Scéal úr gan meirg air – an t-úrscéal sa Ghàidhlig

Tá scéim nua ag forbairt an úrscéil in Albain


Dála a chomhionainn sa Ghaeilge, tosaíonn graf an úrscéil nua-aimseartha Ghàidhlig ag tús an chéid seo caite. Foilsíodh an chéad úrscéal sa Ghàidhlig, Dùn Àluinn le Iain MacCormaic, in 1912, 11 bliain i ndiaidh eisiúint Cormac Ua Conaill leis an Athair Pádraig Ua Duinnín (arbh é an chéad úrscéal sa Ghaeilge, dar le Breandán Delap). Nocht an dara ceann, An t-Ogha Mòr le hAonghas MacDhonnachaidh, an bhliain ina dhiaidh.

Dála Cormac Ua Conaill, úrscéalta stairiúla ba iad Dùn Àluinn agus An t-Ogha Mòr: an chéad cheann suite le linn Bhánú na Gàidhealtachd agus an dara ceann ag plé leis an tréimhse idir dhá éirí amach na Seacaibíteach in 1711 agus 1745.

Ach murab ionann agus cás an úrscéil Ghaeilge, níor foilsíodh ach dornán úrscéalta sa Ghàidhlig idir na hiarrachtaí luatha seo thuas agus tús an chéid seo. Chuir an iris Gairm go mór le forbairt na filíochta agus an ghearrscéil, ach tá sé níos costasaí úrscéal a chur i gcló agus is dócha gur braitheadh nach mbeadh mórán ráchairte ar a leithéid. Is beag foilsitheoir a bhí sásta dul san amhantar.

In 2003, áfach, cuireadh corr i gcinniúint an úrscéil Ghàidhlig. Bhunaigh Comhairle na Leabhar scéim nua darb ainm “Ùr-Sgeul”, arna maoiniú ag Comhairle Ealaíon na hAlban, d’fhonn próslitríocht nua a spreagadh, a mhaoiniú agus a chur chun cinn.

READ MORE

Eisíodh an chéad leabhar a foilsíodh faoin scéim i mí Lúnasa 2003: cnuasach dátheangach de ghearrscéalta le Màrtainn Mac an t-Saoir, dár teideal Ath-Aithne. Ní fada ina dhiaidh sin gur nocht an chéad úrscéal: An Oidhche mus do Sheòl Sinn le hAonghas Pàdraig Caimbeul.

Eipic uaillmhianach atá ann, faoi anáil One Hundred Years of Solitude le Gabriel García Márquez. Leanann an scéal teaghlach amháin de bhunadh na n-oileán tríd an chéad seo caite, ag tabhairt léargas íogair ar na hathruithe a tháinig ar shaol na Gàidhealtachd.

Cé go bhfuil saothar Chaimbeul fréamhaithe go daingean i gcultúr na nGael, tá a scóip i bhfad níos fairsinge, ag plé le himeachtaí móra na linne (mar shampla, An Cogadh Mór agus Cogadh Cathartha na Spáinne) agus ceisteanna tromchúiseacha ar nós na bochtaineachta, an choilíneachais, na himirce agus an chreidimh.

Ghnóthaigh Ath-Aithne agus An Oidhche mus do Sheòl Sinn ardmholadh ó lucht critice agus tharraing siad aird an phobail ar nualitríocht na Gàidhlig. Bhí ré úr ag tosú.

Tá beagnach 40 leabhar foilsithe faoi scéim Ùr-Sgeul anois, úrscéalta a bhformhór. Saothair d'ardchaighdeán iad, bíodh is nach bhfuil gach ceann díobh chomh hardliteartha le An Oidhche mus do Sheòl Sinn. I mo thuairim féin, is iad fairsinge, éagsúlacht agus úire an chorpais na trí rud is mó a théann i bhfeidhm ar an léitheoir a thugann spléachadh air.

Tá idir scríbhneoirí móra na Gàidhlig (mar shampla, Iain Mac a’ Ghobhainn) agus scríbhneoirí nua le sonrú ann. Idir óg agus aosta. Idir fhireann agus bhaineann. Gàidhealtachd agus Galltachd. Cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí líofa.

Agus tá an ilchineálacht chéanna le brath ar na leabhair féin, ó thaobh seánraí, téamaí agus stíl de. Tagann an iliomad ábhar faoi raon phinn na scríbhneoirí: caidrimh, cleasaíocht, cogadh, polaitíocht, scéalaíocht, coiriúlacht, timpeallacht, grá, athmhuintearas, an bás agus an bheatha...

Tugann an corpas camchuairt na hAlban, ó Inse Gall, mar a bhfuil athruithe móra ag teacht ar shaol traidisiúnta na n-oileán, go príomhchathair na tíre.

Agus léirítear dhá thaobh na cathrach céanna: tá Gymnippers Diciadaoin le Màrtainn Mac an t-Saoir suite i gcaiféanna compordacha na meánaicme ach is le troid i dteach tábhairne garbh a thosaíonn Shrapnel le Tormod Caimbeul.

Agus is i ndomhan draíochtúil na seanscéalta béaloideasa a thiteann imeachtaí an scéil amach in Gormshuil an Rìgh le Fionnlagh MacLeòid.

Is suntasach a idirnáisiúnta is atá an corpas freisin. Ach, sin ráite, nach scéal idirnáisiúnta é stair na nGael? Scéal misinéara i ndufair na hAfraice a insítear in Am Miseanaraidh le hIain Mac a' Ghobhainn.

Ní litríocht imeallach nó inbhreathnaitheach atá i gceist sna saothair seo ach ficsean nuálach nua-aimseartha a bhfuil muinín le brath air. Níl aon dabht ach gur mór an t-éacht atá déanta ag scéim “Ùr-Sgeul”, ag soláthar ficsean úr do phobal Gàidhlig na 21ú haois.