Rinne an tIarthar ár san Iaráic

Ná déantar dearmad de na daoine a mharaigh BushBlair

Garda oíche ba ea Walid Sabah deich mbliana ó shin. Duine lách séimh, dar le cách, ach amháin go dtagadh fearg air nuair a bhíodh cúrsaí peile á bplé agus daoine ag maslú a fhoirne peile féin, Al-Amana.

Ba bheag an dochar a dhein sé do dhuine ná do dheoraí riamh seachas go raibh sé le buíon bhuachaillí a thug ciceáil do theallaire gránna as buíon eile ar a slí abhaile dóibh nuair a bhí sé sna déaga luatha. Ní hé nach raibh an bhatráil tuillte aige, dar leis, ach ghoill sé ó shin air go mb’fhéidir gur chuaigh siad thar fóir. Ní ag smaoineamh air sin a bhí sé, áfach, ach ar a iníon álainn Sahar a bhí ag ullmhú le haghaidh a cóisire lá breithe ag an deireadh seachtaine, nuair a d’imigh sé as. Lest we forget.

Bean tí ba ea Zainab Abed, cé gurbh éigean gur chóir teach a thabhairt ar an bprochóig bheag pluda a bhí aici agus ag a seachtar páistí. Maraíodh a fear sa chogadh i gcoinne na hIaráine fadó fadó, agus is í a bhí ina haonar, fág comharsana agus muintir as an áireamh. Bhí sí go háirithe mórálach as Bashir, mar bhí oilte san fhicheall. Bhuaigh sé comórtas na sráide gan dua. Bhí gean faoi leith aici ar a hiníon Lana, mar bhí cam reilige ar a chois chlé, agus níor dhócha go mbeadh fear ar bith sásta glacadh léi mar chéile. Ba chuma, áfach, mar d’imigh siad go léir as de phlimp, deich mbliana ó shin.

Deich mbliana ó shin, b’aoire caorach é Raheed Amar. B’é an sliabh a ríocht, na beanna a fhearann bán. D’aithin sé gach caora as a ainm féin, as na hainmneacha a bhronn sé orthu.

READ MORE

B’éol dó dúchas na gcaorach má bhí rud ar bith ar eolas aige. Shamhlaigh sé nach raibh siad neamhchosúil le muintir an tsráidbhaile. Thug sé ‘Míoltóg’ ar dhuine díobh le gean mar bhíodh sé á thochas féin de shíor; agus ‘Cuimilt’ ar dhuine eile, mar ba dhealraitheach a clúmh leicinn leis an té a bhíodh ag spalpadh uaidh i gcúinne an tí tae. Ba dheas leis a bheith ina aoire caorach mar chuala sé óna chairde i gCríost go bhfuair siad teachtaireacht ó Dhia.

Fuair sé féin teachtaireacht ó Dhia chomh maith, ach níor mhair sé fada go leor lena breithniú. D’imigh sé as de phléasc, gan choinne, tá deich mbliana ó shin ann. Agus a chuid caorach chomh maith.

Cailín álainn ba ea Nadia Kalef, nó sin a deireadh cách. Bhí sí san aois sin idir a bheith ina páiste agus ina bean. Ní hé go raibh sí éirimiúil thar chách, ach bhí díocas inti.

Theastaigh uaithi a bheith ina dochtúir, agus is í a bhíodh ag súgradh le bábóga, a ndeisiú is á muirniú amhail is gur bheo dóibh. Amhail is gur bheo dóibh, mar níor bheo di i bhfad nuair a tháinig na saighdiúirí chun a tí agus nuair a shocraigh siad gur bhábóg í féin. Is furasta bábóg a lámhach. Amhas bocht as deisceart Bhaile Átha Cliath a scaoil an t-urchar. Tá sé ceart go leor mar sin. Tar éis an tsaoil, saighdiúir Éireannach ba ea é, dar leis an nuachtán seo. Tharla sin deich mbliana ó shin, ar eagla an dearmaid.

Bhí Miriam Sami gan a bheith róchráite faoi chúrsaí polaitíochta deich mbliana ó shin; ach bhí cúrsaí polaitíochta an-chráite fúithi siúd. Tar éis an tsaoil cén bhaint a bhí ag saol na máthar lena raibh ar siúl ag an bhfear.

Bhí a haigne ar a páistí. B’é meangadh a cailín a las an saol. Nuair a bhíodh gruaim uirthi ní raibh le déanamh ach féachaint ar aghaidh a hiníne agus ba leor sin le gach buairt a dhíbirt go tír na ndeo. Ba shólás éigin di gurbh é an meangadh gáire sin an radharc deireanach a chonaic sí sular leádh an t-iomlán acu in aon bhúm amháingan choinne. An méid seo, lest we forget.

Deich mbliana ó shin bhí lámh is focal idir Tareq agus Shams. Bhí an dá theaghlach sásta agus an bhainis faoi réir. An rince faoi lánseol agus cách ag pramsáil is ag princeam. An cleas óg ina ngúnaí daite, an seanchleas ag ól a bpíopa.

An ghráin dhearg a bhí acu ar Saddam Hussein, ach ba bheag an chosaint an méid sin nuair a thit an díon anuas orthu is nuair a phóg an t-urlár an spéir. Ar eagla an dearmaid.

Shocraigh BushBlair go ndúnmharófaí na daoine sin. Agus d’aontaigh mórán abhus leo deich mbliana ó shin. Aontaíonn siad fós go raibh sé ceart agus cóir agus iomchuí na daoine neamhurchóideacha sin, maille leis na céadta míle eile gan ainm, a dhúnmharú.

Lest we forget, ar dhul faoi na gréine.