Pobal na hAlban ag caint ar shaoirse

Tá níos mó i gceist le neamhspleáchas ná cúpla punt sa sparán

Ach an oiread le ráiteas polasaí nó plean straitéiseach ar bith ar éigean go léifidh slua na hAlban an Beann Nibheis ollmhór de cháipéis a nocht Alex Salmond an tseachtain seo caite. Níor bhac sin ar aontachtóirí í a cháineadh láithreach; ní foláir nó bhí léitheoireacht ar luas lasrach á déanamh acu chun gabháil trí leabhar bíoblathiubh nach mór 700 lch. ar fhad laistigh de 5 nóiméad. Níl léite agamsa ach an oiread, ach ní gá a áiteamh ormsa gur dea-smaoineamh é Alba neamhspleách a bheith ann. Táimse ar dhuine de na daoine sin a shíleann dá mhéad tíortha agus stát atá againn is amhlaidh is fearr é.

Dá mbeadh scór stát nua againn ar maidin, ba cheart scór eile a éileamh um thráthnóna, agus cúpla ceann eile a chaitheamh isteach istoíche. Tá tugtha faoi deara ag an dall a chuartaigh nach iad na tíortha beaga a chothaíonn an mhísc ach na heilifintí móra lasmuigh den seomra a bhfuil gaosán fada agus crúba móra acu.

Tá fadhb ag Albain, áfach, nach bhfuil ag náisiúin bheaga eile. De ghnáth, bíonn éileamh náisiúin ar shaoirse ina sheasamh ar “ghramadach dhomhain” éigin a bhaineann leis an náisiún sin – abraimis, cuimhne choiteann, teanga, reiligiún, dílseacht fhadbhunaithe a múchadh, nó a n-amhlachas. Níor dheacair a shamhlú cad as a dtáinig cuid de na stáit nua nuair a thit impireacht an Aontais Shóivéadaigh as a chéile. Ní gan timpist a tarraingíodh teorainneacha na hEastóine, na Laitvia ná na Liotuáine sna háiteanna inar scríobadh an peann.

Ní éileamh stairiúil mar sin atá á dhéanamh go príomha ag Albain, cé go bhfuil an stair i bhfolach ansin in áit éigin ar nós drochbhuachalla ag bainis a bhfuil eagla orthu é a thabhairt amach. Dá scaoilfí amach in aon chor é bheadh an brochán ar fud na mias agus chorródh an ollphéist uiscí Locha Nis. Shamhlófaí na finte ag máirseáil aduaidh ar bhailte an mhachaire ghallda ó dheas, rachadh Domhnallaigh agus Cambéalaigh chun scornaí le chéile, agus d’ardófaí gearb ghránna an tseicteachais nach mbíonn rófhada faoin gcraiceann.

READ MORE

Feachtas cliste meánach nua-aimsireach atá á fhearadh ag an bPáirtí Náisiúnach. Scuab cuid de na sonraí as an tslí, agus is é atá acu á rá, féach! bheadh sibh níos fearr as faoi rialtas dúchais ná faoi riail Londan. D’fhocail ghearra, bheadh níos mó de phuint na banríona (agus is puint na banríona a bheidh fós ann) id phóca.

Is eagal liom, áfach, nach leor sin, dá fheabhas is mar atá cuid de na moltaí. Ní cúrsaí eacnamaíochta ná leasa shóisialaigh a dheimhnigh dílseachtaí na scarúna polaitiúla riamh. Dá mb’ea bheadh an tSlóvaic ag iarraidh léim isteach in aon leaba chlúimh leis an nGearmáin, Tíomór Thoir ag déanamh suas leis an Indinéis, agus cách ina leannáin ag na Lochlannaigh. Chloistí éamh fadó ó amadáin, mar a chloistear – “Dá mba rud é go raibh an phoblacht againne níos saibhre, bheadh na haontachtóirí breá sásta teacht isteach linn!” Nach ait é, ní cuimhin liom oiread is polaiteoir aontachtach amháin ag béicíl “Yes! Yes! Yes! Clannaimis leis an Saorstát!” i rith na mblianta sin nuair a bhí an speilp ag pléascadh gach cnaipe boilg a bhí againn.

Dá dtarlódh an mhíorúilt, áfach, agus dá mbunófaí pairlimint cheart i nDún Éideann, dealraíonn gur stát bríomhar beoga a mbeadh idir fhuinneamh agus chóir agus chothroime agus mheas ar dhaoine i réim a bheadh ann. Níl a bhfuil luaite ag an bPáirtí Náisiúnach chomh spreagúil ná chomh samhlaíoch le Forógra Chnoc Calltuinne (“Declaration of Calton Hill”) a craobhscaoileadh sa bhliain 2004 agus a fuair tacaíocht ó sciar maith mór d’aos ealaíon agus d’aos machnaimh na tíre. Cuireadh os ard é go díreach nuair a bhí foirgneamh nua na Pairliminte á oscailt ag an mBanríon Éilís II thíos fúthu.

D’éiligh an forógra seo poblacht san áit a bhfuil eagla ar fheachtasóirí an lae inniu fáil réidh le ríogaigh lofa, bíodh siad ina Stíobhartaigh nó ina mBattenburgairí. Fairis sin, diúltaíonn go láidir go gcuirfí a gcuid fear agus ban óg amach ag marú i gcogaí iasachta mídhleathacha éagóracha, rud ann féin a chuirfeadh stair na hAlban bunoscionn agus tóin thar ceann. Mionnaíonn go mbainfí leas as a gcuid fearann folamha chun dídin a thabhairt dóibh siúd atá ag teicheadh ó ghorta agus ó leatrom thar lear. Móidíonn go gcosnófaí aeráid agus acmhainní aiceanta na tíre ó thruailliú is ó dhúshaothrú. Éilíonn bunreacht scríofa ar nós fhormhór na dtíortha nach bhfuil córas primitíveach i réim iontu.

Ní féidir gach rud a bheith agat d’aon phreib amháin. Céim amháin a bheadh sa tsaoirse theoranta chun dul níos sia, pé áit inar chualamar sin cheana. Ach is róbhaol gur cosúla le feachtas olltoghchánaíochta a bheidh ann an bhliain seo chugainn agus ní ar arán amháin…