Ranna Rabbie

‘The drowning children we let them die’


Nuair a bhíos i bhfad níos óige ná mar atáim anois is maith is cuimhin liom go raibh cead ag daoine toitíní a chaitheamh.

Bhíodh siad á gcaitheamh ag na réaltaí móra scannán, ag uachtaráin, ag daoine a raibh fuil ríogúil fós ina gcuisleanna acu agus a gceann ar ghuaillí fós gan bhaint.

Bhíodh siad á gcaitheamh agus sinn inár ndaltaí meánscoile, go lánoiriúnach laistiar den dabhach ola sula dtáinig réim ar bith sláinte agus sábháilteachta i bhfeidhm.

Ní cuimhin liom go baileach cén cineál toitíní a bhíodh á n-ól mar is ina n-aonar a gheibhtí iad, uaireanta le caolchúis láimhe sa siopa ba ghaire.

READ MORE

Ach bhíodh cineál ar a dtugtaí Sweet Afton ina luí thart sa bhaile. Pacáistiú buí a bhíodh orthu agus pictiúr d’fhear óg a raibh glib gruaige ar sileadh síos leis agus sléibhte maorga éigin ar a chúl. Thíos faoi bhí na línte: “Flow gently sweet Afton amang thy green braes/ Flow gently I’ll sing thee a song in thy praise.”

Ní raibh tuairim ar bith agam cérbh é, ach ní rabhas buíoch de nuair a fuaireas an ghnáthshlat ón múinteoir a lochtaigh an litriú a bhí agam ar an bhfocal “among” toisc aithris á déanamh agam ar a raibh ar an mbosca. Le gach buille d’áitigh sé orm gur “amung” an litriú a bhí uaim, “rhymes with “sung”, with “rung”, with “dung”’ adeireadh sé. Ba chuma ach bhí leaid a raibh leabhair sa teach aige a mhaígh gur “amongst” ba chóir a bheith ann, ach níor tháinig sé siúd slán ón tslait ach an oiread.

B’in an chéad uair gur theangmhaigh Robbie nó Rabbie Burns, file mór na hAlban liom, agus níor theangmháil róshoilbhir í.

Bhí, gan amhras, Auld Lang Syne cloiste go minic oíche chinn bhliana agam, ach níorbh eol dom gurbh é a chum; agus b'ait liom nach raibh ach an t-aon véarsa amháin ar eolas ag duine ar bith, óir ba ghnách d'amhráin a bheith i bhfad níos faide, go fiú ag Elvis.

Níorbh fhéidir gan eolas a chur ar Burns, áfach, mar b’fhéidir gurb é an file is mó cáil ar fad ar domhan é.

Ní maidir le heolas a bheith ag daoine faoina bheatha, ach toisc go gceoltar agus go gcantar oiread sin dá chuid amhrán i bhfios agus i ngan fhios do dhaoine.

An oíche cheana tháinig na mílte le chéile ar fud na hAlban d’fhonn comórtha a dhéanamh air, óir áirítear an 25ú Eanáir, cothrom an lae breithe, ar fhéile neamhoifigiúil náisiúnta na tíre. Cruinníonn le chéile na clubanna Burns d’fhonn a aigne a chomóradh, taigeis (“haggis” duitse agus domsa) a alpadh siar (le deacracht), agus sú na heornan a shlogadh go fial (gan deacracht ar bith).

Tá gach dealramh air gur duille fíge, nó dealg feochadáin cultúrtha ar fad é seo, agus ráineodh gan dochar ar bith a bheith ann.

Ina choinne sin, dá mhéid is a chaitheann an file mór an filleadh beag is ródhócha go bhfuil substaint gan tábhacht á ceilt aige.

B’in a cheap Hugh MacDiarmid nuair a mhaígh sé nach raibh sna suipéir Bhurns seo ach cnó caoch, crotal folamh, gabhal dall, ribíní ar tharbh nach raibh glam ná glug fágtha aige.

Bhí siad breá sásta cuimhne Rabbie a chomóradh, a shláinte a ól, gáire croíúil a dhéanamh faoin ngiodam a bhí ann, agus ansin dul amach chun vótáil ar son Rialtais Tóraí.

Má tá athrú éigin tagtha air sin le glúin anuas, dob fhéidir cuid éigin den chreidiúint a thabhairt do Bhurns.

Níorbh é go díreach gur chuala daoine “Scots wha’ hae wi’ Wallace bled”, nó “A parcel of rogues in a nation” agus gur thuirling an spiorad orthu go ndúirt siad: “Am baiste agus am baic” (nó pé leagan Albainise atá air sin) “b’fhéidir go bhfuil smut éigin den fhírinne sna hamhráin sin ag Burns a bhíonn á gcanadh againn!” Ní mar sin a fheidhmíonn an ealaín.

Ina choinne sin, ba dheacair file náisiúnta a mhóradh chomh neamhleithscéalach sin agus neamhaird go hiomlán a dhéanamh ina chuid smaointe sóisialta agus poiblí.

Bhí Burns frithríogúil, frithimpiriúlach, frithardaicmeach, cothromaíoch, ainrialach, poblachtánach.

Tá cuntas breá ar gach gné dá shaol le fáil in Rabbie Burns: an nasc le hÉirinn le Pádraig Ó Baoighill a foilsíodh le déanaí.

Níorbh fhéidir, mar shampla, déarfá, A man's a man for a' that a chanadh minic go leor ar fud dúnfoirt chúing na hEorpa go mbuailfí fírinne na bhfocal nua-aimseartha ann i gcloigne dúra thall is abhus: "Is there for honest Luxury/our bloated guts for all that/The drowning children we let them die/ we dare be rich for all that!/ For all that, for all that/ Our pure good luck for all that/Lock up your borders and send them back/They're not nice like us, for all that."