Samhnas le cleamhnas ar líne

Na peacaí is measa ar na meáin sóisialta


Cé go mbaineann cuid mhaith den slua singil feidhm as suíomhanna scórála ó am go chéile, ní bhíonn siad i gcónaí fírinneach faoi. Cluintear úsáideoirí ag “teacht amach” níos minice, áfach.

Tosnaíonn an comhrá go ciúin i gcoirnéal na hoifige nuair a thaispeánann duine amháin pic próifíle dá chara, a lámh ag clúdach an ghutháin go cúramach ón chomhluadar sa seomra.

Scaoiltear rún i ndiaidh rúin thar tréimhse go dtí go bhfógraíonn oibrí crógach amháin lena chomhghleacaithe go bhfuil coinne aige an oíche sin – le fear nó bean ar bhuail siad leo ar ghréasán grá.

Ansin, le faoiseamh na fírinne, tagann na scéalta go flúirseach go dtí go mbíonn an grúpa uilig ag plé bhuntáistí agus mhíbhuntáistí na suíomhanna difriúla go hoscailte. Dóibh siúd atá ag smaoineamh faoi phróifíl a chruthú, b’fhiú go mór bheith airdeallach ar na gearáin is coitianta.

READ MORE

Róchairdiúil róluath: níl gá le póigíní ag deireadh gach teachtaireachta agus b'fhiú a rá nach gcothaíonn an beannú "Hi xx" comhrá róspreagach. Is cnámh spairne é ag daoine chomh maith nuair a fhaightear 20 teachtaireacht i ndiaidh a chéile, an tón ag éirí ionsaitheach de réir mar a dhéantar neamhaird orthu. Is ríthábhachtach an fhoighne.

Barraíocht eolais: tá an iomarca ceisteanna le freagairt ar chuid de na suíomhanna. Ní amháin gur pian sa tóin é foirmeacha a líonadh ach is namhaid é an t-eolas ag an mhistéir. Má bhíonn mionsonruithe do shaoil ar eolas ag do ghrá geal sula mbíonn deoch agaibh le chéile fiú, cad é a bheas le plé le linn an dinnéir?!

Gréasán na mBréag: tá sé i bhfad níos fusa bréag a inse ar shuíomh idirlín ná os comhair duine. Mar shampla, na mná a deir go bhfuil dúil mhór acu i ngníomhaíochtaí allamuigh nuair nach bhfeictear faoin spéir iad ach amháin ag doras an phub ag caitheamh tobac. Nó na fir a cheapann go bhfuil an tír seo mór go leor le go dtiocfadh leo cur i gcéill nach bhfuil siad pósta.

Neamhphearsantacht an phróisis: déantar cinneadh an-tapa ar phróifílí ar líne. Cosúil le catalóg, bíonn sonruithe na ngrá-earraí leagtha amach in aici le grianghraf: airde; meáchan; aois. Muna dtaitníonn íomhá amháin leat bogann tú ar aghaidh go dtí an chéad cheann eile. Samhlaigh dá mbeifeá ag brú duine ar leataobh sa phub chun na daoine taobh thiar dó a fheiceáil.

An iomarca ar taispeáint: deirtear gurb é an rud is tábhachtaí ar phróifíl ná an grianghraf; an íomhá a úsáideann daoine chun iad féin a "dhíol". Ach roghnaíonn cuid de na fir grianghraf garamhairc dá gcliabhrach nó de mheatáin a mboilg. Is cuma cé chomh teann is atá siad, gan aghaidh san íomhá is deacair a rá cé leis an cholainn.

Ar scáth a chéile: ceapann daoine eile é a bheith níos fusa grá geal a mhealladh má tá cara dóighiúil dá gcuid sa ghrianghraf leo. Is cosúil go bhfuil siad ag rá "Féach! Is maith le daoine dóighiúla mé. Tabhair seans domh!"

Saoirse na stácálaithe: cluintear faoi dhaoine a úsáideann an áis GPS chun tomhas a dhéanamh ar sheoltaí baile. Is féidir an-chuid dochair a dhéanamh do chaidreamh úr leis na focail "Feicim nach bhfuil tú ach 150 méadar ar shiúl uaim anois... " Mholfainn do dhaoine an GPS a chur as má bhíonn stácálaithe sa tóir orthu.

Falsacht: seolann úsáideoirí áirithe an sliocht céanna chuig cuid mhór daoine, aiste fhada faoi dhea-ghnéithe a bpearsantachta, macántacht san áireamh de ghnáth. Ach ní cleas cliste é "gearr is greamaigh" nuair a dhéantar dearmad an t-ainm a athrú ag barr na teachtaireachta. Óps!

Neamhaird ar bhéasaíocht: cosúil le córais shóisialta eile tá rialacha neamhráite ag baint leis na gréasáin seo. Mar shampla, má fheiceann tú duine ar líne a bhfuil aithne agat orthu sa ghnáthshaol is é an rud a ba chóir a dhéanamh ná ligean ort féin nach bhfuil siad feicthe agat. Is cinnte nár chóir teagmháil a dhéanamh leo tríd an suíomh ná é a lua nuair a fheiceann tú ar an tsráid iad.

Ainmneacha Amaideacha: ní minic a fheictear ainm úsáideora sa Ghaeilge ach déarfainn go bhfuil a leithéid de "Rí na Rómánsaíochta", agus "Mac Tíre Macánta" in iomaíocht lena chéile ar shuíomh éigin chun "Banríon do Bhrionglóidí" nó "Pógadóir Paiseanta" a mhealladh. Cá bhfios!

Ag logáil amach.