Oireachtas na Samhna agus na scéalta

Ócáid mhór scéalaíochta í Oireachtas na Samhna


I gCill Airne a bheidh Oireachtas na Samhna ar siúl i mbliana, mar a raibh sé anuraidh. Agus is maith a oireann Cill Airne mar ionad don fhéile chéanna, ar mhórán slite.

Tá tagairt sa logainm féin 'Cill Airne' do na hairní, na torthaí a fhásann ar an draighneán donn, mar atá seanbhunaithe san amhrán grá, an Draighneán Donn: "is go bhfuil mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní ar an draighneán donn."

Ach taobh leis an ngrá, tá go leor den mí-ádh san amhrán céanna. Agus tá go leor den mí-ádh agus den donas luaite leis an draighneán sa bhéaloideas, an chailleach mar shampla a bhíonn cúramach go maith an tráth seo bliana agus féile na Samhna buailte linn. An draignean donn atá mar cheangal mar sin idir Cill Airne agus Samhain.

Idirthréimhse a bhí i bhféile na Samhna, ar ndóigh, suite idir deireadh na bliana agus tús na chéad bhliana eile, agus tairseach idir an domhan seo agus an domhan neamhshaolta.

READ MORE

Bhí sé de bhua ag an draoi anallód teangmháil a dhéanamh leis an saol malairteach osnádúrtha seo. Agus bhí an file léannta ábalta léargas a thabhairt i bhfoirm véarsaíochta.

Úsáidtear an scéalaíocht chomh maith céanna chun an lucht éisteachta a thógáil ar thuras go dtí domhan úrnua, domhan diamhair agus an taobh tuathail.

Is maith ann é an fomhar, na cnónna, na torthaí, agus ar aile ach bheidís leamh go leor gan na scéalta a ghabhann leo. Bíonn blas ar an mbeagán a deirtear, ach ar leibhéal níos bunúsaí fós, cá mbeimis gan an bhrí? In ísle brí gan amhras.

Brí agus déanamh brí san oideachas a bhí mar shaothar taighde ag an síceolaí Meiriceánach Jerome Bruner, mar atá léirithe sa leabhar iomráiteach dá chuid, Culture of Education.

An tsíceolaíocht chultúrtha a shaothraigh sé, brainse a fhiosraíonn an bhrí a bhaineann an duine as an saol, agus conas a ghlacann an duine na nósanna agus na patrúin iompair a mhaireann sa chultúr morthimpeall.

Bhí baint aige féin leis an iar-dheisceart, mar is go Cuan Dor, Co. Chorcaí, a thagadh sé go rialta ar saoire, ag seoltóireacht. Bhí níos mó ná 100 bliain slánaithe aige, agus é fós ag teagasc in Ollscoil Nua-Eabhrac go dtí anuraidh, tráth ar ardaigh sé a sheol don uair dheireanach.

Seoltóireacht agus scéal

Dhírigh sé ina thaighde agus ina theagasc ar an dá mhodh smaoinimh atá ag an duine chun brí a bhaint as an taithí saoil – modh amháin bunaithe ar loighic, eolaíocht agus réasún, agus an dara modh bunaithe ar chruthaitheacht agus ar shamhlaíocht.

Ba ghá, dar le Bruner aird níos mó a thabhairt ar an dara modh – san oideachas foirmeálta, ach san fhoghlaim neamhfhoirmeálta chomh maith taobh amuigh den scoil.

Cruthú scéalta go bunúsach atá ar siúl ag an duine sa teangmháil idir a aigne féin agus an cultúr atá mórthimpeall.

Tarlaíonn sé seo sa litríocht bhéil agus scríofa atá againn mar oidhreacht, sna scéalta, amhráin, dánta, drámaí mar shampla, ach tarlaíonn sé chomh maith sna teangmhálacha laethúla idir na daoine.

Ní scéalta iad seo sa ghnáthchiall, ach is smaoinimh scéalaíochta atá ar siúl ag an duine mar sin féin, ag cumadh agus ag athchumadh.

Baineann comhthéacs, carachtair, ceangail, agus críoch leis an smaoineamh seo, ar aon dul le sceál ar bith eile, agus is iad na ceisteanna céanna a chuirimid orainn féin de shíor: cé, cá, cad, conas, nó cén fáth.

Agus cad is brí?

Is í an obair scéalaíochta seo an fhoghlaim is saibhre dá bhfuil ann. Tagann bláthú ar aigne an duine dá réir, ar an tsamhlaíocht agus ar an chruthaitheacht – ina lón intinne agus anama.

Beathaíonn sé na tréithe daonna nach mbeidh fáil orthu riamh sa ríomhaire ná ag an róbat. Réasún agus loighic atá mar mhodh oibre acu siúd, ach ní leor é sin mar a d’áitigh Bruner.

B’shin a thug air díriú ar an dara modh smaoinimh.

Beidh an scéalaíocht go mór á shaothrú i gCill Airne an tseachtain seo – an scéalaíocht a chuirtear ar stáitse sa siamsaíocht agus sna comórtais, ach an scéalaíocht a tharlaíonn go neamhfhoirmeálta agus go teagmhasach sa chomhluadar chomh maith.

Airneán a bhí mar theideal ar leabhar a cuireadh amach roinnt blianta ó shin ina raibh seanchas ó chainteoirí Charna, Conamara le fáil ann, focal a chiallaíonn botháintíocht nó cuairt.

Is fíor go mbeidh Cill Airne ina hionad airneáin an tseachtain seo.

Castar na daoine ar a chéile, ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte. De shíor greamaithe in aon amháin atá na Cruacha Dubha agus Corrán Tuathail.

Ach don treibh a thaistealaíonn siar ó dheas, beidh buaicphointí eile i ndán.

Agus airde brí.