O’Rowland Stones

“Un petit coin d’Irlande” a bhí scríofa lastuas den doras – stráice beag d’Éirinn


Is cosúil go raibh an-drochmheas ag Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin ar cheol na hIodáile.

Bhí an saghas áirithe sin ceoil go mór sa bhfaisin in Éirinn sa 17ú haois agus ghoill sé seo ar an bhfear bocht.

Is dócha, mar sin, nár mhó ná sásta a bhí sé nuair a baisteadh an t-ainm Carolan's Concerto ar phíosa ceoil a chum sé.

Insíonn Kevin Burke, fidléir agus Ceoltóir na Bliana de réir TG4, an scéal seo ar bhealach i bhfad níos taitneamhaí ná na focail chlóite seo.

READ MORE

Bhíos i láthair ag ceolchoirm le déanaí nuair a sheinn sé an Concerto céanna i dteannta Liam Uí Mhaonlaí agus Tim Edey. Bhí an slua faoi gheasa acu.

Ba mhinic a sheinninn féin an píosa céanna ag seisiún i mBordeaux na Fraince.

Bhí an port áirithe sin in oiriúint go mór don chathair ghalánta úd agus d’oir sé do na ceoltóirí, arbh é an ceol clasaiceach a gcéad teagmháil go minic le seinnt uirlise.

Bhailímis isteach go tigh tábhairne O’Rowland ar shráid Pessac gach Aoine. “Un petit coin d’Irlande” a bhí scríofa lastuas den doras – stráice beag d’Éirinn.

Ní cuimhin liom mórán Éireannach a bheith thart an t-am sin. Bhí bean as an Nua-Shéalainn ann ar an ngiotár ag iarraidh buile a choimeád fad is a sheinn Francaigh (ar inniúlachta éagsúla) poirt Ghaelacha is corrcheann ón mBriotáin.

Ba mhinic níos mó ceoltóirí ann ná cuistiméirí. Ag cloí go dílis le nós na hÉireann, níor íoc lucht ceoil as a gcuid dí. B’in é an chéad nod i dtaobh fhlaithiúlacht an úinéara, Joe Rowland.

(Ba ghimic margaíochta é an ‘O’ breise in ainm an tí tábhairne.)

Chuireas an-aithne ar Joe an bhliain sin a chaitheas ag múineadh Béarla in iar-dheisceart na Fraince. Ba mhinic a chuir sé fáilte chroíúil romham ina theach féin i gcomhair soirée an Domhnaigh.

Is féidir leis an Domhnach a bheith an-uaigneach san Fhrainc: siopaí dúnta, sráideanna folmha.

Bhí Joe agus a pháirtí, James, tar éis scata aoibhinn a bhailiú timpeall orthu, ceoltóirí an phub, ceoltóirí ar camchuairt, comharsa mná agus a gadhar bídeach loite, gaolta as Éirinn a d’fhan tamall leis.

Chaitheadh sé go rímhaith le hainmhithe seachráin agus le daoine tréigthe araon. D’ithimis agus d’ólaimis rogha gach bídh agus togha an fhíona.

Dhéanadh James maonáis dá chuid féin arbh mhór idir é agus an stuif i bpróca Helmann’s.

(Déanta na fírinne, níor rith sé liom go dtí sin go bhféadfaí maonáis a dhéanamh sa bhaile – bhíos aineolach go maith ar chúrsaí an tsaoil!)

Thaitin ceol agus ceoltóirí go mór le Joe is bhí nóisin aige go ndéanfadh sé amhránaí de féin. D’admhódh sé féin nárbh aon amhránaí nádúrtha é ach bhain sé an oiread sásaimh as.

Anuas air sin, ba leis an áit! Bhí teacht i láthair iontach aige, cén díobháil má chaill sé an fonn anois is arís?

Bhí muintir na Nua-Shéalainne sa phub an-mhaith chun amhránaíochta. Amhrán Maori a bhí ag an máthair agus beirt iníon dar teideal Pokarekare Ana – an fonn céanna leis agus atá leis an iomann A Mhuire Mháthair againn féin. B'fhearr leis na Francaigh bheith ag seinm ceoil; bhíodar fiáin chuige.

Ar feadh na bliana sin i mBordeaux, bhíos-sa ina measc, mar bhall oinigh de na O’Rowland Stones. Cuimhním uaireanta ar a uaigní is a bhíonn saol an scríbhneora i gcomparáid leis an gcuideachta a bhíonn ag ceoltóirí agus iad ag seinnt le chéile.

Is cinnte go raibh an teagmháil sin le ceoltóirí Bordeaux an-tábhachtach dom féin agus mé ag iarraidh socrú isteach i gcathair nua. Ba é Joe a bhí i lár an aonaigh agus ba é a bhí ríchneasta liom.

Ní féidir fear gnó a dhéanamh as fear mórchroíoch agus is ríléir gur fear mórchroíoch flaithiúil a bhí in Joe. B’éigean doirse an tí tábhairne a dhúnadh sa bhliain 2013, faraor.

Tharla go raibh gás á sceitheadh agus go mbeadh costas ollmhór i gceist lena dheisiú. Thug Joe aghaidh ar obair eile agus scaip na ceoltóirí. Ba mhór an stangadh a baineadh as a ghaolta agus a chuid cairde nuair a cailleadh Joe róluatha an samhradh seo caite.

An oíche chéanna ar sheinn Kevin Burke agus Tim Edey Carolan's Concerto, dúirt Liam Ó Maonlaí cúpla amhrán. Ina measc, bhí Ag Críost an Síol.

In Triskel i gCorcaigh a bhíomar, ionad ealaíne a bhíodh ina shéipéal tráth den saol. Ina leagan sainiúil féin, tá an t-amhrán sollúnta, corraitheach, aoibhinn.

D’iarr sé ar an lucht éisteachta canadh amach in éineacht leis agus bhí sé níos deise fós.

I líonta Dé go gcastar sinn, a Joe.