Parlaimint na hEorpa cáinte as ‘drochriarachán’

Wed, Aug 7, 2013, 01:17

“Drochriarachán” atá i gceist le teip Pharlaimint na hEorpa a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge, dar leis an Ombudsman Eorpach, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Tá cinneadh déanta ag an Ombudsman gur chuir an pharlaimint “teorainn
dhochosanta agus dhíréireach le húsáid na Gaeilge” ar a suíomh
www.europarl.europa.eu.

Tá an cinneadh seo ar fáil i gcáipéis neamhfhoilsithe atá seolta ag an Ombudsman, P. Nikiforos Diamandouros, go Parlaimint na hEorpa.

Seoladh cóip den chinneadh chomh maith chuig an Dr Pádraig Ó Laighin, an
socheolaí a spreag fiosrúchán an Ombudsman maidir leis an easpa Ghaeilge ar shuíomh na parlaiminte.

Rinne Ó Laighin gearán faoi fhaillí na parlaiminte sa Ghaeilge in Aibreán 2012 agus mhair an fiosrúchán breis is bliain. Tá go dtí 31ú Deireadh Fómhair ag Parlaimint na hEorpa chun a tuairim a nochtadh faoi mholadh an Ombudsman gur cheart “úsáid leordhóthanach agus chomhréireach na Gaeilge ar a láithreán gréasáin a
áirithiú”.

“Cás de dhrochriarachán,” a bhí ann a dúirt an
tOmbudsman agus níor ghlac sé le míniú na parlaiminte gur easpa foirne ba chúis leis an dteip a seirbhísí ar líne a chur ar fáil i nGaeilge.

Ina áit sin, thacaigh an tOmbudsman le léamh Uí Laighin ar an scéal: “Mar a d’áitigh an gearánach, níor cheart na hacmhainní uile atá ar fáil a chaitheamh chun 22 teanga oifigiúil a chur ar fáil ina n-iomláine agus faillí iomlán a dhéanamh in aon teanga oifigiúil amháin.

“Mura bhfuil na
hacmhainní daonna atá ar fáil go hinmheánach dóthanach, d’fhéadfadh an pharlaimint breithniú a dhéanamh cuid den obair a ligean amach ar chonradh, mar a mhol an gearánach.”

Tá trí mhí ag an bparlaimint “tuairim mhionsonraithe” a thabhairt faoin
dréachtmholadh, ach tá ráite go soiléir ag an Ombudsman go mbeidh ar an bparlaimint glacadh lena a bhfuil éilithe aige.

“Is éard a bheadh i gceist leis an tuairim
mhionsonraithe glacadh leis an dréachtmholadh agus cur síos maidir le conas a cuireadh chun feidhme é,” a deir an tOmbudsman.

Tá fáilte curtha ag Pádraig Ó Laighin roimh an
chinneadh. “Is dul chun cinn suntasach é dréachtmholadh an Ombudsman Eorpaigh maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach,” a dúirt Ó Laighin a bhí lárnach san fheachtas ar éirigh leis i 2005 stádas mar theanga oifigiúil agus oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Cúis dhóchais don saoránach Eorpach a bhí sa chás, a dúirt sé: “Léiríonn an cás seo gur féidir le saoránach dul i ngleic trí phróiseas daonlathach le hinstitiúid Eorpach atá ag feidhmiú go leatromach, agus bua a bhreith uirthi.”

Le linn an fhiosrúcháin, dúirt an pharlaimint go raibh iarracht déanta acu
aistritheoirí le Gaeilge a earcú. Thug Ó Laighin le fios don Ombudsman nár ritheadh aon chomórtas oscailte
d’aistritheoirí Gaeilge idir 2006 agus 2012.

Sa cháipéis a chuir Ó Laighin ar fáil don
Ombudsman mar chuid den fhiosrúchán, dúirt sé go raibh sé féin mar shaoránach, pobal na Gaeilge i gcoitinne agus muintir na hÉireann “faoi mhíbhuntáiste” de dheasca theip na parlaiminte leagan Gaeilge dá suíomh a
sholáthar.Tá suíomh idirlín na parlaiminte ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla agus oibre an Aontais
Eorpaigh seachas an Ghaeilge.

“Is cóir do Pharlaimint na hEorpa na prionsabail agus na dlíthe dá bhfuil sí tiomanta a chur i bhfeidhm láithreach agus gan a thuilleadh moille trína suíomh gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge,” a dúirt Ó Laighin.

Scríobh an tOmbudsman: “Ba cheart don pharlaimint, de réir a chéile agus de réir amchláir atá ar fáil go poiblí, úsáid leordhóthanach agus chomhréireach na Gaeilge ar a láithreán gréasáin a
áirithiú.”

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.