Plean ‘uaillmhianach’ gníomhaíochta don Ghaeilge seolta ag RTÉ

Tráchtaireacht sa dá theanga ar chluichí ceannais Chraobh na hÉireann

Sheol Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, plean nua don Ghaeilge, Plean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ, 2015-2019, i mBaile Átha Cliath inné.

Mar chuid den phlean, beidh rogha ann den chéad uair riamh tráchtaireacht i nGaeilge a chloisteáil ar chluichí ceannais na hÉireann agus beidh feasacháin nuachta dátheangacha ar 2fm.

Tá RTÉ le seirbhís nua raidió i nGaeilge don mhuintir óga “a fhiosrú”; ábhar nua d’foghlaimeoirí óga a ullmhú; Ionad Barr Feabhais a úsáid le hoiliúint sna meáin chumarsáide a chur ar fáil agus úsáid a bhaint as an teanga níos minice ar bhlaisíní teilifíse, sa leanúnachas agus i gcúrsaí aimsire.

Ag caint i nGaeilge agus i mBéarla, dúirt an tUasal Curran go raibh sé ag tabhairt “tacaíocht iomlán” don phlean. Straitéis “uaillmhianach” a bhí ann agus bhí ionchur na Gaeilge tábhachtach do RTÉ.

READ MORE

Bhí deiseanna ollmhóra ann le rudaí nua a chur ar bun agus níorbh fhiú caint gan gníomh.

Bhí 100 gníomh ar son na Gaeilge sa phlean go hiomlán, a dúirt sé, gníomhartha a mbeadh tionchar acu ar RTÉ ar fad.

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, go raibh an plean ag iarraidh a chinntiú go mbeadh an teanga “ina dlúthchuid den obair ar fad a dhéantar in RTÉ”.

Dhéanfadh RTÉ iarracht sna blianta a bhí le teacht “seirbhís raidió nua Ghaeilge a chur ar bun” a bheadh dírithe ar dhaoine óga.

Lena chois sin, dhéanfadh an stáisiún “tástáil phíolótach” ar rogha a thabhairt don lucht féachana tráchtaireacht Ghaeilge nó Béarla a éisteacht le linn chluichí ceannais na hÉireann.

Bhí sé ag súil go gcuirfí leis an Ghaeilge a bhí ar sheirbhísí teilifíse agus raidió RTÉ agus le hábhar oideachais bhreise a chur ar fáil.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times