Ná bí ag tromaíocht ar rudaí rua

Tá fear rua de shliocht na hAlban sa Teach Bhán ach níl muid sásta


Tá go maith. Tá Dónall Trumpa sa Teach Bhán. An dtiocfadh linn éirí as na hionsaithe ar an Fhear Rua is clúití ar domhan anois?

Goilleann sé go mór ar an rud rua seo d’Eagarthóir Gaeilge an cáineadh leanúnach a dhéantar ar fhear rua de shliocht Leòdhas. Is rud rua é sin; is rud rua mise. (Bhuel, oráiste a bhíonn seisean go minic, le bheith macánta.)

Seasann rudaí rua le chéile nó is iomaí focal cáinteach leatromach a chantar faoi chloigne rua ar an tsaol seo.

Ní hionann agus a rá go bhfuil muid ar aon fhocal faoi gach aon rud. Cinnte, tá rudaí gránna ráite aige ach cé muidinne le bheith ag tromaíocht ar pholaiteoirí Mheiriceá?

READ MORE

Nach bhfuil polaiteoirí dár gcuid féin againn nach mbeadh fonn ort pionta a ól ina gcuideachta, polaiteoirí a bíos drochmhúinte, bréagach, seicteach, mí-ionraice, fealltach?

Ach cuirtear deireadh leis na scéalta bréige nuachta sin ar líne go bhfuil gaol ar bith idir mise agus Dónall de bharr imir ár gcuid gruaige. An ghruaig atá ar bharr mo chinn, is liomsa í.

Gach ribe di.

Tá mo chuid gruaige céad faoin gcéad nádúrtha.

Is fíor go bhfuil imir bheag den liath tríthi faoin am seo ach cé a thógfadh sin orm?

Is ualach an-trom é a bheith i mbun chúrsaí Gaeilge sa nuachtán seo. Cá hiontas go mbeadh praghas le híoc ag mo chuid gruaige as sin?

Níl bunús ar bith ach an oiread leis na ráflaí sin go bhfuil an FSB ag déanamh dúbháil ormsa mar gur cheap siad gurbh ionann an rud rua Éireannach seo agus an rud rua eile thall i Meiriceá.

Ní raibh mé riamh i Moscó agus níl de bhaint agam leis an Rúis ach go bhfuil cúpla cnuasach gearrscéalta le Chekhov ar an tseilf– an scríbhneoir, chan fear Star Trek, atá mé á mhaíomh.

(Agus ní mise atá le feiceáil san fhíseán sin in óstán le linn Oireachtas na Gaeilge agus fear rua ag damhsa lom nocht ar na táblaí. Creidim go bhfuil Nuacht TG4 i mbun clár faisnéise a léireoidh nach mise atá ann.)

Is fíor go raibh mé i nGulag Cholm Cille lá den tsaol agus mé ag léamh dánta do na cimí ansin.

Ní hionann sin agus a rá go raibh mé ag feidhmiú thar ceann an FSB agus mé ag bailiú eolais faoi imeachtaí teanga in áiteanna iargúlta.

Níor shéan mé cearta daonna cimí an chúrsa ach an oiread le mo chuid drochfhilíochta. Creid mise – is orthu a bhí an gliondar as rang deas gramadaí i ndiaidh dom iad a chéasadh le dánta faoi Thrioblóidí an Tuaiscirt.

Leoga, déarfainn go gcuirfeadh siad fáilte roimh an KGB féin i ndiaidh an bhatráil filíochta a fuair siad uaimse.

Níl fíor ar chor ar bith ach an oiread go bhfuil an colún seo faoi stiúir Vladimir Putin nó go bhfuil sé i mbun pholasaí eachtrannach an cholúin seo. Is fíor nach bhfuil aon olc ag an cholún seo do Putin.

Tá an colún seo ag fanacht le go ndéanfaidh sé ráiteas faoin Ghaeltacht sula ndéanfar cinneadh ar bith faoi cé acu a thacaíonn muid leis nó nach dtacaíonn.

Polasaí an-simplí atá agam.

Má cháineann Putin an Ghaeltacht, beidh muid ina choinne. Má mholann sé í, beidh muid leis.

Thairis sin, ní bheidh an colún seo ag plé leis ar dhóigh nó ar dhóigh eile.

Stoptar Stormont

Paidir bheag a bhíodh ar bheola náisiúntóirí Gaelacha an Tuaiscirt lá den tsaol: “A Dhia, déan Gaeltacht d’Éirinn gan roinnt arís.”

Is beag aird a thug údaráis Bhaile Átha Cliath nó lucht Stormont sna seanlaethanta ar a mian riamh.

Ní raibh cosúlacht ar bith ann go mbeadh glacadh leis an teanga faoi sheanréimeas Stormont nó go raibh duine ar bith i mBaile Átha Cliath róbhuartha faoi chás náisiúntóirí ó cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm sna 1920í suas go dtí na 1960í agus Gluaiseacht na gCeart Sibhialta.

Faoi lucht na Gaeilge féin a bhí sé an dé a choinneáil sa teanga trína gcuid oibre féin le hirisí, coláistí samhraidh, ranganna oíche, le hobair dheonach agus trasphobail agus le bunú Gaelscoileanna.

Go fóill féin, bhraithfeá nach raibh aird mhacánta ag mórán polaiteoirí ar an teanga.

Faraor, is minic agus is rómhinic a mhothaigh roinnt polaiteoirí go dtiocfadh leo bheith ag spochadh as an teanga nó neamhiontas a dhéanamh di.

Ach amharc an chumhacht atá ag teanga na nGael. Bhain an DUP deontas £50,000 de lucht na Gaeilge sa scéim Líofa roimh Lá Nollag.

Ghoill an cinneadh tútach sin an oiread sin ar lucht na Gaeilge go raibh ar Shinn Féin féin aird a thabhairt ar na gearáin Ghaelacha. An Ghaeilge líofa a chuir deireadh le Stormont lofa.

Is fíor, is cosúil, gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste!

Curry my yoghurt agus fáilte.