Saighdiúirí a sheas – agus a d’imigh

‘Bhuamarna an cogadh; ní rabhamar páirteach ann!’

Tá Acht tugtha isteach ag an Aire, mar dhea, Cosanta agus Saighdiúirí agus Póilíní Péas a thabharfaidh maithiúnas do na mná agus do na fir a thréig an Stát nuair a bhí baol ár ngabhála ann ag Sacsanaigh agus ag AnglaShacsanaigh agus ag OirShacsanaigh anoir ón nGearmáin féin blianta an chogaidh.

Ní mór ná gurb é brí an Achta seo ná go raibh sé ceart go leor, agus intuigthe, agus inmhaite, agus go fiú inmholta go dtréigfeadh daoine an tArm agus go ngabhfadh siad le harm eile.

Is de shuimiúlacht sa dioscúrsa poiblí Éireannach go ngairmtear go minic “The Irish Army” ar shaighdiúirí an Stáit seo, agus “The Army” ar cheann na Banríochta.

B’fhéidir gur leor an cúpla focal seo le dílseacht bhunaidh go leor de ghéillsinigh na n-oileán abhus a chomharthú.

READ MORE

Is neamhghá a rá go raibh ‘An Éigeandáil’ mar shlánchuid, dá mba imeallach féin í, den ghéarchéim fhorleathan ar fud na hEorpa le linn an Domhanchogaidh Mhóir Bharbartha cheana. Níorbh ionann cás na dtíortha a d’fhan i leataoibh na slí agus iad siúd i lár an áir. Formhór na dtíortha san ár sin gan chuibheas, is amhlaidh nár dá ndeoin féin a slogadh isteach ann iad.

Formhór na dtíortha sin, is amhlaidh gur slogadh isteach iad toisc gur deineadh ionsaí orthu. Is beag tír Eorpach a shocraigh dul chun cogaidh, agus caithfear Meiriceá agus An tAontas Sóivéadach féin a chur leo sin. Ní bheadh siad ann murach go dtángthas aniar aduaidh orthu i moiche na maidne, agus i dtitimín na hoíche siar.

Níl duine ar bith ag rá nár dhaoine cróga iad siúd a chuaigh le harm na Breataine, cé go bhfuilim sealbhaithe air gur imigh go leor eile ar chúiseanna ar glas ár n-eolas orthu. Ná nílim ag maíomh nach raibh an seasamh a bhí ag an mBreatain in aghaidh na Gearmáine i rith na tréimhse sin nuair a bhí siad ina n-aonar ar an seasamh is uaisle agus is dínitiúla agus is cróga dár dhein siad riamh.

Gabhaimse orm, más beag rud glórmhar a bhain le himpireacht na Breataine, ba ghníomh uasal oirirc é seo.

Má thréig daoine cosaint na hÉireann ar son cur i gcoinne bharbaracht na Gearmáine tá moladh, agus boinn agus ribíní go gabhal dá réir, agus pinsin ag a muintir siar amach tuillte acu.

Ba cheart gur laochra de chuid na daonnachta iad. Cén duine inniu a rachadh amach faoi theas an cheatha gunnadóireachta agus a thiocfadh abhaile slán? Is é diachair an scéil gur caitheadh go dona leo, agus ba cheart i gcónaí riamh a bheith i leith na carthanachta agus na tuisceana i gcás an duine aonair agus a theaghlaigh a fágadh ar an bhfaraoir ghéar.

Níl ann ach go bhfuil tochas éigin im bhléin istigh a fhiafraíonn díom an í seo iomláine an scéil. Níl aon fhianaise lom agam gur thréig daoine cosaint na hÉireann ar son airgead an rí, ach ba mhó pingin na ríochta ag an am ná feoirling bhocht na críche seo.

Is dócha gur suarach an mhaise dom a leithéid a lua fiú amháin, ach amháin go dtugtar le fios dúinn go bhfuil maithiúnas á thabhairt do na daoine seo, agus leithscéal dá réir, toisc gur chuaigh siad amach ag troid in aghaidh an Fhaisisteachais.

Thabharfainn a seacht n-oiread d’fhear óg cróga ar bith – agus ba cheart do Stát Nua na hÉireann (rud nach dócha agus na Léinte Gorma i gcumhacht) – pinsean fada na nglúnta a thabhairt do shinsir dhuine ar bith a throid i gcoinne an Fhaisisteachais.

Ach is í an tuairim mhaol amaideach atá agam, áfach, nach ag troid in aghaidh an Fhaisisteachais a bhí na daoine misniúla seo. Is í an tuairim mhaol amaideach atá agam ná dá mbeadh siad ag troid in aghaidh an Fhaisisteachais go mbeadh siad sa Spáinn le trí bliana roimhe sin, mar a bhí daoine eile.

Is í an tuairim mhaol amaideach atá agam ná dá mbeadh rialtas na Breataine Móire in aghaidh an Fhaisisteachais nach mbeadh aitheantas tugtha acu do rialtas Franco cúpla mí sular bhuaigh sé a chogadh.

Agus is í an tuairim mhaol amaideach atá agam dá mbeadh maithe agus móruaisle na ríochta thall chomh cráite sin faoin bhFaisisteachas nach mbeadh siad chomh ceanúil sin ar
Mhussolini ar feadh i bhfad.

Tá a fhios agam go bhfuil seo saghas tuf agus gan a bheith ródheas. Is suaill más féidir léamh ar intinn an duine in aon chor. Ach cad ina thaobh go mbraithim boladh polaitiúil iarstairiúil lofa air seo? An bhfuil duine éigin ag tabhairt le fios nach raibh an seasamh a bhí againn ceart?

Ná habradh aon duine liomsa gur ar son prionsabail amháin a fearadh an t-ár.

Agus nuair a fhiafraítear cé bhuaigh an cogadh is é adeirimse le mórtas:
"Bhuamarna an cogadh; ní
rabhamar páirteach ann!"