Protastúnaigh phoileistearacha

Tá speictream smaointe le fáil i ngach pobal

Nach mór mar a chuir an tArdeaspag Michael Jackson na cleití ar fud na mias leis an óráid a thug sé uaidh le déanaí timpeall ar an seicteachas agus Eaglais na hÉireann?

Má chaith an Eaglais Chaitliceach Rómhánda cuid mhaith dá saol le dhá ghlúin anuas ag ní a gcuid fo-éadaí salacha go poiblí, ba lag a shíl daoine go raibh drochbholadh i lár na heaglaise measúla chomh maith.

Mo thuairim féin gur tarraingíodh anála fada le faoiseamh i measc na bhfíréan Caitliceach nuair a thosnaigh na litreacha ag titim chun an nuachtáin seo a léirigh na haighnis, is na teannais, is na míthuiscintí daonna atá ríofa tríd an eaglais thall uathu.

Bíodh is go ndúirt Michael Jackson go soiléir gurbh é tromán na hargóna ná na deacraí a lean baill nua na heaglaise dlúthú go furasta leis na comhthionóil sheanbhunaithe, b’é an méid a dúirt sé mar gheall ar “sheicteachas” is mó a tharraing aird. Drochfhocal is ea seicteachas. Cé nach bhfuil focal ar bith cruinn – nó ní focal a bheadh ann – tá níos míchruinne ná a chomharsana.

READ MORE

Músclaíonn mar fhocal fearg agus míthuiscint agus ceo. Ach ar son na héascaíochta tá brí shimplí neodrach amháin leis, arb ionann í agus dream amháin a leithríonn iad féin ó dhream eile. Sa bhrí sin, tá gach eaglais, agus go deimhin gach cumann peile, agus gach páirtí polaitiúil seicteach. Ba dheacair duit a bheith id bhall d’Fhine Gall, d’Fhianna Feall, don Luch Oibre, do Mhud Féin, do na Glasraí ag an aon am amháin.

Má imríonn tú peil Ghaelach níl cead agat an chaid a bhualadh led chloigeann, agus má imríonn tú sacar tá bac ort cuimilt le liathróid ubhchruthach ar bith. Sin é an saol, tá gach rud seicteach ar leith amháin.

An raibh an Eaglais Chaitliceach seicteach in aghaidh eaglaisí eile? Ó bhí.Ar maraíodh Protastúnaigh in Iarthar Chorcaí le linn chogadh na saoirse? Ó maraíodh.

An raibh díomá ar Phrotastúnaigh nuair a baineadh a stádas díobh mar eaglais bhunaithe? Ó bhí. Ar cheap Protastúnaigh gurbh é an Pápa an tAinChríost? Ó cheap.

Ar léirigh Protastúnaigh díomá nuair a bhain Saorstát Éireann saoirse amach? Ó léirigh.

Tugtar faoi deara nach bhfuilim ag trácht ar mhóramh ná ar mhionlucht, ach gurbh ann do na smaointe seo ar fad. Tá speictream smaointe i ngach pobal a ghabhann ó fhoirceann amháin go hearr na taoibhe eile.

Cá hionadh go mbeadh cuid de na smaointe sin beo i gcónaí, agus cá hionadh go mbeadh imir éigin díobh ag tabhairt fuinnimh agus ina gcruinniú céille do dhaoine ina bpopal féinig?

Muna mbeadh an seicteachas seo bheimis go léir mar a chéile, agus féach romhat, níl!

An raibh cásanna ann ina raibh pobal tuatach an Stáit seo i gcomhar leis an Eaglais Chaitliceach leatromach ar Phrotastúnaigh aonair? Ó bhí.

Smaoinítear go háirithe ar chás pósta Fiodh Ard, ar cheapadh leabharlannaí i gCo Mhaigh Eo, agus ar mháistreás poist i mBealach Conglais. Gach eachtra díobh gránna agus suarach.

Ina choinne sin thall, táim donndeimhin de nach bhfuil aon obair bhunúil déanta ar leatrom chomhlachtaí Protastúnacha ar Chaitlicigh sa Saorstát ar feadh, ar a laghad, leathchéad bliain den Stát nua.

Tá seo ar cheann de na “ciúnais mhóra” a bhaineann le stair na hÉireann, ach bheadh leisce ar staraí ar bith tabhairt faoi ar chúiseanna a bhaineann le hidé-eolaíocht, le heaspa chompoird, le heagla roimh ardú céime.

B’ann do na tuairimí seo ar chúiseanna sia stairiúla, agus is ann don leá amhrais i measc na bpobal eaglasta ar an gcúis chéanna.

Ní fiú dúinn a shéanadh buí bán ná breac go raibh siad ann, ná go bhfuil a n-iarmhairt fós beo inár measc.

Ba dheacair a éileamh ar sciar maith den phobal Protastúnach go mbeadh siad go hiomlán ar a socracht i stát nua inar dhúisigh an pobal mallaithe aníos, go háirithe nuair a bhí siad féin i gceannas an chairn aoiligh; agus ba dheacair a éileamh ar an bpobal Caitliceach go mbeadh gach duine díobh carthanúil, cothrom, agus dea-chroíach i gcoinne daoine sa phobal lasnairde a raibh cos ar a mbolg acu ar feadh na gcéadta bliain. Cad leis a raibh sibh ag súil?

Is é is mó is ionadh ná go raibh an caidreamh eadrainn chomh séimh is a bhí. Bhain cuid de sin leis an apartheid neamhscríofa a bhain le cumainn, le ceantair, le scoileanna, le gnás; ach bhain chomh maith leis na béasa bunaidh atá sa chuid is mó againn fós – in ainneoin na staire go minic.