Neart fuaime; beagán céille


Bhí díomá ar chuid mhór againn arbh í an Ghaeilge mian ár gcroí í le seachtainí beaga anuas nuair a chualamar an nuacht nach mairfeadh an Ghaeilge mar theanga bheo phobail sna ceantair Ghaeltachta ach deich mbliana eile.

Ní hamháin go raibh díomá orainn ach bhí ionadh orainn, go háirithe mo ghlúin féin, muidne nach raibh de dheis againn cur fúinn sa Ghaeltacht ná freastal ar ghaelscoil riamh ach go háirithe, a thapa is a tharla na hathruithe céanna le blianta beaga anuas.

Nuair a athraíonn nithe sa lá atá inniu ann, is minic gur ar luas mire a tharlaíonn na hathruithe céanna, is léir, i bhfad níos tapúla ná mar a raibh dúil againn leo.

Inár gcroí istigh, bhí cuid mhór againn ag súil go bhféadfadh na ceantair Ghaeltachta a bhí fágtha an fhód a sheasamh go cionn tamaill eile, nó go gcabhródh leithéidí TG4 agus na nuatheicneolaíochta linn taoide an Bhéarla a chasadh agus ár dteanga a shealbhú don ghlúin atá romhainn.

READ MORE

Is é fírinne an scéil é ná gur thosaigh meath na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta i bhfad ó shin de thairbhe na himirce, na bochtaineachta, na dífhostaíochta agus an choimpléasc íslithe iar-chóilíneach.

Ach ní hí an Ghaeilge amháin atá ar leac an bháis. Tá básanna eile ag tarlú in aghaidh an lae agus ar bhonn domhanda.

Deir mórán daoine, go háirithe iad siúd atá ag obair i réimse an oideachais, go bhfuil nósanna fadbhunaithe dála na léitheoireachta agus na litearthachta faoi bhrú . Teist mhór air sin is ea go bhfuil réimse na foilsitheoireachta ag cúngú.

Maíonn daoine áirithe nach í an nuatheicneolaíocht is cúis le meath na litearthachta ach go bhfuil nósanna faisnéise agus léitheoireachta ag athrú. Maíonn daoine eile, go háirithe iad siúd atá ag obair sna coláistí dara leibhéal agus tríú leibhéal a mhalairt áfach.

Deir na saineolaithe go bhfuil meath suntasach ag teacht ar chumas léitheoireachta na n-óg agus níos práinní fós seans, nach spéis le cuid mhór daoine an léitheoireacht a thuilleadh mar chaitheamh aimsire.

Is follas go bhfuil baint aige seo go léir le teacht in inmhe ré seo na ngiotán cainte (soundbite).

Is léir go bhfuil cultúr an ghiotán cainte tar éis seilbh a ghlacadh ar ghnéithe tábhachtacha dár gcultúr. Más aon chruthúnas é an titim thubaisteach ar dhíolachán leabhar agus nuachtán é, tá an chuma ar an scéal gur beag léitheoireacht a dhéanaimid anois.

Ár bhformhór againn, d’fhéadfá a mhaíomh gur léitheoirí “feidhmiúla” muid, na léitheoirí a scagann na meáin ar son pé eolas atá riachtanach dúinn ó thaobh cúrsaí sóisialta de nó ó thaobh slí bheatha nó poist de.

Déarfadh go leor againn nach bhfuil i bpolaiteoirí an lae inniu, ar an mórcóir, ach lucht margaíochta, fir agus mná a dhéanann giotán cainte a dháileadh orainn dála an dreama úd a chinntigh go raibh an chosmhuintir leo lá an toghcháin fadó trí mhála coirce a thabhairt do gach teaghlach sa pharóiste.

Seo fíorú na haislinge caipitlí ar bhealach, an "three-second sell" a thuar an scríbhneoir clúiteach George Orwell sa saothar fáidhiúil leis, 1984. An ní is scanrúla faoi seo ná go bhfuil an modh bolscaireachta seo in úsáid fiú ar dhá thaobh na scoilte polaitíochta, deas agus clé araon, agus acu siúd a mhaíonn gur intleachtaithe iad a bhfuil leas na sochaí agus leas an chultúir mar dhualgas orthu.

Pé dream a thugann an giotán cainte is deise nó a bhfuil an íomhá is deise agus is sofaisticiúla acu, caithfidh gurb iad siúd is ciallmhaire agus is tábhachtaí ar fad.

Is cultúr é cultúr na ngiotán cainte ar beag téagar atá ann agus a chailleann a bhláth go rí-thapa.

Dá mbeimis macánta faoi, is mar seo a eagraítear formhór ár ndíospóireachtaí polaitiúla is sóisialta na laethanta seo.

An féidir na seónna teilifíse a phléann ceisteanna tromchúiseacha a áireamh mar dhíospóireachtaí cearta le fírinne?

Tugtar fíorbheagán ama, nóiméad amháin ar a mhéid, go minic, do gach cainteoir chun an phits a dhíol linn.

Ina dhiaidh sin a thosaíonn an bhéicíl agus an trasnaíl, daoine ag bodhrú a chéile agus gach iarracht á déanamh acu chun a gcéilí comhraic a chur ina dtost.

Seans go raibh an t-aonach fadó i bhfad Éireann níos sibhialta agus níos trédhearcaí ar go leor bealaí ná an cur chuige áiféiseach seo.