Séis na seamróige

Is dúchasaí againne an neantóg ná an tseamróg féin


Cuir i gcás go raibh bheith istigh chomh mór ag tíortha eile ar domhan is atá againne le húdaráis na Stát Aontaithe?

Abair go raibh cead acu triall ar an Teach Bán sin ar a laethanta náisiúnta féin agus bronntanas d’fhásra nó d’ainmhí éigin a bhronnadh ar an uachtarán ansin?

Níl a fhios agam cé mhéid seomraí atá sa teach sin a thóg sclábhaithe gorma tráth den saol, ach is cinnte go bhfuil slí go leor ann le haghaidh i bhfad níos mó seamrógaíochta ná mar is féidir linne a dhearlacann orthu.

Go deimhin agus go dearfa féin, níl tuairim dá laghad agam cad a tharlaíonn don bhabhla glasuaine sin tar éis don Taoiseach imeacht.

READ MORE

An bhfágtar san fhuinneoig é d’fhonn fáilte a chur roimh Ghaela ar an mbóthar dóibh? An dtugtar don pheata coinín é dá lón? An gcuirtear i sailéad an tráthnóna mar mhalairt ar mhiontas é?

An mbaintear leas aisti mar a dhéantaí leis an duille copóige ar chúl an chlaí ceal páipéir a bheith in aice láimhe?

Is ait liom nach bhfuil binse fiosraithe i mbun na lorgaireachta seo cheana féin, nó breitheamh ar a phinsean ag cur tuairisce le chéile.

Nach bhfuilimid i dteideal a fhios a bheith againn cad a tharlaíonn do sheoid náisiúnta dár gcuid?

Ach ní chuige sin atáim, ach bronntanais na dtíortha eile a shamhlófaí.

Toisc dúchas Albanach a bheith ag Domhnall Iain agus gur de bhunadh Leódhais dá mháthair bhocht (bhuel, tá’s agat cad tá i gceist agam), nár cheart Nicola Sturgeon cuairt a thabhairt air, ciseán feochadáin a bhronnadh air agus iarraidh air é a phógadh le grá dá shinsir?

Tuigim gur dúchasaí againne an neantóg ná an tseamróg féin, ach níl feachtas ar bith ar siúl abhus d’fhonn an mhalairt seo a dhéanamh.

Sa chás is go mbeadh a fhios aige cá bhfuil an Albáin (seachas Alba), gheobhadh sé poipín dearg nó dubh – agus cé nach bhfuil cogadh ar bith fógartha go fóill aige mar uachtarán, d’oirfeadh an poipín dearg don aimsir fhaistineach.

Is é an rós suaitheantas na hIaráine, ach faraoir, tá a leithéid ag Sasana, leis; níor mhaith leat go mbeadh sé trí chéile ina dtaobh sa chás is go mbeadh tochas ar a mhéar íogair.

Seans go mbeadh sé thar a bheith sásta leis an Nigéir a bhfuil an truimpéad buí aici mar phlanda náisiúnta, agus is maith a thuigfeadh siad praghas a chéile.

Deirtear go raibh an Nigéir tráth sa chéad áit ar na tíortha ba mhó caimiléireacht agus caime de réir na Náisiún Aontaithe, ach gur bhreabaigh siad a mbealach den liosta.

Agus gan amhras, ní fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar Edelweiss na hOstaire, go háirithe má chonaic tú an scannán siúcrúil sin The Sound of Musak. An t-aon scannán riamh a mbíonn tú ag dúil go mbeidh an bua ag na Naitsithe.

Déanadh moladh eile lándáiríre gur chóra ainmhithe a thabhairt mar fhéiríní don Teach Bán.

Thabharfadh an Fhrainc coileach a bheadh ag fógairt an lae, fad is a bheidh laethanta againn. An Iaráic, gabhar, dá mbeadh ceann ar bith fanta. An Astráil, cangarú, a d’fhéadfadh léim ó ábhar go hábhar d’aon phreab amháin.

Ní móide go bhfeicfimis an béar Rúiseach, ach ní bheadh a fhios agat; sealgaire maith is ea Putin, nó pé duine a scaoileann na hurchair dó.

Thabharfadh uachtarán Mauritius an ceann is oiriúnaí ar fad, an Dodo féin, ceann beo beithíoch a bhfuil Béarla go bigly aige.

Dá dtarlódh sin, ní hea amháin go mbeadh dufair fhiain againn sa Teach Bán, ach bheadh Zú mór chomh maith céanna.

Cé dúirt go bhfuil sin cheana againn?