Olltoghchán go luath

An gaineamh ag sileadh tríd an orláiste uibhe


Tá gach seans ann go mbeidh an chéad olltoghchán eile níos luaithe ná mar a mheasann formhór na bpolaiteoirí, na ngníomhaithe páirtí agus na vótóirí.

Tá níos mó gainimh sa leath íochtarach den orláiste uibhe ná mar atá sa leath uachtarach i saol na Dála agus an chuma air go bhfuil an gaineamh ag sileadh tríd níos tapúla.

Fachtóir é seo a ghabhfaidh trí intinní pholaiteoirí agus státseirbhíseach agus is iad ag filleadh óna gcuid laethanta saoire an tseachtain seo.

Tá deireadh tagtha le “séasúr an na seafóide” sna meáin chumarsáide agus tá an córas polaitíochta ag ullmhú don tréimhse ghnóthach idir seo agus an Nollaig – cúpla fothoghchán le troid agus, thar aon ní eile, cinneadh a dhéanamh ar Bhuiséad 2015.

READ MORE

Tiocfaidh an Dáil ar ais faoi cheann trí sheachtaine ach, idir seo agus sin, eagróidh na páirtithe polaitiúla ar fad seiminéir speisialta mhachnaimh agus phleanála do theachtaí Dála agus do sheanadóirí.

Is é an cruinniú is iomráití díobh siúd ar fad ná 2004 in Inse Duine, in Iarthar Chorcaí, nuair a mhol an sagart ceannasach sin, an tAthair Seán Healy ó Social Justice, treoir nua d’Fhianna Fáil.

Faoi cheann cúpla mí, dhíbir Bertie Ahern Charlie McCreevy chun na hEorpa agus thosaigh ag cur i gcrích na polasaithe eacnamaíochta pobalacha a bhuaigh olltoghchán na bliana 2007 dó.

Is minic a thagrann an Taoiseach, agus meangadh beag gáire ar a aghaidh, do Mhárta 2016 mar an dáta is deireanaí ar féidir olltoghchán a ghairm. Ach, le míonna deireanacha na bliana seo ag sleamhnú thart, treiseofar an brú chun olltoghcháin go dtí an pointe nuair a bheidh sé dodhéanta é a stopadh.

Is í an fhírinne ná gur dóichí go dtarlóidh sé am éigin i mí Mheán Fómhair nó Dheireadh Fómhair 2015.

Rithfidh na hargóintí i bhfábhar dáta níos luaithe mar a leanas. Tá na táscairí eacnamaíochta níos fábhraí faoi láthair ná aon am ó toghadh an Rialtas i mí an Mhárta 2011.

Táid ag díriú i dtreo breis jabanna, feabhsú muiníne i measc tomhaltóirí, borradh faoi infheistíocht, éileamh ar thithe nua agus athmheasúnú ar Éirinn ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

Sin atá sna cinnlínte nuachta ar aon nós agus is tábhachtaí cinnlínte ná réaltacht in aigne pholaiteoirí Rialtais. Tuigeann siad chomh maith, áfach, go bhfuil an dea-nuacht eacnamaíochta seo ar fad sobhriste. Tá sé sobhriste sa bhaile ach i bhfad níos sobhriste thar lear.

Dá mbeadh an cinneadh faoi dháta an olltoghcháin ag brath ar imthosca an Stáit seo amháin ní bheadh ach freagra amháin. Sin freagra an Taoisigh féin – leanúint ar aghaidh go dtí an dé deiridh i 2016. Ach tá imthosca dosheachanta eachtrannacha i gceist chomh maith.

Cónaimíd i saol comhnasctha agus dá leochailí an borradh eacnamaíochta abhus tá sé i bhfad níos leochailí i gcéin. Tá buairt anois faoin nGearmáin, i bhfad níos mó ná buairt i leith na hIodáile agus na Fraince agus níl aon bhorradh eacnamaíochta faoin Eoraip i gcoitinne.

Sa bhliain 2016 beidh toghcháin sna Stáit Aontaithe agus is iondúil nach mbíonn biseach eacnamaíochta i gceist agus na toghcháin sin á dtroid.

Gan trácht ar chúrsaí eacnamaíochta, tá an pholaitíocht idirnáisiúnta níos corraithí ná am ar bith ó thit Balla Bheirlín i 1989 – an Iaráic, an Meán Oirthear agus an Úcráin, mar shampla.

Tá iomaíocht arís idir an Rúis agus an tIarthar agus tá dragún na Síne á chorrú féin i réigiún an Aigéin Chiúin.

Dá fhaid a leanann an éiginnteacht idirnáisiúnta seo – idir chúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta – sea is mó an baol go ndíbreofar na cinnlínte dearfacha de na meáin chumarsáide agus go n-imeoidh ionchais an Rialtais chun atofa in éineacht leo.

Tá cur chuige an Rialtais i leith atofa bunaithe ar an togra go ndeachaigh siad i mbun stiúradh eacnamaíochta a bhí bancbhriste ag Fianna Fáil, gur ghlac siad na cinní cuí agus go bhfuil téarnamh láidir eacnamaíochta ar siúl dá bharr sin.

Ach, má chuireann tubaist éigin choimhthíoch an téarnamh sin as alt sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma ciorróidh an corrlach ar bhua do Shinn Féin san olltoghchán, i gcomhghuaillíocht le scata neamhspleách.

Tá cúiseanna tábhachtacha eile gan fanacht go dtí 2016. Bheadh tionchar guagach polaitiúil ag baint le holltoghchán in Earrach na bliana 2016.

Bheadh géariomaíocht idir Sinn Féin agus Fianna Fáil ag tathaint ar vótóirí gurb iadsan amháin atá ina gcomharbaí cuí ar oidhreacht Éirí Amach na Cásca. Tá riosca ann go mbronnfaí bónas vótaí agus suíocháin bhreise ar Shinn Féin agus ar Fhianna Fáil agus go ndíbreofaí an comhrialtas as oifig, ainneoin an dul chun cinn ar fad a maíonn siad faoi.

Tá uaillmhian daingean ag Sinn Féin a chinntiú go mbeidh cumhacht feidhmiúcháin rialtais acu, thuaidh agus theas, 100 bliain tar éis an Éirí Amach. Aimsir olltoghcháin, déarfaidh siad agus geallfaidh siad cibé rud a thacaíonn leis an aidhm sin.

Níl radharc níos mó a chuirfeadh gliondar ar Shinn Féin ná Gerry Adams a fheiceáil mar Aire Rialtais ar an ardán léirbhreithnithe os comhair Phríomhoifig an Phoist um Cháisc 2016.

Mar sin, ó thaobh chruthú rialtais de, léireoidh Sinn Féin cibé solúbthacht is gá le margadh a dhéanamh agus an meangadh beag gáire sin a ghlanadh de ghnúis Enda Kenny.