Pocaire Gaoithe na hAille Thiar

‘Turning and turning in the widening gyre/The falcon cannot hear the falconer’


Roinnt blianta ó shin thóg m’iníon is óige ar dheireadh seachtaine seabhacóireachta mé go dtí an Droichead Adhmaid i gContae Chill Mhantáin. D’fhanamar in Óstán an Droichid Adhmaid mar a ndearna John Redmond a oráid earcaíochta cháiliúil sa bhliain 1914.

Bailíodh go moch ar maidin muid i jíp agus tógadh amach faoin tuath muid mar a raibh an t-ionad seabhacóireachta.

Tugadh ceachtanna bunúsacha seabhacóireachta dúinn ar dtús i mbothán inar thaispeáin ár n-oide, Joe, an chaoi is fearr chun ár lámha a shíneadh amach d’fhonn áit thuirlingthe a thairiscint do na seabhaic agus do na fabhcúin.

Maraíonn an fabhcún a chreach trín é a bhualadh go trom san aer ag titim ar luas gar do 200 míle san uair murab ionann agus an seabhac a rugann ar a chreach agus a shánn a ghríobha go smior inti.

READ MORE

Seabhaic Harris is mó a bhí ar eitleog san ionad mar go bhfuil siad níos soláimhsithe ná go leor de na seabhaic fhiáine eile. Caitheann an seabhacóir lámhainn fhada leathair ionas nach ngoinfidh gríobha an tseabhaic a lámh.

D’fhiafraigh Joe dínn ansin an raibh taithí ag duine ar bith dínn ar thraenáil seabhac no fabhcún. Mé féin amháin a d’ardaigh lámh liom.

Ba chuimhin liom an samhradh gleoite sin i lár na 1960í nuair a bhí mé féin agus triúr compánach liom ar chúrsa Gaeilge do dhéagóirí in Indreabhán na Gaillimhe.

Lá roimh dhul abhaile dúinn bhíomar thuas ar chnoc na hAille gar do reilig na hAille, mar a bhfuil Mícheál Breathnach, scríbhneoir, curtha, nuair a thugamar faoi deara péire pocaire gaoithe agus dhá phocaire óga leo.

Ní raibh na héin óga in ann eitilt i gceart agus ritheamar ina ndiaidh. Nuair a thuirling éan amháin chaith Séamas, cara liom, a chasóg anuas air agus ba ghearr go raibh sé gafa againn. Bhíomar an-chúramach á ardú ag seachaint gríobha nimhneacha an fhabhcúin óig.

Chuireamar i mbosca cairtchláir an t-éan agus rugamar abhaile é go Baile Átha Cliath linn ar an traein. Ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin rinneamar an-iarracht an t-éan a thraenáil. Rinne cara liom lámhainn fhada dom agus ligimis an fabhcún amach ar éill. Bhí orainn bia a sholáthar dó ar nós froganna agus feithidí.

Fadhb mhór a bhí againn san am sin ná go raibh an-dúil againn sna colúir. Bhí teach colúr ag mo chairde go léir ina raibh deich bpéire colúr ar a laghad.

Nuair a rinne mé iarracht an fabhcún óg a chur sa teach colúr ar thaobh amháin den sreang chuaigh na colúir bhochta ar báiní agus iad ag iarraidh teitheadh óna namhaid. Le himeacht aimsire d’éirigh linn, ar chaoi, an fabhcún a thraenáil ach, ó bhíomar dall ar sheabhacóireacht i ndáiríre, níorbh fhada gur éalaigh an fabhcún óg.

Mhínigh mé mar sin do Joe go raibh taithí theoranta agam ar sheabhacóireacht agus chuaigh sin i bhfeidhm go mór air mar ba é an chéad éan a chuir sé ar eitleog ná fabhcún Lanner.

Tá an t-éan seo an-chosúil leis an bhfabhcún gorm (nó Peregrine) ach tá na súile i bhfad níos mó. Níl réimse an éin seo chomh fada le réimsa an fhabhcúin ghoirm agus dá bharr sin níl an chosúlacht ann go rachaidh sé ar strae.

Úsáidtear gléas meallta (lure) chun an t-éan a mhealladh anuas tar éis don seabhcóir é a shaoradh.

Píosa leathair a bhfuil cleití éin ceangailte de atá sa ghléas meallta.

Déantar é seo a luascadh agus ceapann an fabhcún gur éan atá ann. Ionsaíonn sé an gléas agus leathann a sciatháin go cosantach os a chionn ar an talamh.

Bhaineamar níos mó taitnimh as an seabhac Harris. Scaoiltear an t-éan agus téann sé suas ar chraobh chrainn. Beireann tú idir na méara ar phíosa feola. Leathann tú lámh leat amach a bhfuil lámhainn fhada air ach bíonn ort an lámh a chrochadh pas beag ar eagla go sáfaidh an seabhac a ghríobha trí do bhícéips.

Cuirtear cloigíní ar ghríobha an éin agus cloistear iad fad a scuabann an seabhac anuas chun tuirlingt ar do láimh leis an bhfeoil a ithe.

Nuair a bhí deireadh leis an tseabhacóireacht d’fhilleamar ar an ionad mar a raibh éagsúlacht éan creiche ar taispeáint idir an vultúr meirgeach agus an rí-ullchabhán.

Fad a thaistilíomar abhaile ba chuimhin liom línte buanchlúiteacha Yeats óna dhán apacailipteach The Second Coming: "Turning and turning in the widening gyre/The falcon cannot hear the falconer..."

Chonaic mé arís pocaire gaoithe óg sna hAille Thiar agus bhí mé ar ais Cois Fharraige le mo thriúr compánach 14 bliain d’aois. Bhí truamhéil ar leith ag baint leis an gcuimhne ar na laethanta alcín sin mar bhí mo chara Frank Murray, iar-bhainisteoir na bPogues, linn an lá sin.

Faraor fuair Frank bás go tobann tamall beag roimh Nollaig na bliana seo caite agus is mór an méala a bhás.

Go ndéanaí Dia trócaire ar a anam dílis.