Ollscoil Chorcaí le comóradh a dhéanamh ar Ó Ríordáin

Tá Coláiste Ollscoile Chorcaí ag reáchtáil sraith imeachtaí an mhí seo le saol agus saothar Sheáin Uí Ríordáin a chomóradh.

Is ar 3ú Nollaig, 100 bliain ó shin, a tháinig an file cáiliúil ar an tsaol. Chaith sé seal den tsaol sin i mbun léachtaí ar ollscoil Chorcaí sna 1960í agus sna 1970í.

Tiocfaidh daltaí de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh, i láthair Déardaoin chun aithris a dhéanamh ar dhánta an Ríordánaigh, agus le tamall ceoil agus litríochta a chaitheamh le fochéimithe na hollscoile.

Beidh léacht i mBéarla leis an scríobhaí cháiliúil, Timothy O’Neill, Ollamh Taca, Roinn na Nua-Ghaeilge, agus údar The Irish Hand, Dé Máirt 22ú Samhain.

READ MORE

Is é “Letter-forms and literature: wrestling with Scripture, Heaney and Ó Ríordáin” teideal na cainte sin. Tá cóip ghreanta ar phár de Fill Arís an Ríordánaigh á hullmhú faoi láthair ag O’Neill.

Agus nochtfar dealbh Shéamuis Uí Mhurchú de Sheán Ó Ríordáin i Roinn na Nua-Ghaeilge, Dé hAoine 25ú Samhain, i Roinn na Nua-Ghaeilge.

Is é Seán Ó Coileáin a thabarfas aitheasc na hócáide, scoláire a scríobh beathaisnéis liteartha ar Sheán Ó Ríordáin in 1982, saothar a thug seasamh buan don Ríordánach mar ealaíontóir.

Tá cáil ar ollscoil Chorcaí le fada as an obair mhór a rinne siad i ngort na litríochta. eolas:lynne.nolan@ucc.ie