Scéal ‘Mhichíl’ – cara a thugann spreagadh agus inspioráid dom

Baineann scéal ‘Mhichíl’ le cúrsaí bochtaineachta agus andúile


Tá ‘Micheál’ anois sna 50í. Rugadh agus tógadh é i gceann de na bloic árasán poiblí aithnidiúla a raibh a lán fadhbanna sóisialta ag baint leo – ráta ard dífhostaíochta, caighdeán fíoríseal oideachais, deacrachtaí tromchúiseacha tithíochta.

Bhí 12 i dteaghlach ‘Mhichíl’. Nuair a bhí sé an-óg, rinneadh bulaíocht air – toisc go mbíodh spéaclaí á gcaitheamh aige. Chuir an t-alcólachas go mór isteach ar shaol an teaghlaigh. Nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois bhuail tinneas tromchúiseach a athair, rud a d’fhág go raibh ar a mháthair dul amach chun airgead a thuilleamh.

Fágadh ‘Micheál’ ar a chonlán féin. Thosaigh sé ag múitseáil ón scoil agus ‘ag codladh amuigh’. Ba mhinic a tugadh léasadh dó sa bhaile. “Nobody was there to guide mé,” a deir sé liom. Chaith sé a chéad bhabhta príosúnachta in St. Pats, nuair a bhí sé 16 bliain d’aois.

Chaith sé timpeall 12 bliain isteach nó amach as príosún, ina measc sin tréimhse thall i Sasana. D’éirigh sé gafa go mór le drugaí, go háirithe le hearóin. Rinne sé a lán iarrachtaí éirí as na drugaí.

READ MORE

Sna tréimhsí a raibh sé ‘glan’, thosaigh sé ag ól alcóil – á cheapadh go raibh sé sin normálta.

Ach ba ghearr go raibh sé ar ais ag instealladh hearóine. Faoi dheireadh, chuaigh a shaol ó smacht go hiomlán.

I ndeireadh na dála, 10 mbliana ó shin, rinne sé cinneadh an-dearfa, cinniúnach, a shaol a chasadh timpeall. Bhí a chlann féin aige um an dtaca seo. Tar éis tráth in ionad díthocsainiúcháin, bhain sé an-tairbhe as an gclár Támhshuanaigh gan Ainm (Narcotics Anonymous – NA).

Rinne sé dul chun chinn iontach an babhta seo toisc gur staon sé, ní amháin ó na drugaí neamhdhleathacha, ach ón alcól chomh maith.

Ba chuid mhór dá ‘athshlánú’ an cinneadh sinn agus an cinneadh a rinne sé páirt a ghlacadh i gcúrsaí pobail. Thuig sé óna thaithí phearsanta agus ó na cúrsaí oideachas a rinne sé go raibh dlúthbhaint idir cúrsaí andúile agus cúinsí sóisialta pobail. Anois tá sé i gceannas ar ghrúpa sláinte d’fhir óga agus ar ghrúpa eile d’fhir.

Tá aithne agam ar ‘Mhicheál’ ó bhí sé óg. Thug mé cuairt air sa phríosún. Bhí mé ann nuair a bhí sé as a mheabhair de bharr na ndrugaí. Bhí mé bainteach leis nuair a bhí sé ag obair ar a chlár athshlánaithe.

Agus anois, feicim go soiléir an t-ionchur an-dearfach atá ar siúl aige i measc an phobail.

D’fhiafraigh mé de cé na ceachtanna a d’fhoghlaim sé agus cad a thugann dóchas dó.

Leag sé béim ar chomh tábhachtach atá sé na nithe nach bhfuil sláintiúil a ligean uaidh; a bheith ábalta idirdhealú a dhéanamh idir na rudaí is féidir leis a athrú agus na rudaí nach féidir; a bheith ag faire amach i gcónaí dóibh siúd atá thíos; glacadh leis an áit lárnach atá ag an gclann agus go mór mór gach iarracht a dhéanamh déileáil i gceart leis an iliomad rudaí a tharla a chuireann olc air.

Chuir sé béim ar an neart a fhaigheann sé ó Dhia nó ó “chumhacht níos airde”.

Luaigh sé chomh maith go dteastaíonn uaidh níos mó a fhoghlaim mar gheall ar Íosa – go mbeadh a thuiscint féin aige ar aigne, ar dhearcadh agus ar shaol Chríost.

Bíonn caint ag roinnt diagairí mar gheall ar an ‘bhFíor-Chríost’ nó an Íosa stairiúil. Bíonn staidéar sainiúil ar siúl acu chun dul i dteagmháil leis an Íosa sin sna soiscéil. Is é mo dhearcadh agus mo chreideamh féin go mbuailtear leis an ‘bhFíor-Íosa’ i ndaoine mar mo chara ‘Micheál’.

Tá Íosa beo ann. Is ionann aithne a chur air agus aithne a chur ar an ‘bhFíor-Íosa’.

As eagrán na Nollag de An Timire a thagann an t-alt seo. Tá síntiús le fáil ag antimire@gmail.com

TONY MAC CÁRTHAIGH