Rohlihlahla Mandiba Mandela

Bhí prionsabail ag Mandela – rud nach mbíonn ag gach polaiteoir

“Yer nam is Jams O’Donnell!”

Má tharla in An Béal Bocht tharla chomh maith céanna do Rohlihlahla Mandiba Mandela. B'fhéidir nárbh í sin an chéad uair gur maslaíodh ina dhúchas féin é, ach ní foláir nó d'fhág a lorg air. An chéad lá ar scoil dó tugadh le fios nárbh eisean é féin, agus bronnadh ainm deoranta air lena chultúrú sa saol a bhí amach roimhe. Dhein sé slat den chultúrú sin leis na bodairí a bhí ag múineadh béasa dó a bhualadh.

Ba mhó de shiombail ná de dhuine sular scaoileadh saor ón gcarcair é. B’é b’iontaí ná gur chomhlíon sé dualgais sin na siombaile le seasamh is le dínit. Má bhí cosa cré faoi níor thuirling siad ar an talamh.

Má bhí ardú leivitiúil riamh ann, bhí aige. Níor iarr sé stádas naoimh, ach bhronn droch-choinsias an domhain an stádas sin air, óir cad eile a dhéanfadh siad i láthair duine nár ghéill d’íomhá shimplí an sceimhlitheora, is a bhí chomh sibhialta is a bhí sé stuacach.

READ MORE

Bhí Mandela go fiata in aghaidh aon saghas ciníochais, agus is é sin a leithrigh é uathu siúd a dhéanann é a mhóradh. Go leor de na ceannairí a bheidh ag triall ar a thórramh is iad atá breá sásta dúnphort a dhéanamh den Eoraip chun daoine dorcha a choimeád amach; agus is iad atá thar a bheith sásta cosc a chur ar an easportáil Afracach a choinníonn na milliúin i ndaorbhroid.

Déanadh laoch agus naomh de Mhandela nuair a bhí sé furasta sin a dhéanamh. Níor scaoil Afrikaanardumb an glas gur tuigeadh dóibh go raibh a bport seinnte agus a gcaiscín meilte in éineacht.

Dá gceapfadh siad go raibh seans ar bith acu fanacht i gceannas go buan bheadh fuil fós ina slaoda ar fud na críche. Agus dá mbeadh, samhlaigh na rialtais thoir agus thiar dínn ag dearbhú go suite go raibh sin ceart agus de réir na dlí.

Ghéill na hAfrikaanair mar ba léir dóibh an ghad ag teannadh orthu tar éis gur buaileadh iad ag cath Cuito Cuanavale in Angola tar éis sé mhí cogaíochta sa bhliain 1988. Bhí siad timpeallaithe ag an doircheacht agus ba ghá teacht chun réitigh. B’fhearr a bheith saibhir sa Linn Ghorm ná a bheith díbeartha chun na farraige síos de bhior claímh.

Is í an cheist mhór nach bhfuil aon fhreagra air, má bhí rialtas ubermencheach geal na hAfraice Theas chomh lofa is a maítear, cén fáth ar mhair sé chomh fada sin?

Aon seans ar liosta de na polaiteoirí agus de na hiriseoirí sin a chosain an córas amach go deireadh a fhoilsiú?

Aon seans ar liosta den lucht spóirt, den lucht acadúil, den lucht siamsaíochta a réab an baghchat a d’iarr Mandela maille le haos saoirse eile na tíre sin?

D’áitigh Mandela ar rialtas na Breataine go lom labhairt go díreach le lucht cogaidh ó thuaidh, mar a d’áitigh i gcás gach aighnis pholaitiúil.

Aon seans ar liosta de na polaiteoirí agus de na hiriseoirí a rinne bête noire de John Hume toisc go raibh sé de dhánaíocht ann iarracht ar shíocháin a chur ar bun tríd an doras rúnda cúil?

Aon seans ar liosta de na buamadóirí a bhí breá toilteanach bullabhuamáil a dhéanamh ar an Iaráic a cháin sé le binb (mar aon sampla amháin), ach atá ag cur a mbundún amach á mholadh anois mar fhear síochána?

Mo thuairim féin go bhfuil áthas ar go leor acu go bhfuil sé marbh. Núis ba ea é, duine ait, polaiteoir neamhchoitianta, prionsabal aige. Ní bheidh feidhm feasta leis an nguth mórálta a d’fhulaing ar feadh seacht mbliana fichead, agus ag a raibh teachtaireacht dhíreach, ghlinn, shoiléir, neamhchas.

Fillfear gan aon rómhoill ar an idireatarthu, ar an ann as, ar an munglam manglam, ar an gceart domsa agus ar an éigeart duitse.

Fearfar a chluichí caointe agus mórfar a ainm arís d’aon oghaim. Bainfidh gach duine a phunt idé-eolaíochta feola féin as. Ach dearmadfar nárbh í an idé-eolaíocht amháin a mheáigh ach an duine.

Dá mbeadh smut éigin den daonnacht chéanna sin sna himpiriúlaigh, sna caipitlithe ba raimhre féin, bheadh coiscéim bheag amháin i dtreo an tsolais tógtha againn.