Cheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na ceachtanna a d’fhoghlaim sé féin i meáin éagsúla. Feictear dó, “in ainneoin níos mó foinsí nuachta ann ná mar a bhí roimhe níl ardú dá réir tagtha ar an líon iriseoirí Gaeilge atá ag briseadh agus ag forbairt scéalta as an nua’’.

Ar ndóigh, tá iriseoirí ann a théann thar fóir ag iarraidh scéal a bhriseadh agus cuireann Cathal Mac Coille, láithreoir ar an chlár raidió, Morning Ireland síos ar an dochar is féidir le hiriseoir mífhreagrach amháin a dhéanamh do cheird na hiriseoireachta i gcoitinne.

Is minic a chuirtear mífhreagracht i leith an phreasa thablóidigh. Cé nach séanann Pól Drury, a chaith seal ina eagarthóir ar chúig thablóid éagsúla, a mífhreagracht ó am go chéile, deir sé gur “cuid riachtanach den phreas saor an tablóideachas’’.

Is liosta le háireamh na hiriseoirí eile a roinneann a scéalta linn: Póilín Ní Chiaráin ar an chogadh sa Tuaisceart, Deaglán de Bréadún ar agallaimh a rinne sé, Máirín Ní Ghadhra ar na dúshláin a chothaíonn na meáin nua sóisialta, Máirtín Ó Muilleoir ar a chuid iarrachtaí brabús a dhéanamh ar nuachtán laethúil Gaeilge, Seán Ó Cuirreáin ar a thaithí ar dhá thaobh den chlaí, Harry McGee ar rúndiamhra na polaitíochta, Cillian Fennell ar chleasanna an ghníomhaire chaidrimh phoiblí.

Is fiú go mór a scéalta a léamh.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.