Rosa réidh le dúshlán na Gaelscoile a thabhairt

Tacaíocht de dhíth ar pháistí le riachtanais speisialta


Nuair a tháinig m’iníon, Rosa, ar an saol agus Siondróm Down uirthi, cheapas nach mbeadh an cumas inti freastal ar an Ghaelscoil chéanna lena beirt deirfiúr agus deartháir.

Gan mórán eolais agam faoi na cumais go léir a bheadh ag Rosa, níor smaoinigh mé ach amháin ar na dúshláin a bheadh roimpi. De réir a chéile, chuaigh mé i dtaithí ar an siondróm agus thuigeas go mbeinn ag déanamh éagóra ar m’iníon gan an Gaeloideas a roghnú di.

Thuigeas freisin go ngoillfeadh sé go mór ar mo pháistí eile, atá chomh bródúil aisti, dá gcuirfinn go scoil eile í. Ghoillfeadh sé go mór ar Rosa féin freisin agus aithne aici cheana féin ar chlós agus ar mhuintir na scoile. Dhéanfadh sé sármhaitheas d’fhorbairt agus d’fhéinmheas m’iníne freastal ar an scoil chéanna. Beidh sí ag dul isteach geata na scoile leo, iad léi, páirteach i saol a chéile.

Cinnte, tá páistí le Siondróm Down sa Ghaeltacht ag déileáil le Gaeilge agus Béarla. Tuigtear dom, agus clár faisnéise spreagúil Róisín de Búrca – atá ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe – feicthe agam, gur féidir le páistí le Siondróm Down plé leis an dá theanga.

READ MORE

Idir múinteoirí, eagraíochtaí, teiripe urlabhra; tá meon dearfach, uileghabhálach, tacúil ann, maidir le hoideachas trí Ghaeilge a thabhairt do Rosa.

Labhair an síceolaí, an tOllamh Sue Buckley, le tuismitheoirí páistí a raibh Siondróm Down orthu le déanaí, mé féin ina measc. Déanadh plé ar luathsheirbhísí idirghabhála, forbairt urlabhra, léitheoireacht agus uimhríocht. Tá taithí 40 bliain ag an Ollamh Buckley bheith ag obair le páistí le Siondróm Down. Tá taithí ó thaobh na tuismitheoireachta aici freisin agus Siondróm Down ar a hiníon féin.

Bhunaigh sí Down Syndrome Education International in 1987, eagraíocht a dhéanann taighde ar fhorbairt agus ar oideachas páistí leis an siondróm.

Labhair sí faoi na modhanna a bhí á gcur chun cinn ansin ionas go mbainfeadh daoine le Siondróm Down a gcumas féin amach. D’inis sí dúinn faoin méid a bhí bainte amach ag a hiníon féin. Bhí an lucht éisteachta uilig ag súil go mbeadh todhchaí chomh torthúil céanna ag a bpáistí féin.

Ceist a bhí againn uirthi ná cén dúshlán a bheadh i ndán do pháiste le Siondróm Down agus iad ag freastal ar Ghaelscoil, páiste a bheadh ag plé le dhá theanga?

Cé nach bhfuil mórán taighde déanta air seo, dúirt an tOllamh Buckley nach raibh aon fhianaise ann nárbh fhéidir le páistí le Siondróm Down plé leis an dara teanga.

Ach tá imní orm fós. An bhfuil an cinneadh ceart á dhéanamh agam di? Cén acmhainn Ghaeilge a bheas ar fáil di? Conas atá ag éirí le páistí le Siondróm Down cheana féin sa Ghaelscolaíocht? An bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil Gaelscoileanna uilechuimsitheach? Cén traenáil nó tacaíocht atá ar fáil do mhúinteoirí atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge?

Níl mórán eolais ann faoi líon na ndaltaí le Siondróm Down atá ag freastal ar Ghaelscoileanna. Déanadh taighde i 2010 ar Riachtanais Speisialta Oideachais i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán. Tugadh faoi deara sa taighde sin go raibh géarghá le forbairt acmhainn léitheoireachta do pháistí le riachtanais speisialta, gá le tacaíocht foghlama sa mhata trí Ghaeilge, tacaíocht sa Ghaeilge féin agus gá freisin le seirbhísí urlabhra trí Ghaeilge. Aithníodh go raibh easpa muiníne i measc múinteoirí i dtaobh mhúineadh páistí le riachtanais speisialta.

Tosóidh slua beag páistí le riachtanais speisialta difriúla i nGaelscoileanna éagsúla i mí Mheán Fómhair 2014. Cad atá déanta ag an Roinn Oideachais ó foilsíodh an taighde úd i dtaobh na moltaí a déanadh ann? Cad a bheas déanta roimh Mheán Fómhair 2016 nuair a thosnóidh Rosa ar scoil?

B’fhéidir go mbeadh sé iomarcach ar Rosa déileáil leis an dá theanga. Más sin a tharlaíonn, glacfaidh mé leis – a fhad is gurb í cumas Rosa féin a réiteoidh sin seachas easpa acmhainne, traenála agus easpa tacaíochta do mhúinteoirí.

Níl aon fhianaise ann nach féidir le páiste le Siondróm Down plé le dhá theanga. Tá mórchuid fianaise ann nár tugadh an deis nó an tacaíocht dóibh plé lena lán gnéithe éagsúla den saol.

Is iad scéalta Róisín de Búrca agus iníon Sue Buckley a thugann misneach do thuismitheoirí cosúil liomsa. Spreagann siad muid chun an oidhreacht chéanna a thabhairt dár bpáistí agus a bhronnann muid ar ár bpáistí eile.