Ní inniu ná inné....

80 bliain ó shin a thosaigh an raic faoi Ghaeilge ‘éigeantach’


Tá stádas éigeantach na Gaeilge sa chóras oideachais ina chnámh spairne le dornán blianta anuas ach cothrom an ama seo breis is ceithre scór bliain ó shin a mheastar a deineadh an chéad ionsaí fíochmhar ar an pholasaí.

Ba é James Dillon a bhí ina Theachta neamspleách d’Iarthar Dhún na nGall ag an am ach a bheadh ina cheannaire ar Fhine Gael idir na blianta 1959-65, a rinne an cáineadh i ndíospóireacht faoi chur chun cinn na teanga sa Dáil ar 28ú Deireadh Fómhair, 1932.

Dúirt sé gur ualach breise ar ghasúir scoile a ba foghlaim na Gaeilge agus go raibh sé ag cur a sláinte i mbaol: “If to abnormal strain is added the fact that the children are being addressed continually and exclusively in a language which they do not understand, I consider that great damage will be done to the children’s constitutions.”

Rinne sé tuar duairc faoin éifeacht a bheadh ag an Ghaeilge éigeantach ar an phobal i gcoitinne: “I venture to suggest to the Minister that if that policy be pursued throughout those parts of this country where the language is not spoken, the net result of it will be that the Irish language... will come to stink in the nostrils of the people.”

READ MORE

Bhí athréimiú na teanga mar bhunchloch i bhfís agus i bpolasaithe bhunaitheoirí an Stáit agus ba chainteoirí líofa Gaeilge go leor de na Teachtaí i mblianta tosaigh Dháil Éireann. Meastar gurb é ionsaí an Diolúnaigh an chéad dúshlán ceart a tugadh don pholasaí athbheochan na teanga a bhaint amach tríd an chóras oideachais.

Roimhe sin bhí dearcadh na bpáirtithe polaitiúla i leith chur chun cinn na teanga ag teacht lena chéile a bheag nó a mhór.

Ar ndóigh bhí ceist an éigeantais i gcroílár fheachtas olltoghcháin na bliana 1969 (de bharr brú ón Ghluaiseacht Saoirse Teanga nó LFM) agus san olltoghchán deireanach (2011) tráth ar mhol Enda Kenny gur ábhar roghnach a bheadh sa Ghaeilge i ndiaidh an Teastais Shóisirigh.

Díol spéise go raibh go leor de na gearáin chéanna a luadh sa dá fheachtas sin ag déanamh buartha don Teachta Dillon i 1932.

Mheas sé nach raibh líofacht cainte ag go leor de na múinteoirí agus go rabhthas ag déanamh iarrachta ábhair a mhúineadh i dteanga nár thuig na leanaí. Bhí caighdeán na léitheoireachta, na scríbhneoireachta agus na huimhríochta ligthe chun siobarnaí dá thairbhe, a dúirt sé.

Bhí caighdeán peannaireachta na bpáistí imithe i léig fosta de bharr nach raibh oiread ama curtha ar leataobh dó is a bhí roimh bhunú an Stáit.

Bhí an bhéim uilig anois ar theagasc na Gaeilge agus ní raibh caighdeán litrithe na leanaí thar moladh beirte ach an oiread.

Mhol sé d’Aire Oideachais an ama, Tomás Ó Deirg, dul chun cainte le tuismitheoirí agus le fostaitheoirí fud fad na tíre chun blaiseadh a fháil ar an dearcadh a bhí acu i leith ísliú chaighdeán sna trí R: “It is a very grave handicap to young persons going out into life when employers find they cannot tot figures and cannot read a simple piece which they would be prepared to stand over.”

Bhí go leor de phobal na tíre binibeach faoin Ghaeilge, dar leis, siocair nach raibh siad ag fáil oideachas ceart a sheasfadh leofa agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol mór: “If he (an tAire Oideachais) gets it into his head that he can dragoon this country into the learning of the Irish language...before public opinion is ready for it, he will kill the Irish language absolutely, finally, and irrevocably in the course of the next few years.”

Mheas an Teachta Dillon nach raibh aon locht ar mhúinteoirí ach go raibh an Ghaeilge oifigiúil a bhí á chleachtadh sna scoileanna níos cosúla leis an Pheirsis ná le teanga labhartha na Gaeltachta.

Ní raibh na leanaí ábalta cumarsáid a dhéanamh lena gcuid seantuismitheoirí siocair nár thuig siadsan “Gaeilge na leabhar”.

Ba cheart mar sin gur Gaeilge cheart a mhúinfí sa chóras oideachais.

Cé gur admhaigh Aire Poist agus Teileagrafa an ama, Earnán de Blaghd, go raibh sé doiligh an Ghaeilge a mhúineadh mheas sé nach raibh aon fhadhb ann ó thaobh chumas cainte na múinteoirí.

Seans, áfach, go raibh bunús éigin leis an mhéid a bhí le rá ag Dillon.

Ní raibh aon eolas ar an Ghaeilge ag 65 faoin gcéad de bhunmhúinteoirí an Stáit i 1922 agus mheas an rialtas go bhféadfaí iad a “Ghaelú” taobh istigh d’achar gairid. Tuigeann muid anois gur dócha gur sprioc ró-uaillmhianach a bhí ansin.

Bhí moladh amháin fíor-radacach ag an Diolúnach, áfach. D’impigh sé ar an Aire Oideachais scéim a chur i bhfeidhm ina ndéanfaí measúnú ar achan uile pháiste de bhunadh na Gaeltachta ar fhágáil na bunscoile dóibh, le féachaint an mbeidís fóirsteanach le bheith ina múinteoirí.

Bhí sé ag iarraidh go mbeadh 20 faoin gcéad de pháistí scoile na Gaeltachta earcaithe mar bhunmhúinteoirí gach bliain. Chiallódh a leithéid de bheartas, dar leis, go mbeadh buíon múinteoirí ann a bheadh in inmhe an teanga a theagasc mar is ceart, seachas iad siúd a rinne cúrsa trí sheachtaine sa Spidéal! Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/ TG4 é Breandán Delap.