Saothar Uí Chorcora ag spreagadh díospóireachta go fóill

Tá 50 bliain ann ó fuair an fear ilghnéitheach sin Dónal Ó Corcora bás. Múinteoir scoile, scríbhneoir, léachtóir, polaiteoir agus fealsúnaí ab ea é.

Thug sé faoi cheisteanna móra cultúrtha a linne: litríocht agus náisiúnachas; cad is litríocht Éireannach ann; áit na Gaeilge sa Stát nua agus mar sin de.

Rugadh agus tógadh é i gCnoc Ghairdinéir, Corcaigh. Cháiligh sé mar mhúinteoir bunscoile agus bhí sé ag múineadh i scoileanna náisiúnta i gcathair Chorcaí.

Dalta amháin a bhí aige a thuill clú agus cáil mar scríbhneoir i mBéarla ina dhiaidh sin ab ea Frank O’Connor.

READ MORE

Go luath ina 20í a bhí sé nuair a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge agus níorbh fhada go raibh sé an-ghníomhach i gConradh na Gaeilge. Bhunaigh sé féin, Traolach Mac Suibhne agus grúpa beag eile an Dún Theatre (Cork Dramatic Society) i Samhain 1908 agus fonn orthu an Ghaeilge a chur in áit an Bhéarla mar theanga na drámaíochta.

An bhliain ina dhiaidh sin, bhuail sé le Piaras Béaslaí agus dúirt sé féin gur faoi thionchar an fhir sin a thosaigh sé ag déanamh staidéir ar fhilíocht na Gaeilge.

I 1921, thosaigh sé ag múineadh ealaíne, adhmadóireachta agus Gaeilge faoi Choiste Teagaisc Teicniúil Chontae Chorcaí. Bhí sí i gcoinne an Chonartha Angla-Éireannaigh agus rinne sé iarracht an dá thaobh a thabhairt le chéile.

Faoin am gur cheapadh ina Ollamh sa Bhéarla é i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i 1931, bhí a lán foilsithe aige: A Munster Twilight agus The Hounds of Banba (gearrscéalta); The Threshold of Quiet (úrscéal); The Labour Leader; The Yellow Bittern agus Resurrection (drámaí). Ach is dócha gurb iad a leabhair léirmheastóireachtaThe Hidden Ireland agus Synge and Anglo-Irish Literature na leabhair ba cháiliúla – agus ba chonspóidí – a scríobh sé.

Lochtaigh scoláirí a mhodheolaíocht agus a thuairimí sa dá leabhar agus cuireadh ina leith go raibh dearcadh áitiúil, cúng, inmheánach agus leithleasach le sonrú iontu.

Ach dúirt an scoláire Seán Ó Tuama go raibh Ó Corcora ceart nuair a thaispeáin sé sa Hidden Ireland go raibh difríochtaí tábhachtacha ann idir an fhilíocht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ó thaobh modhanna (friotal, uaim, rithim srl), briathraíocht agus éifeacht de. Dúirt scoláirí eile gur leag Ó Corcora béim ar na nascanna a bhí ann idir Éirinn agus an mhór-roinn agus go ndearna sé comparáid idir Ó Rathaille agus Whitman, Ó Súilleabháin agus Villon, agus gur thaispeáin sé gur múineadh, ní hamháin Gaeilge ach Laidin, Gréigis agus Béarla i scoileanna na mBard.

Dar leis na scoláirí seo, leabhar a chosain litríocht, oideachas, ilchultúrachas agus ilteangachas ab ea The Hidden Ireland.

Shíl na scoláirí a cháin Synge and Anglo-Irish Literature gurbh é bunteoiric an leabhair ná nárbh fhéidir le héinne ach náisiúnaí Caitliceach litríocht fíor-Éireannach a scríobh.

Bhí an-tionchar ag scríbhneoireacht Uí Chorcora orthusan a bhí sna rialtais éagsúla ó na 1920í go dtí na 1960í .

BRIAN MAYE