Polaiteoir nár chan an port milis

Mhair Liam Cosgrave simplí go maith gan flóisíní ná flóiríní an airgid a bheith aige, ná á léiriú aige


Scríobh Vincent Browne ar an nuachtán seo Déardaoin seo caite gur dócha go mbeadh an gnáthbhladar timpeall ar an iar-Thaoiseach Liam Cosgrave is a bhíonn ar chách eile a fhaigheann bás.

Ar chúis éigin, is ea, ar iontaisí an tsaoil, bhí an ceart aige.

Sula dtosnaím ar a bheith ag téamh suas, agus an capall ard lasmuigh den doras agam, tá chomh maith a bheith ceart agus cothrom agus go fiú cóir, oiread agus is féidir.

Bhí nithe a bhain leis a thaitnigh go mór liom: níor mhacalla ar bith é de lucht bealadh agus cuimilte a choinníonn greim ar pholaiteoirí agus a dheimhnigh nár chan sé ach an port gnách, an port milis, an port nach ngoillfeadh ar na táblaí toghcháin.

READ MORE

Bhí sé sásta nathanna a scaoileadh uaidh a mbeidh cuimhneamh orthu, idir ‘mongrel foxes,’ agus ‘blow-ins’ nach leomhfaí inniu, gan trácht ar dhaoine ar cheart dóibh ‘blow up’ a dhéanamh.

Úps, mo leithscéal, dá ndéarfadh aon duine eile é sin bheadh an geaing trom anuas air.

Úps, níor theastaigh uaim iad sin a lua – go fóill ar aon nós.

Bhí sé neamhleithscéalach ina léinteachas gorm.

As oifig

Nuair a stuáil sé na boird stáit lena chuid ceapachán féin agus é le díbirt as oifig, dúirt sé go lom, ‘sin é a dhéanann tú nuair atá an chumhacht agat!’

Ba chuma leis an trachlais sin ar fad mar gheall ar fhéirplé, mar thuig sé gur púicín a bhí ann.

Mhair sé simplí go maith gan flóisíní ná flóiríní an airgid a bheith aige, ná á léiriú aige.

Cad é líon na bpríomhairí amuigh ansin nár thuill na cairníní óir tar éis dóibh éirí as oifig? Níl an dara lámh ag teastáil uaim. Ní raibh sé ar dhuine díobh.

Sea, má sea. Sin é mo scornach á glanadh agam.

Cosaint ar insitiúidí an Stáit an cháil is mó atá amuigh air. Cén Stát ina bhfuil cónaí orm?

Nár chothaigh agus nár chraobhaigh sé ceann de na cruaghreimeanna is mó dá raibh ag institiúidí an Stáit ó bunaíodh é tar éis Baile Uí Shíoda?

Nárbh é a dhiúltaigh glacadh le héirí as aire tar éis dó an institiúid is airde sa tír a mhaslú?

Aon duine amháin a d’éirigh as ó tháinig ann dóibh mar Uachtaráin in ionad na ríthe agus na banríona a bhí orainn, agus b’é Liam Cosgrave ba mhó faoi deara sin.

Ní hiontas nár toghadh uachtarán de chuid Fhuine Gael riamh de bharr an drochmheasa atá acu ar an oifig is airde sa Stát.

An Stát

Agus ansin, an dá eachtra is mó tochas cinn díobh ar fad. É ar son an Achta um Chionta in Aghaidh an Stáit 1972 i gcoinne a pháirtí féin a bhí san fhreasúra san am.

Déanadh Taoiseach de an bhliain dar gcionn toisc gur buamáladh Baile Átha Cliath den chéad uair sa tréimhse sin.

Ba mheasa go mór an dara buamáil nuair a bhí sé ina Thaoiseach. Cúis náire go héag nár lean an rialtas a raibh sé i gceannas air an t-ár ba mhó dar tharla sna blianta léanmhara sin, buamáil na Breataine nó a cuid giollaí, ar Bhaile Átha Cliath agus ar Mhuineachán, Bealtaine 1974.

Samhlaigh rialtas na Fraince ag déanamh neamhairde i mbuamáil Pháras a d’eagraigh Maidrid! Nó buamáil Heilsincí ó ghníomhairí de chuid Stócólm.

B’é a amhlachas sin againne é.

Ní mhaím nach raibh na dálaí íogair agus deacair, ach ní fíor gur chosain sé institiúidí an Stáit.

Mar bharr ar an donas, bhí sé ina Thaoiseach ar an rialtas is measa dá raibh riamh againn, agus tá cuid mhaith rialtas eile san iomaíocht don teideal sin.