Na buachaillí ramhra i mbun na milseán

Bheimis níos measa as agus lucht gnó i mbun an Stáit


Níor cheart an buachaillín ramhar a chur i mbun phróca na milseán.

Ní heol dom cé adúirt go raibh córas aicmeach ag na Poncánaigh a bhí bunaithe ar airgead amháin; córas aicmeach ag na Sasanaigh a bhí bunaithe ar theidil agus ar shinsearacht talún; agus go raibh córas aicmeach in Éirinn ach nárbh fhios do dhuine ar bith cad a bhí ann.

Tá a chóras aicmeach féin ag gach pobal ó d’fhágamar an phluais, is í an t-aon mhórcheist atá ann ná cén goraille inár measc a mbeidh na hailt is láidre aige.

Pátrún coiteann a bhíodh ann rí a bheith i gceannas, is é sin mucarlach mór láidir ar mharaigh a shinsir níos mó de mhiondaoine ná aon duine eile. Go deimhin, tá ríthe agus banríona i gceannas ar thíortha primitíveacha fós, tíortha nár tháinig beannachtaí réabhlóid na Fraince faoina ndéin.

READ MORE

Ní haon chosaint iomlán é an daonlathas in aghaidh an duine láidir a bhainfidh míleas as an gcumhacht a bhronntar air, ach ar a laghad is féidir linn iad a dhíbirt. Nuair a dhíbrítear iad, áfach, is beag duine, uachtarán nó príomhaire nó taoiseach nó seansailéar nó ceannasaí a fhágann le pócaí folmha. Ní hé go ngabhann oiread sin isteach sa pholaitíocht an chéad lá riamh d’fhonn a gcuntas bainc a mhéadú ná a mbolg a shéideadh, ach ar chúis éigin, tarlaíonn sé fan na slí.

A mhalairt atá ar siúl le tamall chomh maith: an té atá saibhir cheana ag dul le polaitíocht ar son a chuid seodra a chosaint, nó neachtar acu, go díreach ar son cleite eile a chur sa chaipín. Solaoid air sin Petro Poroshenko, an ruipleachán a toghadh mar uachtarán ar an Úcráin le déanaí. Ní hamháin gur billiúnaí seacláide é, ach tá monarchana busanna, carranna faoina lámh, gan trácht ar chlós loinge, agus cár chualamar an ceann seo cheana, cainéal teilifíse?

Is ea, chualamar faoi i gcás Silvio Berlusconi, leaid a bhí ina phríomhaire ar an Iodáil níos faide ná aon duine eile ón gcogadh mór Faisisteach, agus duine de na daoine is saibhre ar domhan.

In ainneoin gur gearradh téarma príosúin air le déanaí ní móide go mbeidh sé choíche beo ar phrátaí ar maidin is prátaí um nóin is dá d-éireodh san oíche ní móide gur prátaí a gheobhadh. Ná go fiú pasta ina chás siúd.

Bíodh nach sacfar sa charcair é agus go mbeidh air seirbhís phobail de shaghas éigin a dhéanamh ní cosúil go mbeidh air gruth agus meadhg a bhlaiseadh mar chéad phroinn an lae ná tornap agus cáis lofa a shlogadh am lóin ná luí ar leaba chnaiste is soip tuí faoina shliasaid nuair a thiocfaidh déanaí na hoíche.

An té atá thuas, óltar deoch air, agus an té atá thuas, óltar deoch air.

Ina choinne sin thall, is eiseamláir é den chineál duine nár cheart a ardú sa pholaitíocht; ní toisc gur coirpeach is ea é, ach go díreach gur duine saibhir é.

Ní thuigeann an sách an seang, ní thuigeann an speilp an cheilp, ní thuigeann an tsócmhainn an dócmhainn.

Agus ar eagla nach raibh a fhios againn, níor dhein aon bhilliúnaí a chuid billiún é féin ina ua is ina aonar le hallas a ghrua féinig féineach.

Nach é a scríobh Bertolt Brecht:

“Cé a thóg Téib na seacht ngeataí?

Sna leabhair léifidh tú ainmneacha ríthe.

Ar tharraing na ríthe na baodhga móra carraige lena lámha féin?”

Ina choinne sin, agus faraoir, caithfidh duine éigin na ceisteanna gránna a chur; ceisteanna gránna a thagann aníos maidir le cad is fiú duine a mheas maidir leis an obair a chuireann sé ar fáil, nuair gurb í an obair a dhéanann daoine eile a shaothraíonn na cairníní stáin dó.

“Tá an Róimh mhór féin breac le stuanna concais.

Cé a thóg iad?”

Is chuige atáim an amaidí a chloistear timpeall ar lucht gnó a chur isteach sa rialtas ar son réiteach ár gcás. Tá cloister go mion is go minic againn:

“Dá gcuirfí Lán Ó Lámh i gceannas na tíre bheimis ar muin na muice!” “Dá mbeadh Sócúl Ó Somhaoin ina thaoiseach bheimis ar fad saibhir.”

Dá rithfí an Stát mar a ritear gnó bheadh umar na haimiléise fliuch le deora agus straois ar bhaincéirí níos mó ná mar atá.

Is é gnó an ghnó a bheith santach; is é gnó na polaitíochta iarracht bheag éigin chomh fada agus is féidir nuair nach bhfuil an dara rogha agat a bheith ar a laghad i leith na cothromaíochta.

Tréas i gcoinne an phobail choitinn a bheadh ann aon fhear nó aon bhean ghnó a chur in airde sa pholaitíocht mar nach dtuigfeadh siad faic.

Níor cheart aon bhuachaill ramhar a chur i mbun phróca na milseán.